Preas
George Best i gCorcaigh - Clár Faisnéise ag Insint Scéal George Best agus a Thréimhse le Cork Celtic
10.12.25
George Best i gCorcaigh

Ní raibh a shárú ar domhan mar imreoir sacair. Laoch arbh ábhar iontais a chuid cumais ar an bpáirc agus an modh rabairneach maireachtála a bhí aige. Bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ag Manchester United ar feadh 11 bhliain agus ní raibh a fhios ag éinne céard a bhí i ndán dó nuair a d’fhág sé an club sin.
Mar a tharla, tréimhse i gCorcaigh an chéad rud eile a bhí ina chinniúint. Cothrom 50 bliain ó tharla an sárimreoir clúiteach a shíniú, insítear sa chlár faisnéise seo an scéal iontach faoi George Best agus a thréimhse le Cork Celtic.
Bhí Cork Celtic i gcruachás sa bhliain 1975. Ní raibh mórán ag teacht ag faire ar na cluichí agus nuair is beag an t-airgead a bhí ag teacht isteach, ba mhór an baol go mbánófaí an club. Is géar a theastaigh imreoir a tharraingeodh na sluaite agus a chuirfeadh leis an airgead a bhí á thógáil ag an ngeata. D’fhág George Best Manchester United an bhliain roimhe sin tar éis guaim a chailleadh air féin go hiomlán leis an stíl mhaireachtála a bhí á chleachtadh aige. Bhí an t-imreoir ab fhearr ar domhan ag imeacht roimhe anois, ag imirt in aon áit a dtairgeofaí obair dó. Bhí “íoctar agus imrítear” de pholasaí aige agus dá n-íoctaí leis an táille a d’éiligh sé, bhíodh sé ag imirt agus geansaí an chlub á chaitheamh aige. Chuir Cork Celtic Bobby Tambling, a raibh aithne aige ar George Best ó imirt ina choinne tráth a mbíodh sé féin le Chelsea, anonn go Sasana go bhfeicfeadh sé an mbeadh aon suim ag Bestie a theacht anall. Bhí.
Is scéal faoi leith i stair shacar Shraith na hÉireann ar tharla ina dhiaidh sin.
Cuirtear agallamh sa chlár ar chuid mhaith dá chomhimreoirí ar fhoireann Cork Celtic, leithéid Alfie McCarthy, Bryan McSweeney, Jerry Myers & John “Blondie” Carroll, agus ar dhaoine den lucht craoltóireachta agus lucht leanta ar nós John Creedon, Ger Canning & Trevor Welch, agus ar dhaoine eile de leithéid Mhéabh De Búrca, imreoir le foireann Phoblacht na hÉireann, agus Jimmy Barry Murphy, imreoir clúiteach peile agus iománaíochta ach iar-imreoir sacair freisin le Cork Celtic, ionas go bhfaightear léargas ón taobh istigh ar scéal cheann de na tréimhsí is spéisiúla riamh i stair Shraith na hÉireann.
I gCorcaigh a rinneadh an scannánaíocht ar fad don chlár agus feicfear freisin seanábhar scannánaíochta de George Best ag imirt do Cork Celtic le linn scéal iontach an chláir seo, nach bhféadfadh tarlú in aon áit ach amháin in Éirinn, a chur i láthair do lucht leanta an chlub, do lucht spéise an spóirt agus dóibh siúd a chuireann suim i scéal maith. Arna léiriú ag Dearg Films.
Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie