Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Corn an Domhain i Rugbaí na mBan 2025 Beo ar TG4

21.08.25

Tá áthas ar TG4 a fhógairt go gcraolfar sé chluiche beo ó Chorn an Domhain i Rugbaí na mBan 2025. Is é seo an chéad uair a thaispeánfaidh TG4 cluichí beo ó Chorn Domhanda Rugbaí agus is céim thábhachtach chun tosaigh don chainéal an socrú seo.
 
Neve Jones na hÉireann le linn cluiche ullmhúcháin do Chorn Domhanda Rugbaí na mBan idir Éire agus Ceanada ag Staid Affidea i mBéal Feirste. Ramsey Cardy - Sportsfile

Is i Sasana ón 22 Lúnasa go dtí an 27 Meán Fómhair 2025 a bheidh an comórtas ar siúl, comórtas a reáchtáiltear gach ceithre bliana, agus den chéad uair riamh beidh 16 fhoireann páirteach ann – ceithre cinn sa bhreis ar an líon foirne a bhí páirteach sa chomórtas i 2022.
 

Dé Sathairn an 23 Lúnasa a thosóidh an clúdach ar TG4 nuair a thabharfaidh an Astráil aghaidh ar Shamó beo ó Staid Phobail Shalford, Manchain. Craolfar cúig chluiche grúpa agus cluiche leathcheannais amháin ar TG4.
 

Sceideal Chlúdach Beo TG4:

  • Dé Sathairn an 23 Lúnasa – Grúpa A – An Astráil v Samó – Ag tosú 12:00 – Beo ó Staid Phobail Shalford, Manchain
  • Dé Sathairn an 30 Lúnasa – Grúpa B – Ceanada v An Bhreatain Bheag – Ag tosú 12:00 – Beo ó Staid Phobail Shalford, Manchain
  • Dé Sathairn an 30 Lúnasa – Grúpa B – Albain v Fidsí – Ag tosú 14:45 – Beo ó Staid Phobail Shalford, Manchain
  • Dé Sathairn an 6 Meán Fómhair – Grúpa B – Ceanada v Albain – Ag tosú 12:00 – Beo ó Sandy Park, Exeatar
  • Dé Sathairn an 6 Meán Fómhair – Grúpa B – An Bhreatain Bheag v Fidsí – Ag tosú 14:45 – Beo ó Sandy Park, Exeatar
  • Dé Sathairn an 20 Meán FómhairCluiche Leathcheannais 2 – Ag tosú 15:30 – Beo ó Staid Ashton Gate, Bríostó

 

Craolfar na cluichí thuas beo ar TG4, ar Sheinnteoir TG4 agus ar Aip TG4, ar oileán na hÉireann.

 

Is i gcomhpháirt le RTÉ, a chraolfar cluichí na hÉireann ó Ghrúpa A, chomh maith le cluiche leathcheannais amháin agus an cluiche ceannais beo ó Staid Allianz, Londain, Dé Sathairn, an 27 Meán Fómhair.

 

Tá Éire, atá rangaithe ar an gcúigiú foireann is fearr ar domhan faoi láthair, ag súil déanamh níos fearr sa gcomórtas seo ná mar a rinne cheana riamh i gCorn an Domhain – nuair a bhain siad an ceathrú háit amach in 2014.

 

Beidh an lucht féachana in ann Spórt TG4 a leanúint ar na meáin shóisialta chun teacht ar bhuaicphointí agus ar ábhar eisiach ón gcomórtas. Fógróidh RTÉ sonraí maidir leis an gclúdach Déardaoin an 21 Lúnasa. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi chlúdach RTÉ, téigh chuig RTÉ.ie.

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: