Preas
Déagóir as Corcaigh, Lottie O’Driscoll-Murray, a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn ag Junior Eurovision 2025
19.10.25
![]() |
![]() |
Baile Átha Cliath, 19 Deireadh Fómhair 2025 — I ndiaidh cuardach tallainne ar fud na tíre agus comórtas teilifíse den scoth, is í Lottie O’Driscoll-Murray, 14 bliana d’aois as Corcaigh, atá roghnaithe le hionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an Junior Eurovision Song Contest 2025. Casfaidh Lottie ‘Rúin’, bailéad nua-chumtha Gaeilge, beo i Tbilisi sa tSeoirsia Dé Sathairn an 13 Nollaig agus í san iomaíocht le hamhráin as 17 dtír eile, an Spáinn, an Fhrainc, an Phortaingéil, an Iodáil, agus buaiteoir na bliana seo caite, an tSeoirsia, ina measc.
Dheimhnigh Lottie a háit ar an stáitse idirnáisiúnta nuair a bhuaigh sí babhta ceannais Junior Eurovision Éire, sraith cúig chlár TG4, inar roghnaíodh deichniúr as na céadta amhránaithe ar fud na hÉireann le bheith páirteach. Bhí laoch mór na hEoraifíse, Niamh Kavanagh, ar an bpainéal moltóirí a rinne an cinneadh tábhachtach Lottie a chur ar aghaidh go dtí na babhtaí sa stiúideo, agus ansin chaith Linda Martin ceann de na vótaí cinniúnacha a chinntigh áit Lottie i stair an Junior Eurovision.
Is féidir le daoine ar fud an domhain vóta a chaitheamh ag Junior Eurovision na bliana seo ar JESC.TV – agus murab ionann is comórtas na ndaoine fásta, tá cead ag an lucht spéise vóta a chaitheamh dá dtír féin! Tá gach uile dhuine i gContae Chorcaí taobh thiar de Lottie agus dá teaghlach cheana féin agus tá siad ag súil go mbeidh gach duine sa tír in ann a bheith taobh thiar dóibh freisin.
Tá taithí mhór ag Lottie ar bheith ar an stáitse agus tá sí ag cur daoine faoi gheasa lena guth ó bhí sí óg, í ag canadh ar an Late Late Toy Show agus in Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí. Leithéidí Whitney Houston is bun leis an nguth mór agus teacht i láthair cumhachtach a bhíonn inti ar an stáitse, agus oireann ‘Rúin’ – bailéad corraitheach agus láidir – go foirfe dá guth. Bíonn sí páirteach go rialta freisin in ócáidí carthanachta, í ag baint tairbhe as an tallann atá aici ar mhaithe le pobal Chorcaí.
Ní hé seo, ar ndóigh, an chéad uair ag Lottie sa chomórtas seo. D’éirigh léi dul chomh fada leis an mbabhta ceannais in 2024 ach fuair an t-amhránaí Enya Cox Dempsey as Cill Chainnigh an ceann is fearr uirthi an t-am úd. “Tá sí ar ais arís, níos fearr ná riamh – agus déanfaidh sí an beart go cinnte! Tá sí ag dul é a bhuachan!” a deir a Mamó bródúil Charlotte, a bhfuil sí féin agus máthair Lottie, Celine, ag tacú léi ina haistear ón tús.
Bliain thar a bheith speisialta atá ann freisin i mbliana: Is é seo an deichiú bliain ag Éirinn ag glacadh páirt sa Junior Eurovision Song Contest. Chun é sin a cheiliúradh, craolfaidh TG4 clár speisialta súil siar Dé Domhnaigh an 7 Nollaig ina gcaithfear súil arís ar iomaitheoirí na hÉireann i gcaitheamh na mblianta agus ina bhfaighfear amach faoin tionchar a bhí ag an gcomórtas ar shaol na n-iomaitheoirí ó shin. Tabharfar spléachadh freisin ar aistear Lottie nó gur bhain sí clú agus cáil amach ar Junior Eurovision.
Dar le Rob O’Connor, Léiritheoir Sraithe, Adare Productions, “Tá deich mbliana dhraíochtúla caite ag iomaitheoirí na hÉireann ag dul i gcion go mór ar lucht leanúna an Junior Eurovision, agus iad go léir ag casadh amhráin mhealltacha i nGaeilge os comhair na milliún. Is iontach an t-amhránaí í Lottie O’Driscoll-Murray, agus beidh lucht leanúna dílis an chomórtais, agus an chuid eile den domhan, thar a bheith tógtha lena pearsantacht agus lena tallann.”
Is éard a dúirt Laura Ní Cheallaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Tá ríméad orainn a fhógairt gurb í Lottie O’Driscoll-Murray a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn ag Junior Eurovision 2025 leis an amhrán ‘Rúin’. Agus muid ag comóradh 10 mbliana de rannpháirtíocht TG4 sa chomórtas, tá mórtas orainn a bheith ag ceiliúradh deich mbliana de dhaoine óga cumasacha den scoth agus d’amhráin Ghaeilge ar an stáitse Eorpach. Is iontach an deis é an Junior Eurovision chun an chéad ghlúin eile d’amhránaithe óga cumasacha na hÉireann, a gcruthaitheacht agus an Ghaeilge a chur os comhair lucht féachana ollmhór na hEorpa.
Guímid gach rath ar Lottie sa tSeoirsia agus iarraimid ar gach duine in Éirinn tacú léi sa bhabhta ceannais i Tbilisi an 13 Nollaig, a bheidh á chraoladh beo ar TG4 ar fud an domhain.”
Ná caill Lottie ar an stáitse ag Junior Eurovision 2025 a bheidh á chraoladh beo ar TG4 Dé Sathairn an 13 Nollaig. Déan cinnte go dtugann tú do thacaíocht d’Éirinn agus caith do vóta ar www.JESC.TV
Teagmháil do na Meáin i TG4
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie