Preas
€5.4m Breise Geallta ag an Rialtas do TG4 do 2026
07.10.25
Tá fáilte curtha ag TG4 roimh fhógra an Rialtais sa Bhuiséad go mbeidh méadú mór ar bhuiséad bliantúil TG4 in 2026.
Tá méadú €5.4m ceadaithe ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt do TG4 chun ábhar Gaeilge ar ardchaighdeán, cláir do pháistí agus seirbhísí nuachta níos leithne a chinntiú. Is ionann sin agus méadú 9% ar mhaoiniú TG4 ón Státchiste don bhliain seo chugainn. Is é seo an dara méadú is mó atá faighte ag TG4 ón Státchiste le roinnt blianta anuas. Cuireadh maoiniú €7.3m ar fáil do TG4 i mBuiséad 2023 chun tús a chur leis an gcainéal nua do pháistí Cúla4. Beidh deontas iomlán €65.4m ar fáil do TG4 in 2026
Chuir Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín fáilte roimh an mBuiséad inniu ag rá “Tá mé an-bhuíoch den Aire O’Donovan agus dá fheidhmeannaigh agus den Rialtas nua as an tacaíocht fhlaithiúil seo do TG4 in 2026, ach tá mé buíoch go háirithe don aitheantas atá tugtha do sheirbhísí nuachta níos leithne a chur ar fáil. Thug an tAire cuairt ar Cheannáras TG4 sa Samhradh go gairid tar éis dó tús a chur lena théarma. Táimid faoi chomaoin aige as an am a chaith sé ag cur aithne orainn agus as an tsuim a léirigh sé i dtosaíochtaí straitéise TG4, san obair a dhéantar sa gCeannáras i mBaile na hAbhann agus an bonn atá á chur ag TG4 faoi earnáil na léiriúchán neamhspleách.
Tá TG4 ag dul ó neart go neart le hinfheistíocht chéimithe ón Rialtas le tamall de bhlianta. Mar thoradh ar an infheistíocht sin, tá fás leanúnach ar ár lucht féachana, agus go dtí seo i mbliana, tá sciar 2.3% den lucht féachana bainte amach ag TG4. Táimid ag súil cur leis sin arís in 2026 mar aon le cur leis an ábhar ar ardchaighdeán a chuirimid ar fáil dár lucht féachana ar gach ardán.
Léiríonn an infheistíocht seo, agus muid nach mór tríocha bliain ar aer, an muinín atá ag an Aire sa luach atá le TG4 mar mheán seirbhíse poiblí na Gaeilge, agus an tábhacht atá leis an obair a dhéanaimid don teanga agus do phobal na Gaeilge ar fud an domhain.”
Nóta: Tá TG4 ag súil le tuilleadh dintiúirí níos déanaí tráthnóna ón Aire O’Donovan, thart ar a 17:00.
Teagmháil do na Meáin i TG4
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie