Preas
Cuirfidh TG4 ‘Oireachtas na Samhna 2025’ ar Fáil as Béal Feirste don Lucht Féachana ar Fud an Domhain
ar TG4, TG4.ie & meáin shóisialta
22.10.25
Oireachtas na Samhna – Cláracha sa gcartlann
Íomhánna ó Oireachtas 2024
Cá mbeidh Oireachtas na Samhna 2025 le feiceáil agat: ar TG4, ar an Seinnteoir / TG4.ie, ar YouTube TG4. Beidh míreanna á roinnt freisin ar na Meán Sóisialta: TG4, MOLSCÉAL, Foghlaim, BLOC & Cúla4.
Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste agus craolfaidh TG4 na himeachtaí ar feadh ceithre lá ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain, agus beidh lucht féachana na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain á dtarraingt le chéile ar TG4, TG4.ie, YouTube agus ardáin na meán sóisialta.
Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín: “Is ábhar ríméid dúinn Oireachtas na Samhna 2025 a chraoladh beo as Béal Feirste don lucht féachana ar fud an domhain ar TG4, TG4.ie agus ar fud ardáin na meán sóisialta. Ceiliúradh bríomhar atá san Oireachtas ar an gcruthaitheacht, an teanga agus meon an phobail faoi mar atá croílárnach i misean TG4 féin. Is cúis mórtais againn féile chultúir seo na nGael a chur ar fáil don lucht féachana.”
Buaicphointí an Oireachtais
Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair
Seolfaidh TG4 Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta ag 15:30 (An Stiúideo- ICC), le spreagadh a thabhairt do scríbhneoirí Gaeltachta tabhairt faoin scríobh don scáileán. Le cúnamh ó Gréasán na Meán Skillnet agus Ealaín na Gaeltachta agus, beidh an scéim á seoladh go hoifigiúil ag Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4.
Tráthnóna Dé Céadaoin, beidh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ar siúl i Halla na Cathrach, Béal Feirste, agus tá 26 ainmniúchán ag TG4 maidir le láithreoirí agus le cláir. Is féidir breathnú beo ar shearmanas bronnta na nGradam ar Sheinnteoir TG4 / TG4.ie ón 20:00.
Déardaoin, an 30 Deireadh Fómhair
Agallamh Beirte – Daoine Fásta ag 14:00 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Sceitse – Daoine Fásta ag 15:00 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Comórtas Sean-Nós na bhFear ag 19:00 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie & YouTube TG4
7LÁ: Beo ón Oireachtas ag 19:30 → TG4 & Seinnteoir TG4 / TG4.ie, clár beo speisialta cúrsaí reatha 50 nóiméad ina mbeidh an lucht féachana páirteach. Máirín Ní Ghadhra a chuirfidh eagrán speisialta an Oireachtais i láthair.
Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair
Lúibíní – Daoine Fásta ag 14:00 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Amhrán Saothair – Daoine Fásta ag 15:30 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Amhrán Nuachumtha – Daoine Fásta ag 16:00 → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Ag 17:30 ar Lár Stáitse, is iad na comórtais do dhaoine óga a bheidh i lár an aonaigh. Craolfar sin ar Cúla4, TG4 agus Seinnteoir TG4, agus déanfar athchraoladh ar TG4 (Dé Sathairn 11:30 r.n.) agus ar Cúla4 (Dé Domhnaigh 12:00 i.n.).
Scannán nua de chuid TG4 á sheoladh – AONTAS
Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair ag 19:00 i.n., taispeánfar an scannán AONTAS in Cineworld, san Odyssey Arena, mar chomóradh ar 20 bliain den Chiste Craoltóireachta Gaeilge. Baineann scéal an scannáin le triúr ban i gceantar tuaithe a robálann comhar creidmheasa, an bhean atá i gceannas orthu ar tí a ciall a chailleadh. Droim ar ais a insítear an scéal ionas gur gnéithe atá sa robáil a théann in aimhréidh de phortráid de bhean atá sáinnithe ag eachtraí a thit amach i rith a saoil. Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh an scannán, McCann (Doineann) a stiúraigh agus Órfhlaith Ní Chearnaigh (Aonaracht) agus Christopher Myers (Doineann) a léirigh; agus is iad Carrie Crowley, Bríd Brennan, Eva-Jane Gaffney, Seán T. Ó Meallaigh agus Marcus Lambe atá sna príomhpháirteanna aisteoireachta in AONTAS. Púca Pictures, comhlacht léiriúcháin nua dhátheangach, a bhí i mbun léirithe le cistíocht ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge, TG4, BBC TÉ, agus cúnamh taca ó Yellowmoon.
Beidh Nuacht TG4 á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola á chraoladh beo ó Oireachtas na Samhna 2025 – Dé hAoine ag 19:00 ar TG4 agus Seinnteoir TG4. Craolfar Comórtas Sean-Nós na mBan ina dhiaidh ag 19:30, ar Seinnteoir TG4 / TG4.ie agus ar chainéal YouTube TG4.

Dé Sathairn, an 1 Samhain
Tosaítear Dé Sathairn le hócáid speisialta arna eagrú ag Cúla4 do dhaoine óga agus le sraith nua ‘Dar le Daideó’ á seoladh idir 11:00–12:00 (ICC – Halla 2B, Leibhéal 1).

Ag 13:00, beidh an comórtas damhsa ar an sean-nós á chraoladh beo ar Steip Beo ar TG4 agus Seinnteoir TG4. Craoladh beo ón ICC, Béal Feirste ar chomórtas Oireachtas na Samhna 2025.
An tráthnóna sin, beidh Corn Uí Riada, buaic-chomórtas na hamhránaíochta ar an sean-nós, ar siúl ag 19:00, agus á chraoladh ar Seinnteoir TG4 / TG4.ie agus ar chainéal YouTube TG4.

Beidh Cúla4, an cainéal faoi leith do dhaoine óga, chomh maith le brandaí digiteacha TG4: MOLSCÉAL, Foghlaim TG4 agus BLOC ar an láthair i rith na féile chun meon agus meanma mhuintir Oireachtas na Samhna a chur in iúl le hábhar speisialta ó chúl an stáitse, agallaimh, míreanna gearra agus buaicphointí na féile.
Fáilte Romhat:
Bí in éineacht le meitheal TG4 ag Aonach an Oireachtais le haghaidh neart cainte, spraoi agus tabhartais. Beidh Mol TG4 ar oscailt ó Dhéardaoin go Dé Sathairn, áit fháiltiúil ag an gcuairteoir, daoine aitheantais agus cairde nua, inar féidir bualadh le lucht foirne TG4 agus níos mó a fhoghlaim faoi na cláir, na brandaí digiteacha agus tograí a bheidh á seoladh go gairid.

Achoimre maidir le deiseanna ‘Oireachtas na Samhna 2025’ a fheiceáil:
Dé Céadaoin, an 29 Deireadh Fómhair
15:30 – Seoladh: An Scéim Forbartha do Scríbhneoirí agus Scéalaithe Gaeltachta → meáin shóisialta TG4
20:00 – Gradaim Chumarsáide an Oireachtais → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Déardaoin, an 30 Deireadh Fómhair
14:00 – Agallamh Beirte – Daoine Fásta → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
15:00 – Sceitse – Daoine Fásta → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
19:00 – Comórtas Sean Nós na bhFear → Seinnteoir TG4 / TG4.ie & TG4 YouTube
19:30 – 7LÁ: Beo ón Oireachtas → TG4 & Seinnteoir TG4 / TG4.ie
Dé hAoine, an 31 Deireadh Fómhair
14:00 – Lúibíní – Daoine Fásta → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
15:30 – Amhrán Saothair – Daoine Fásta → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
16:00 – Amhrán Nuachumtha – Daoine Fásta → Seinnteoir TG4 / TG4.ie
17:30 – Lár Stáitse → Cúla4, TG4 & Seinnteoir TG4 / TG4.ie
19:00 – AONTAS Launch → Meáin Shóisialta TG4
19:00 – Nuacht TG4 → TG4 & Seinnteoir TG4 / TG4.ie
19:30 – Comórtas Sean-Nós na mBan → Seinnteoir TG4 / TG4.ie & TG4 YouTube
Dé Sathairn, an 1 Samhain
11:00 – Ócáid Cúla4 & Seoladh Dar le Daideó → meáin shóisialta Cúla4 & Cúla4
13:00 – Steip Beo → TG4 & Seinnteoir TG4 / TG4.ie
19:00 – Corn Uí Riada → Seinnteoir TG4 / TG4.ie & YouTube TG4
Teagmháil do na Meáin i TG4
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie