Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

GAA Beo ar ais ar TG4 le clúdach eisiach ar Chraobhchomórtais na gClubanna

22.08.25

 

Tá GAA Beo ar ais le clúdach eisiach ar Chraobhchomórtais na gClubanna
 
Fillfidh príomhchlár CLG TG4 an deireadh seachtaine seo, Dé Domhnagh an 24 Lúnasa, le clúdach cuimsitheach ar Chraobhchomórtais na gClubanna agus a leanfaidh dtí Cluichí Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh i mí Eanáir 2026. 

Chraol GAA Beo breis agus 200 cluiche anuraidh, ina measc roinnt cathanna stairiúla amhail Na Sairséalaigh (Corcaigh) v Baile Mhic Gonair (Port Láirge), agus Cuala (Baile Átha Cliath) v Aireagail Chiaráin (Tír Eoghain). Bhí dhá bhuaiteoir nua ar Chraobhchomórtais na hÉireann nuair a bhain Cuala (Peil) agus Na Fianna (Iománaíocht) an gradam mór amach den chéad uair ina gcód féin. 

Tá féasta iománaíochta romhainn. Rachaimid go Tiobraid Árann ar dtús don chluiche idir na curaidh reatha, Luachma Caisléan Laighnigh agus CLG SC Uí Bhreacháin. Beidh imreoirí a bhuaigh Craobh uile-Éireann le déanaí ina measc – leithéid Noel McGrath, John McGrath agus Andrew Ormond. Ag 2:05pm De Domhnaigh a thosóidh an clúdach beo as Teampall Tuaithe.  

Mícheál Ó Domhnaill a chuirfidh an clár i láthair agus beidh neart anailíse ar fáil ó shaineolaithe mar Tomás Ó Flatharta, Coman Goggins, Eimear Ní Ghallachóir, Declan Quill, Michelle Ryan, agus go loer eile. Pearsana aitheanta an chluiche a dhéanfaidh an tráchtaireacht, ina measc Brian Tyers, Mac Dara Mac Donncha, Gary Mac Donncha, Mícheál Ó Drisleáin, agus Conal Ó Máirtín. 

Beidh clúdach fairsing ar na meáin shóisialta ag Spórt TG4 chomh maith, le gearrthóga beo, an t-eolas is déanaí ón gcluiche, pacáistí buaicphointí agus tuilleadh.

Má tharlaíonn sé go gcaillfidh tú an cluiche beo, taispeánfar buaicphointí gach tráthnóna Luan ar GAA 2025 ar TG4.
 
 
Sceideal GAA Beo feadh an trí dheireadh seachtaine atá romhainn 

  • 24.08.2025 – Luachma Caisléan Laighnigh v CLG SC Uí Bhreacháin – Craobh Iománaíochta Thiobraid Árann – Ionad: Teampall Tuaithe
  • 31.08.2025 – Craobh Iománaíochta Phort Láirge – Foirne le fógairt
  • 07.09.2025 – Craobh Iománaíochta Chorcaí – Fánaithe an Ghleanna v Na Sáirséalaigh – Ionad: Páirc Uí Rinn

 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: