Preas
Cultúr na hÉireann agus Cultúr na Seapáine le chéile mar gheall ar chomhar páirtnéireachta idir an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus TG4 maidir le Seó Speisialta na nGradam Ceoil
Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Ceolmhara
09.12.25
Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Ceolmhara

B’ábhar ríméid do TG4 cuireadh a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála feidhmiú mar pháirtnéir craoltóireachta agus taifeadadh a dhéanamh ar an gclár speisialta seo ag Expo 2025 in Osaka na Seapáine, tráth a raibh saibhreas cultúir na hÉireann agus na Seapáine á chur ar an ardán os comhair an domhain ar fad.
Leagtar béim leis an gcomhar páirtnéireachta seo ar a thábhachtaí atá cruthaitheacht, teanga agus oidhreacht na hÉireann a chur i láthair lucht féachana idirnáisiúnta an tráth céanna a dtreisítear arís eile leis an mborradh atá faoin gceangal cultúir idir an dá náisiún. Is údar mórtais ag TG4, tríd an gcomhar seo, taifeadadh a dhéanamh ar theacht i láthair na nÉireannach ag Expo 2025 Osaka, agus tairbhe breise a dhéanamh ina leith sin, trí scéalta, eachtraí agus gnéithe ealaíne na hócáide a thaispeáint ar ais sa bhaile.
Tarraingeoidh an clár, arna chur i láthair ag Áine Hensey, an lucht féachana le chéile d’oíche spleodrach ceoil agus damhsa le scoth na gceoltóirí, na ndamhsóirí agus na n-amhránaithe ón dá náisiún seo ar oileáin i bhfad ó chéile, cumasc iontach idir cultúr mhuintir na hÉireann agus cultúr mhuintir na Seapáine.
![]() |
![]() |
Arna léiriú ag Big Mountain Productions, ceann de na comhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha is mó le rá in Éirinn, a dhíríonn go speisialta ar chláracha ceoil agus ócáidí móra, is fadscannán faisnéise Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Ceolmhara faoi stiúir ceannais ag comhlacht Éireannach, ina gcíortar den chéad uair an caidreamh domhain cultúir atá idir Éire agus an tSeapáin trí fhéachaint ar an spéis agus ar an meas atá sa dá thír ar cheol agus ar ealaíona traidisiúnta na hÉireann.
Deir Jane Kelly, Léiritheoir Feidhmiúcháin le Big Mountain, “Cuireann sé ríméad orainn gur sinn a léirigh an fadscannán faisnéise sárchaighdeáin seo i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le TG4, agus le cúnamh ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge. Tá beagnach dhá bhliain caite leis an togra seo. Tá muid fíorbhuíoch den mheitheal bheag iontach speisialta léiriúcháin atá againn maidir le ceol beo agus dár gcomhghleacaithe iontacha sa tSeapáin as an gceolchoirm le scoth na n-ealaíontóirí as Éirinn agus as an tSeapáin ag seinm a chur ar siúl ar an taobh eile den domhan os comhair 2,000 duine a cuireadh faoi dhraíocht uilig. Tá súil againn go mbainfidh an lucht féachana taitneamh as an seó mór seo a raibh oiread sásaimh againne á chur le chéile.”
Thaistil siadsan ar bronnadh Gradam Ceoil TG4 orthu ag príomhócáid Gaeilge cheol traidisiúnta na hÉireann i mbliana, scoth cheoltóirí traidisiúnta na tíre, go dtí an tSeapáin le páirt a ghlacadh i gceolchoirm mhór arna leagan amach agus á stiúradh ag Neil Martin, an ceoltóir agus an cumadóir ceoil as Cúige Uladh, in amharclann 2,000 suíochán i bPailliún na hÉireann ag Expo Osaka 2025.Bhí na ceoltóirí agus amhránaithe gradamúla Siobhán Peoples, veidhleadóir, Cathy Jordan, amhránaí, Flook, banna ceoil, Johnny Óg Connolly, cumadóir, Colm Broderick, píobaire agus ceoltóir óg na bliana, Matt Cranitch, veidhleadóir a fuair gradam saoil, agus Áine Hensey, craoltóir a fuair gradam pobail in éineacht le Rod McVey, pianadóir agus Becky Ní Éallaithe damhsóir ar an sean-nós.
Bhí sároirfidigh na Seapáine ar an stáitse in éineacht leis an gcompántas gradamúil sin de cheoltóirí na hÉireann; Misako Koja, amhránaí, Kazuya Sahara, tionlacaí, Taka Hayashi, damhsóir, Kozo Toyota, fliútadóir, Hiro & Luke Hayashida, drumadóirí Taiko, Atsushi Yamane, píobaire agus Kyoko Yamane, sreangdhrumadóir.
Tá TG4, le 27 mbliana anuas, ag bronnadh gradaim ar cheoltóirí traidisiúnta sárchumasacha na hÉireann agus cuireann an scannán faisnéise seo, le cúnamh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chomh maith leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge, roinnt de lucht na ngradam sin os comhair lucht féachana idirnáisiúnta sa tSeapáin, ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann á dtabhairt chuig tír ina bhfuil spéis le fada ann, agus borradh faoin spéis sin i gcónaí, ionas go gcuidítear le seasamh cheol na hÉireann i measc chineálacha ceoil dúchais an domhain.
Deir Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe le TG4, gur mhór le Gradam Ceoil TG4 “an ócáid is mó le rá maidir le ceol traidisiúnta beo a thabhairt go Osaka mar ghné de theacht i láthair na hÉireann ag Expo 2025 agus gur breá linn an ócáid mar a bhí ar siúl ansin a chur i láthair lucht féachana ar fud an domhain leis an scannán seo. Tagann sraith seo na gceapachán nuachumtha agus na saothar cóiriúcháin maidir leis an dá thraidisiún go rímhaith le téama Expo 2025 ‘Cruthaitheacht an Ceangal idir Daoine’. Tá súil againn go gcuireann seo borradh nua faoin gcomhoibriú ealaíne idir muintir na hÉireann agus muintir na Seapáine.”
Ó Aibreán go Márta 2025, bhí Éire i measc beagnach 160 tír a d’fháiltigh roimh os cionn 28 milliún cuairteoir chuig Expo 2025 Osaka. Eagraíodh níos mó ná 1,650 ócáid faoi leith le ceol na hÉireann i bPailliún na hÉireann, arna leagan amach ag Oifig na nOibreacha Poiblí, chomh maith le saothar ealaíontóirí de chuid na hÉireann a chur ar taispeáint agus freastal ar thoscaireachtaí ardleibhéil polaitíochta agus trádála. Thug páirt na hÉireann in Expo 2025 Osaka deis faoi leith Éire a chur chun tosaigh do lucht airdill ar fud an domhain agus sin a dhéanamh i réigiún a bhfuil tábhacht mhór leis don tír seo maidir le cúrsaí infheistíochta agus trádála.
Ba ghné dhílis Pailliún na hÉireann ag Expo 2025 Osaka den fheachtas Éire agus an tSeapáin 2025 ar tharla mar chuid de freisin Áras na hÉireann in Tóiceo a oscailt, an cheanncheathrú nua ag Ambasáid na hÉireann agus ag Gníomhaireachtaí Stáit. Thug na cora nua seo i rith na bliana 2025 deis faoi leith an ceangal cultúir agus eacnamaíochta idir Éire agus an tSeapáin, agus an caidreamh idir na daoine, a chothú agus a neartú.
Deir Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga & Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ag Scáileán Thuaisceart Éireann, “Bhí an-áthas orainn cuidiú leis an togra seo trína ndéantar ceiliúradh aoibhinn ar an gcomhchaidreamh cultúir idir dhá náisiún oileánda in Éirinn agus sa tSeapáin. Is mór an beart oibre a bhain lena léiriú agus is iontach mar a chuir Big Mountain, comhlacht atá lonnaithe in Iúir Chinn Trá, an beart i gcrích, a bhuíochas don chumas iontach cruthaitheachta atá i muintir an chomhlachta sin. Táim ag tnúth go mór le taitneamh a bhaint as toradh an tsaothair agus scoth na gceoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar an stáitse lena gcomhghleacaithe as an tSeapáin.”
Beidh Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25: Dhá Oileán Ceolmhara ar TG4 Dé Domhnaigh, an 21 Nollaig ag 9.30 i.n. agus ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4.
Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Communications Editor TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie

