Preas
Deich mBliana d’Athrú ó Bhonn agus d’Athrú Sóisialta faoi chaibidil i gClár Faisnéise Nua ar TG4
GAA 70's - Réabhlóid Shóisialta
05.12.25
Taispeánfar den chéad uair é ag 21:00 Dé Máirt an 30 Nollaig le Fotheidil Bhéarla agus Tráchtaireacht Fuaime ar TG4 agus ar fud an domhain ar TG4.ie

Is cúis mhórtais do TG4 é GAA 70’s – Réabhlóid Shóisialta (GAA 70’s – A Social Revolution) a chur i láthair, clár faisnéise fada ceiliúrtha, dhátheangach, nua as an bpíosa, ina dtugtar spiorad ceann de na réanna ba shonraí sna Cluichí Gaelacha agus i sochaí na hÉireann chun cuimhne. Tá cuma fhíorálainn ar an scannán, a taifeadadh i 4K, a léirigh Bankos Tales do TG4 le tacaíocht ó Choimisiún na Meán. Tabharfar léargas nach bhfuarthas riamh cheana ar na daoine a bhfuil clú agus cáil orthu as na deich mbliana órga sin sa Pheil Ghaelach a mhúnlú.
Sa chlár faisnéise cineamatach seo, atá lán-mhothúchánach, tiocfaidh roinnt de na peileadóirí ab fhearr riamh Bhaile Átha Cliath, na Gaillimhe agus Chiarraí le chéile arís i ndathanna a gcontae féin chun machnamh a dhéanamh ar a gcairdeas, ar an gcoimhlint agus ar an aistear go Páirc an Chrócaigh. Fítear scéal leanúnach bunaithe ar agallaimh dhúthphearsanta sa chlár seo le míreanna scannánaíochta ón gcartlann nach bhfeictear go minic, athléirithe agus tráthanna cinniúnacha i gcluichí atá fanta i gcuimhne na ndaoine.
Tagann scéalta nár insíodh riamh cheana chun cinn in áiteanna ar nós ghalfchúrsa na Gaillimhe le muintir Bhaile Átha Cliath agus muintir Chathair na dTreabh ag seanchas gar do Chuan álainn na Gaillimhe; agus ar Mhórchuaird Chiarraí, beidh peileadóirí mór le rá ón Ríocht agus ón Ardchathair ag cur is ag cúiteamh faoin ré a mhúnlaigh CLG an lae inniu.
Tommy Joe Gilmore (Gaillimh): “Éacht ollmhór a bhí i gceapachán Kevin Heffernan.”
Johnny Hughes (Gaillimh): “Go hamaideach rinneamar botún, soineantacht a bhí ann ó thaobh sin againne de.”
Pat Spillane (Ciarraí): “Tháinig Micko isteach agus léimeamar ar an gcairpéad draíochta in éineacht leis agus thug sé ar thuras draíochta sinn.”
Tugtar comhthéacs sa chlár faisnéise seo ar theacht chun cinn na Peile Gaelaí tráth a raibh athruithe sóisialta níos leithne ag tarlú in Éirinn sna 1970í. Trína léargas ar leith féin, tabharfaidh na rannpháirtithe chun cuimhne an bealach a ndeachaigh an tréimhse athraithe cultúir agus sóisialta seo i gcion ar an spórt, agus ar an tír.
Mickey Ned O’Sullivan (captaen Chiarraí, 1975): “D’athraigh 1974 an uile ní.”
Martin ‘Major’ Joyce (CLG Ghaeil Naomh Criostóir): “Is do Kevin Heffernan atá an buíochas go léir ag dul, rinne sé an t-uafás agus chothaigh sé go leor inspioráide, ní hamháin sa lucht siúil ach i ndaoine socraithe freisin.”
Roy Curtis (iriseoir): “Ní réabhlóid chultúir amháin a bhí i gceist; ba réabhlóid shocheolaíoch a bhí i gceist freisin.”
Tugtar cuairt arís ar láithreacha stairiúla lena n-áirítear Páirc an Chrócaigh, Páirc Parnell, Scoil Mhuire Marino, agus Cumann Naomh Eoin Baile an tSaoir, ceann den iliomad clubanna a d’eascair as athbheochan spóirt na 70í.
Le linn cheiliúradh cuimhneacháin 1974, tharla rud éigin nach raibh súil ar bith leis: Tarraingíodh Baile Átha Cliath le Gaillimh i gcluiche ceathrú ceannais Chraobhchomórtas 2024. Agus an dá fhoireann ag féachaint ar an gcluiche le chéile, d’éirigh le fir na dTreabh éacht nach raibh déanta acu le 90 bliain cheana a dhéanamh.
David Hickey (Baile Átha Cliath): “Ba í foireann na Gaillimhe sin ó na 70í an fhoireann ab fhearr riamh is dóigh nár éirigh leo Cluiche Ceannais na hÉireann a thabhairt leo.”
Jimmy Deenihan (Ciarraí): “Bhí ‘Heffo’ ag ardú an chaighdeáin agus bhí Ciarraí ag freagairt.”
Jimmy Barry Murphy (Corcaigh): “Bhí sé ar cheann de na coimhlintí ba mhó riamh a tháinig chun cinn sa spórt in Éirinn.”
Críochnaíonn an clár faisnéise leis an gcoimhlint spreagúil sin idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí a bhfuil “an-tóir go deo uirthi,” a dhéanann ceiliúradh ar an iubhaile órga agus a thugann ómós ag an am céanna do chomrádaithe nach bhfuil linn níos mó.
Kevin Moran (Iar-Imreoir le foireann idirnáisiúnta sacair na hÉireann agus le Foireann Peile Bhaile Átha Cliath). “Creid uaimse é ní raibh aon ghean acu ar a chéile ar an bpáirc…ní raibh mórán muintearais ach
an oiread.”
Jarlath Burns (Uachtarán CLG): “Mar buachaillín óg ag fás aníos i nDeisceart Ard Mhacha, ba í an choimhlint bun agus barr m’óige.”
Is clár faisnéise é GAA 70’s – Réabhlóid Shóisialta don uile dhuine, dóibh siúd a bhí beo sna deich mbliana sin agus dóibh siúd atá ag foghlaim faoi stair na ré sin den chéad uair. Caitear súil siar ar bhunús na gCluichí Gaelacha nua-aimseartha, ar chuir chuige nua a cheapadh, na ceangail shóisialta a bunaíodh tríd an bpeil agus ar an oidhreacht atá fós ag spreagadh glúnta nua í a imirt.
Alan Milton (CLG): “Táim den tuairim gur thug an ré muinín agus teanntás don chumann le triail a bhaint as rudaí nua agus bogadh chun cinn ar bhealaí nach dtarlódh go deo murach an ré sin.”
Tarraingítear aird freisin sa scannán ar chéad Chluiche Ceannais cinniúnach Uile-Éireann na mBan in 1974 mar aon le comhthéacs ríthábhachtach a thabhairt ar theacht chun cinn spórt na mban in Éirinn.
Paul Rouse (staraí): “Bhí fear ag siúl ar an ngealach sula raibh cead faighte ag na mná peil a imirt i bPáirc an Chrócaigh.”
Tá grúpa mór d’imreoirí mór le rá agus daoine a d’imir tionchar páirteach sa chlár faisnéise seo lena n-áirítear:
Baile Átha Cliath: Tony Hanahoe, Robbie Kelleher, Bobby Doyle, Gay O’Driscoll, Alan Larkin
Gaillimh: Colie McDonagh, Brendan Colleran, Liam Sammon, Jimmie Duggan
Ciarraí: Ogie Moran, Mickey Sheehy, Ger Power, Seánie O’Shea (atá ag imirt do Chiarraí faoi láthair)
Corcaigh: Jimmy Barry Murphy
Áirítear sa scannán freisin an t-agallamh deiridh a ndearnadh taifeadadh air le Seán Doherty agus píosa scannánaíochta le Brian Mullins nach bhfacthas riamh cheana.
Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie