Preas
Cuairt tugtha ag an Aire Patrick O’Donovan ar cheannáras TG4 i nGaeltacht Chonamara
09.07.25
![]() |
![]() |
![]() |
Bhí an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, i gConamara tráthnóna inniu agus thug sé cuairt ar cheannáras TG4, áit ar chuir Cathaoirleach Bhord TG4 Anna Ní Ghallachair agus Ard-Stiúrthóir nuacheaptha an stáisiúin, Deirdre Ní Choistín, fáilte chroíúil roimhe. Is ócáid mhór í an chuairt do TG4 agus an stáisiún, atá faoi cheannaireacht nua, ag iarraidh leanúint lena fhís straitéiseach do chláir Ghaeilge agus chultúir a fhorbairt.
Tugadh an t-eolas is déanaí don Aire O’Donovan le linn a chuairte ar ghníomhaíochtaí TG4, ar éachtaí a baineadh le déanaí, agus ar thionscadail reatha atá dírithe ar an nGaeilge a neartú trí chláir ardchaighdeáin ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha a chur ar fáil. Bhuail sé le foireann TG4 agus phléigh sé an tacaíocht a chuireann an stáisiún ar fáil don léiriú sa Ghaeltacht agus sna réigiúin, don nuálaíocht sna meáin seirbhíse poiblí, agus an tionchar leanúnach atá aige ar thírdhreach na meán anseo in Éirinn agus ar fud an domhain.
Chuir Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord TG4, fáilte roimh chuairt an Aire agus dúirt, “Tá ról suntasach agus ar leith ag TG4 le fada an lá i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge, an chultúir agus na féiniúlachta. Dearbhaíonn cuairt an Aire O’Donovan arís an tábhacht atá leis an mhisean sin. Tá áthas ar leith orainn ár n-uaillmhianta do thodhchaí na craoltóireachta Gaeilge a roinnt leis inniu.”
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, freisin, “Bhí ríméad orm fáilte a chur roimh an Aire O’Donovan chuig TG4 inniu. Is léiriú é cuairt an Aire ar an tábhacht atá le hobair TG4 agus ar an méid a chuireann an stáisiún leis an tsochaí. Is cúis bhróid dúinn a bheith in ann an chruthaitheacht, an nuálaíocht agus na comhpháirtíochtaí rathúla atá ag TG4 a chur ina láthair, agus táimid ag súil le tacaíocht leanúnach ón Aire chun meáin seirbhíse poiblí na Gaeilge a neartú dár lucht féachana ar gach ardán.”
Is éard a dúirt an tAire Patrick O’Donovan TD, “Tá ról lárnach ag TG4 i gceiliúradh agus i gcothú ár dteanga agus ár gcultúir náisiúnta. Leanann sé de chláir chruthaitheacha ar ardchaighdeán a chur ar fáil a léiríonn saibhreas agus éagsúlacht shaol na hÉireann. Tá an méid a chuireann TG4 le tírdhreach na meán thar a bheith suntasach agus luachmhar, agus molaim tiomantas leanúnach an stáisiúin don chraoltóireacht seirbhíse poiblí.”
Ag 7pm tráthnóna inniu d’fhreastail an tAire ar an chéad taispeántas do Báite, an scannán is déanaí faoi scéim Cine4, in Amharclann Halla na Cathrach.
Danú Media a léirigh Báite tríd an tionscnamh Cine4 atá á chómhaoiniú ag Fís Éireann, TG4 agus Coimisiún na Meán.
Léiríonn láithreacht an Aire ag an seoladh tacaíocht leanúnach an Rialtais do na tionscail chruthaitheacha mar aon leis an tábhacht a bhaineann leis an scéalaíocht réigiúnach agus le scéalaíocht na Gaeilge ar an scáileán mór.
Teagmháil do na meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie