Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Drift Masters Beo ar ais ar TG4 le Craoladh Beo ó Pháirc Mondello

26.06.25

Drift Masters Beo

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuil Drift Masters Beo ag filleadh ar an gcainéal, le craoladh beo ar Bhabhta 4 de Chraobhchomórtas Eorpach Drift Masters Red Bull ó Pháirc Mondello, Co. Chill Dara, Dé Domhnaigh an 29 Meitheamh ó 15:20.

Is é seo an dara huair don chraoltóir náisiúnta Gaeilge an comórtas seo a chur ar an aer. Mealladh 114,000 lucht féachana beo Dé Domhnaigh an 16 Meitheamh 2024 don chraoladh anuraidh. Ba é an cluiche ceannais spreagúil idir bheirt Éireannach a bhain buaicphointe féachana amach, nuair a fuair James Dean ó Chorcaigh an lámh in uachtar ar Duane McKeever ó Thír Eoghain. Chríochnaigh McKeever ar bharr Dean ar an tábla i ndeireadh na bliana 2024, sa dara háit, áit amháin os cionn Dean a tháinig sa tríú háit tar éis sé bhabhta trasna sé thír.
 
James Dean Mondello 2024

Tá seacht mbabhta sa séasúr 2025, agus is ag Páirc Mondello a bheidh an ceathrú babhta, leathbhealach tríd an gcomórtas. Tar éis an tríú stad sa Fhionlainn, tá na tiománaithe Éireannacha i mbarr a réime:

  • Conor Shanahan ó Chorcaigh ag barr an tábla
  • Tá a dheartháir Jack Shanahan sa seachtú háit
  • James Dean fós sa rás sa tríú háit

Tá Éire freisin chun tosaigh i gCorn na Náisiún le 287 bpointe, rud a léiríonn an tionchar atá ag Éire – agus go háirithe ag Corcaigh – ar an spórt san Eoraip i mbliana.

Is seachtain mhór í seo do mhótarspórt in Éirinn, agus Conor Shanahan in éineacht le 16 de na tiománaithe Éireannacha is fearr ag tabhairt faoin Red Bull Drift Pursuit ar Inis Píc i gCorcaigh Dé Sathairn an 5ú Iúil.

Conor Shanahan

Beidh lucht leanúna an mhótarspóirt ag súil le drámaíocht, cruinneas, agus aicsean spleodrach ó na tiománaithe is fearr san Eoraip – agus beidh sé ar fad le feiceáil beo ar TG4.

Ná cailligí Drift Masters Beo – Dé Domhnaigh an 29 Meitheamh ó 15:20, beo ar TG4 agus ar TG4.ie.

Coinnigh suas chun dáta ar na meáin shóisialta ag @SportTG4
 
Tuilleadh eolais faoi Chraobhchomórtas Eorpach Red Bull Drift Masters anseo: Drift Masters
 

Teagmháil do na meáin:

Shane Walsh | Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: