Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

GAA BEO – Hurling for Cancer Research 2025

TG4 agus TG4.ie
7:15pm, Dé Luain an 18 Lúnasa

12.08.25

 

Is mór an onóir do TG4 a fhógairt go bhfuil Hurling for Cancer Research ag filleadh ar a sceideal GAA BEO don dara bliain as a chéile. Craolfar an cluiche carthanais, a bhailíonn airgead do thaighde ar ailse, beo ó 7:15pm ar TG4 agus TG4.ie Dé Luain an 18 Lúnasa.

Bhí an-tóir ag an lucht féachana ar chluiche na bliana 2024 agus baineadh buaicphointe lucht féachana beo 219,000 amach lena linn. Táthar ag súil go mbeidh oíche lán spóirt agus siamsaíochta againn arís i mbliana le réaltaí móra ar chlár an lae. I measc na réaltaí a ghlac páirt anuraidh bhí Shane Long agus Rachael Blackmore, agus tá foireann na bliana seo ar chomhchaighdeán leo.

I measc na n-aíonna a bheidh páirteach i gclúdach 2025 beidh na laochra spóirt Anthony Daly agus Stephen Hunt.

Beidh imreoirí ó fhoirne Chorcaí agus Thiobraid Árann a d’imir i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann i mbliana ag glacadh páirte, mar aon le réalta Chiarraí Paudie Clifford, laoch Chill Chainnigh TJ Reid, réalta Loch Garman Lee Chin, deartháireacha Morrisey ó Luimneach, agus imreoirí Átha Cliath Con O’Callaghan agus Chris Crummey.

Beidh an léimneoir Paul Townend agus an traenálaí capall Willie Mullins ina réiteoirí, in éineacht le Niall Quinn agus Bernard Dunne.

Nochtfar na foirne iomlána, an lucht bainistíochta agus na réiteoirí sna laethanta roimh an ócáid.

Sheol Jim Bolger agus Davy Russell an ócáid den chéad uair in 2012, agus is croí-imeacht é Hurling for Cancer Research anois i bhféilire CLG agus spóirt na hÉireann, ag a dtugtar lúthchleasaithe, daoine mór le rá agus lucht tacaíochta le chéile chun tacú le hobair thaighde leanúnach Chumann Ailse na hÉireann.

Tá Centra ag tacú le Hurling for Cancer Research i mbliana.

Beifear ábalta an t-aicsean ar fad, lena n-áirítear buaicphointí, agallaimh agus ábhar eisiach eile, a leanúint ar @SportTG4 ar na meáin shóisialta.

Téigh chuig Ticketmaster.ie chun ticéid a fháil don ócáid.
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie

Séamus Ó Brádaigh | Rannóg Spóirt TG4 | seamus.o.bradaigh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: