Preas
Gradam Ceoil ag Expo
Ceolchoirm cheiliúrtha agus clár faisnéise ar TG4 go luath
08.09.25
#GradamExpo25
Á chur i láthair ag Gradam Ceoil TG4 agus Big Mountain Productions, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chomh maith leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG). Beidh an cheolchoirm cheiliúrtha agus an clár faisnéise ar TG4 faoi cheann cúpla mí.
Anocht (08/09/25) feicfidh an lucht féachana ceiliúradh iontach ar thraidisiúin na hÉireann agus na Seapáine ag Éire to Expo: The Best of Irish Music and Dance, á chur i láthair ag Gradam Ceoil TG4 agus Big Mountain Productions, le tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chomh maith leis an gCiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG). Is ceolchoirm aon oíche amháin í seo ina dtabharfar ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe den chéad scoth le chéile as dhá náisiún oileánda atá ar an taobh eile den domhan óna chéile le haghaidh meascán cultúir uathúil.
Beidh seachtar ceoltóirí a bhfuil Gradam Ceoil TG4, an gradam is iomráití don chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann, buaite acu ar stáitse:
- Gradam Ceoil TG4 2025 / Ceoltóir – Siobhán Peoples
- Amhránaí TG4 2025 – Cathy Jordan
- Gradam Saoil TG4 2025 – Matt Cranitch
- Grúpa Ceoil TG4 2025 – Flook
- Ceoltóir Óg TG4 2025 – Colm Broderick
- Cumadóir TG4 2025 – Johnny Óg Connolly
- Gradam Comaoine TG4 2025 – Áine Hensey
Beidh an pianódóir Rod McVey, an damhsóir ar an sean-nós Becky Ní Éallaithe, agus an stiúrthóir ceoil agus cumadóir Neil Martin ina gcomhluadar.
Ón tSeapáin:
- An t-amhránaí Misako Koya
- An damhsóir Taka Hayashi
- An fliúiteadóir Kozo Toyota
- Na drumadóirí Taiko Hiro Hayasida agus a mhac Luke
- An píobaire uasal Atsushi Yamane
- An sreangdhrumadóir uasal Yamane
- Na damhsóirí Bon Odori Yukiko Nakanishi agus Wataru Kikuchi
Le chéile, taispeánfaidh na taibheoirí den scoth seo saothair chlasaiceacha atá cóirithe go speisialta ar nós The Mountains of Pomeroy chomh maith leis an gcéad taibhiú domhanda in ómós do shaol an scríbhneora Sheapánaigh Yakumo Koizumi (Lafcadio Hearn) a rugadh in Éirinn.
Ó osclaíodh Expo 2025 in Osaka i mí Aibreáin, tá Éire agus 160 tír eile páirteach ann chun fáilte a chur roimh 19 milliún cuairteoir go dtí seo. Tá Pailliún na hÉireann, a dhear Oifig na nOibreacha Poiblí, ag cur taibhithe laethúla de cheol na hÉireann ar stáitse, ag cur ealaíontóirí Éireannacha ar taispeáint agus ag óstáil toscaireachtaí ardleibhéil polaitiúla agus trádála. Chuir sé sin deis ar leith ar fáil chun Éire a chur chun cinn do lucht spéise domhanda, i réigiún ina bhfuil mórthosaíochtaí agus uaillmhianta trádála agus infheistíochta ag Éirinn.
Dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4, “Is mór an onóir do Ghradam Ceoil TG4 cuireadh a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus ó World Expo chun an ceiliúradh domhanda seo de cheol, d’amhránaíocht agus de dhamhsa na hÉireann a scannánú agus a chur i láthair. Is é seo an chéad uair a bhfuil Gradam Ceoil TG4 á chur ar stáitse lasmuigh d’Éirinn, agus béim á cur ar a stádas mar an ócáid bhliantúil is iomráití a léiríonn luachanna lucht an cheoil thraidisiúnta. Tugann sé aitheantas freisin don cheangal ríthábhachtach a chruthaíonn Gradam Ceoil TG4 agus ceol traidisiúnta na hÉireann idir Éirinn agus pobail ar fud an domhain. Tá súil againn go gcuirfidh an cheolchoirm cheiliúrtha agus an clár faisnéise a bheidh ar TG4 faoi cheann cúpla mí, agus ar fud ardáin na meán idirnáisiúnta freisin, leis an gcaidreamh atá idir Éirinn agus an tSeapáin go ceann blianta fada.”
Jane Kelly, Big Mountain Productions “Tá lúcháir orainn an cheolchoirm agus an scannán ollmhór seo a léiriú do TG4 agus don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus trádála le tacaíocht ón gCiste Craoltóireachta Gaeilge. Táthar beagnach 2 bhliain i mbun forbartha ar an tionscadal seo agus táimid faoi chomaoin ag ár bhfoireann léiriúcháin agus seachadta speisialtóra ceoil bheo agus muid ag cur seó ar bun do 2,000 duine mar chuid de World Expo 2025.”
Áine Walsh, Ceann Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann, “Tá ríméad orainn a bheith in ann tacú leis an tionscadal seo a dhéanfaidh ceiliúradh ar na naisc chultúir chomhroinnte idir an dá náisiún oileánda seo, Éire agus an tSeapáin. Is éacht den scoth é seo ag an gcomhlacht Big Mountain atá lonnaithe san Iúr agus táimid ag súil go mór leis na taibheoirí is fearr in Éirinn agus a macasamhlacha Seapánacha a fheiceáil ar stáitse.”
Eolas Breise:
TG4
Is é TG4 cainéal na Gaeilge in Éirinn. Cainéal saorchraolta é ar féidir teacht air ar na hardáin ar fad, agus tá lucht féachana láidir aige ar fud oileán na hÉireann. D’fhéach breis is 80% de dhaonra na hÉireann ar TG4 ag tráth éigin le linn na bliana anuraidh. Tugtar aitheantas do TG4 as a chuid ábhar Cultúir agus Ceoil chomh maith le Cláir Faisnéise, Spóirt agus cláir do Leanaí. Is féidir féachaint ar TG4 ar fud an domhain ar aip Sheinnteoir TG4 nó ar www.tg4.ie.
Éire ag Expo 2025 Osaka
Beidh Expo 2025 ar bun in Osaka, Kansai, ón 13 Aibreán go dtí an 13 Deireadh Fómhair 2025.
Tá os cionn 160 tír agus eagraíocht idirnáisiúnta ag glacadh páirt in Expo 2025. Le linn na sé mhí seo, tabharfaidh na milliúin cuairt ar Osaka chun páirt a ghlacadh in eispéiris ó áiteanna ar fud an domhain agus iad a shú isteach.
‘Sochaí na Todhchaí a Dhearadh dár Saol téama Expo 2025 agus tá trí fhothéama aige – beatha daoine a shábháil, saol daoine a nascadh agus saol daoine a chumhachtú. Dealraíonn sé gur ócáid a spreagfaidh daoine a bheidh sa World Expo leis an téama seo, trí na samplaí comhoibrithe, nuálaíochta agus comhair is fearr ó áiteanna ar fud an domhain a chur ar taispeáint.
Is í an tSeapáin ceann de na comhpháirtithe trádála is mó atá ag Éirinn san Áise, agus is fiú breis is €21.5 billiún sa bhliain an trádáil dhá threo. Is é an fhoinse is mó Infheistíochta Dírí Coigríche in Éirinn é ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise.
Is é an aidhm atá ag Straitéis Éire Dhomhanda – tionscnamh ilbhliantúil, uile-Rialtais, ná raon agus tionchar rannpháirtíochta domhanda na hÉireann a dhúbailt faoi 2025. Leagtar béim sa straitéis ar fheasacht a mhéadú ar Éirinn thar lear.
Trí pháirt a ghlacadh in Expo, cuirtear ardán uathúil ar fáil chun caidrimh a bhunú go díreach le pobal na Seapáine agus le cuairteoirí ó ar fud an réigiúin.
Tá Pailliún na hÉireann ag Expo 2025 ina phríomhchuid de Chlár na hÉireann na Seapáine 2025, sraith gníomhaíochtaí bliana atá deartha chun láithreacht agus sofheictheacht na hÉireann a mhéadú, lena n-áirítear oscailt Theach na hÉireann nua le déanaí, agus na naisc pholaitiúla eacnamaíocha agus duine le duine atá ann cheana a láidriú.
Ailtirí Oifig na nOibreacha Poiblí a leag amach Pailliún na hÉireann agus fuair siad a gcuid inspioráide ón triscéil, móitíf ársa Cheilteach. Beidh Pailliún na hÉireann ina mhol d’eagraíochtaí Éireannacha, d’Fhoireann na hÉireann, don diaspóra agus don diaspóra comhleasa, chomh maith le bheith ina ionad chun ceangail le hÉirinn a chothú. Cuirfidh eispéireas tumthach cuairteora tuiscint níos fearr ar fáil do na cuairteoirí ar chultúr agus ar mhuintir na hÉireann agus ar na naisc atá aici leis an tSeapáin.
Is féidir tuilleadh eolais faoi Ireland at Expo a fháil ar Ireland.ie/Expo agus tá Clár na hÉireann na Seapáine 2025 ar fáil ar Ireland.ie/IrelandJapan2025
Big Mountain Productions
Is é Big Mountain ceann de na comhlachtaí léiriúcháin teilifíse neamhspleáiche is mó in Éirinn agus is ábhar ceoil agus imeachtaí speisialta an sainábhar a chuireann sé ar fáil do chraoltóirí éagsúla in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus i SAM.
An Ciste Craoltóireachta Gaeilge
Tá dhá shainchúram ag Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Náisiúnta na hÉireann, atá ag comóradh 20 bliain i mbliana, agus is iad sin tacú le hábhar ar ardchaighdeán Gaeilge a bhfuil canúint Uladh chun tosaigh ann agus cur leis an bhfás atá ag teacht ar earnáil na léiriúchán neamhspleách i dTuaisceart Éireann. www.northernirelandscreen.co.uk
Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Jane Kelly | Comh-Phríomhfheidhmeannach Big Mountain Productions | info@bigmountainproductions.com