Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Corn na hEorpa 3x3 FIBA le craoladh beo ar Seinnteoir & Aip TG4

04.09.25

 
Taispeánfaidh TG4 cispheil idirnáisiúnta 3×3 den chéad uair riamh an deireadh seachtaine seo nuair a chuirfidh an cainéal clúdach beo ar fáil de Chorn na hEorpa 3×3 FIBA 2025. Beidh an comórtas ar siúl ón 5–7 Meán Fómhair san Ofelia Plads i gCóbanhávan. Céim mhór chun cinn é seo do chispheil na hÉireann mar gurb é seo an chéad uair riamh a bhfuil Craobh na hEorpa bainte amach ag foireann 3×3 na hÉireann.
 

Beidh clúdach beo ar fáil ar Seinnteoir agus Aip TG4, ag tosú le cluichí na hÉireann i nGrúpa C Dé hAoine an 5 Meán Fómhair in aghaidh na Laitvia (10:30am) agus na hÍsiltíre (3:45pm). Craolfar chomh maith cluichí Ceathrú Ceannais, Leathcheannais agus Ceannais na bhFear Dé Domhnaigh an 7 Meán Fómhair, agus foireann na hÉireann ag súil lena turas stairiúil a chur i gcrích.
 

Is é seo an 10ú heagrán de Chorn na hEorpa 3×3 FIBA ina bhféachfaidh 12 fhoireann fear agus 12 fhoireann ban le craobh na mór-roinne a thabhairt leo. Cháiligh foireann fhir na hÉireann nuair a fuair siad an bua 21–19 ar an gCipir i gCluiche Cáilithe sa Chosaiv i mí an Mheithimh. Beidh siad anois ag tabhairt aghaidh ar chéilí comhraic den scoth, an Laitvia agus an Ísiltír ar foirne iad a bhfuil boinn buaite acu ag na Cluichí Oilimpeacha.
 

Mhínigh bainisteoir na hÉireann, Darren McGovern, cad is féidir leis na lucht féachana a bheith ag súil leis ón bhformáid 3×3:
“Cluiche an-dhifriúil go deo é seo. Ráib atá ann seachas an maratón 40 nóiméad a bhíonn i gceist leis an gcluiche 5v5. Beidh an luas an-tapa, beidh na haistrithe gasta agus beidh an saorchaitheamh cruinn. Is í an chosaint bun agus barr an chluiche seo. Feicfidh sibh go leor scóranna dhá phointe – ar scóranna trí phointe iad sa 5v5 – plainc agus cosaint dhíograiseach. Bíonn na nóiméid dheireanacha lán fuinnimh: bíonn na himreoirí ag éirí tuirseach, bíonn níos mó pionós á ngearradh, agus uaireanta bíonn sé ina chíor thuathail. Is iontach an radharc é don lucht féachana. Nuair a bhíonn an cluiche teann agus nuair a shroicheann foireann na 21 phointe, bíonn tú ar bís. Beidh duine ar bith a bheidh ag féachaint air seo den chéad uair ag iarraidh tuilleadh de, níl aon dabht faoi sin!”
 

Luaigh McGovern chomh maith go bhfuil sé de chumas ag an bhfoireann seo déanamh gomaith sa gcomórtas:
“Leis an bhformáid seo, bíonn athruithe ag tarlú go minic. Tá luach an scór dhá phointe dúbailte, mar sin má scórálann tú péire nó trí cinn acu sin go luath sa chluiche, tugann sé buntáiste duit. Ach is féidir le foirne teacht ar ais go tapa. Sin cuid de na cúiseanna gur cluiche den scoth é seo – an rás, foireann a bheith taobh thiar agus ansin iad a bheith chun cinn arís. Tugann na cluichí gearra seans do thíortha íseal-rangaithe stangadh a bhaint as na náisiúin mhóra. Tá an plean atá againn simplí: a bheith cruinn san ionsaí agus foirne eile a mhoilliú sa chosaint.”
 

Dúirt John Carroll, duine d’imreoirí is tábhachtaí na hÉireann, go seasann suíomh agus úrnuacht an 3×3 amach:
“Sin cuid mhór de. Bíonn sé ar siúl taobh amuigh in ionaid chúláilte a bhíonn beo le lucht tacaíochta ar feadh trí lá. Tá áit bainte amach ag an spórt seo anois dó féin agus sin a mheall mise chuige freisin. Deich nóiméad agus tá sé thart.”

Tá sé de chumas ag foireann na hÉireann dul san iomaíocht ar an leibhéal is airde, a dúirt Carrol freisin:
“Tá 3×3 ag fás agus ag forbairt cinnte, agus ceapaim go bhféadfadh foireann na hÉireann déanamh go maith ann má chuireann muid an t-am agus an iarracht isteach. Tá imreoirí againn a oireann go mór don chluiche, mar sin d’fhéadfaidís déanamh thar barr ar fad sa gcluiche seo, agus sin a dhéanamh go tapa le hais an chluiche 5v5. Tógaimis an EuroBasket mar shampla, tá daoine ar nós Nikola Jokić, an t-imreoir is fearr ar domhan, ag imirt ann – nílimidne ag an leibhéal sin fós. Ach tá seans an-mhaith againn sa 3×3.”
 

Is í foireann na hOstaire seaimpíní reatha chraobh na bhfear. Cé go bhfuil Éire ar cheann de na foirne is ísle rangaithe sa chomórtas, tugann luas agus formáid ghearr an 3×3 seans maith dóibh bua gan choinne a fháil ar na foirne is fearr san Eoraip.
 

Lean Spórt TG4 agus Cispheil Éireann ar na meáin shóisialta chun tuilleadh eolais agus nuachta a fháil faoin gcomórtas 3×3.
 

Sceideal TG4 – Corn na hEorpa 3×3 FIBA
(Gach cluiche beo ar Seinnteoir agus Aip TG4)
 
Dé hAoine, 5 Meán Fómhair – Grúpa C

10:30 – An Laitvia v Ireland
15:45 – An Ísiltír v Ireland
 

Dé Domhnaigh, 7 Meán Fómhair

09:50 – Cluiche Ceathrú Ceannais 1
10:15 – Cluiche Ceathrú Ceannais 2
12:25 – Cluiche Ceathrú Ceannais 3
12:50 – Cluiche Ceathrú Ceannais 4
15:00 – Cluiche Leathcheannais 1
15:25 – Cluiche Leathcheannais 2
18:25 – Cluiche Ceannais
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: