Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Iománaíocht Hollywood - Mionsraith nua faoi Chluichí Gaelacha ar an Scáileán Mór

26.08.25

 

 

Beidh mionsraith nua cheannródaíoch á taispeáint ar TG4 ina bhfiosrófar cluichí Gaelacha ar an scáileán ó thús an 20ú haois.
 

Iománaíocht Hollywood: Is clár dhá chuid é Cluichí Gaelacha ar Scannán / Hollywood Hurling: Gaelic Games on Film ina dtugtar léargas uathúil ar an gcaoi ar léiríodh Éire, muintir na hÉireann agus ár spóirt náisiúnta sna scannáin, léiriúcháin ó mhórstiúideonna agus mórstiúrthóirí Hollywood ina measc ar nós an stiúrthóra Ghael-Mheiriceánaigh John Ford a bhfuil gradam Oscar buaite aige.
 

Léiriúchán le LMDÓC do TG4 arna mhaoiniú ag Coimisiún na Meán atá sa tsraith seo atá bunaithe ar an leabhar ardmholta Gaelic Games on Film: From silent films to Hollywood hurling, horror and the emergence of Irish cinema (Cló Ollscoile Chorcaí, 2019) le fear léinn Ollscoil na Gaillimhe Seán Crosson, arb é scríbhneoir agus léiritheoir comhlach na sraithe freisin é.
 

Déantar cur síos sa gclár ar ról lárnach na gcluichí Gaelacha i dteacht chun cinn chultúr dúchais na scannánaíochta Éireannaí sa dara leath den 20ú haois.
 

Craolfar an chéad chlár den tsraith an 4 Meán Fómhair ag 9.30pm (agus athchraolfar é ar an 5 agus an 7 Meán Fómhair). Craolfar an dara clár an 11 Meán Fómhair ag 9.30pm (agus athchraolfar é ar an 12 agus an 14 Meán Fómhair).
 

Dúirt an Dochtúir Seán Crosson: “Ba phribhléid a bhí ann oibriú leis an stiúrthóir Mac Dara Ó Curraidhín agus le TG4 ar an tsraith seo, chun an taighde a bhfuil mé ag plé leis le beagnach 20 bliain a léiriú ar fhíseán tríd an gcartlann iontach atá fós ann. Tugann na scannáin (agus ár gcomhoibrithe iomadúla) léargas uathúil dúinn ní hamháin ar léiriú agus ar fhorbairt na gcluichí Gaelacha, ach ar shochaí agus ar chultúr níos leithne na hÉireann, ón bpíosa scannánaíochta is luaithe atá fós ann den athimirt ar chluiche ceannais chraobhchomórtas sinsear peile na hÉireann in 1914 idir Loch Garman agus Ciarraí.”
 

Dúirt Mac Dara Ó Curraidhín: “D’imir mé na cluichí – bhí mé i mo pheileadóir maith go leor, ach ní raibh mé chomh maith ag an iománaíocht ná ag an liathróid láimhe – agus bhí an-spéis agam in ábhar cartlainne, go háirithe físeáin agus pictiúir – bhí ábhar cartlainne de chineál éigin i mbeagnach gach clár a léirigh muid le 31 bhliain. Mar gheall air sin, ba mhór an phribhléid é a bheith ag comhoibriú ar Iománaíocht Hollywood le Seán Crosson agus leis an bhfoireann agus leis an gcriú léiriúcháin iontach a bhailigh muid le chéile chun sraith a dhéanamh den ábhar dúshlánach seo.”
 

Úsáideadh pictiúir chartlainne áille de chluichí Gaelacha agus de shochaí na hÉireann ó thús an 20ú haois sa tsraith seo.
 

Tá réimse mórphearsana cultúir agus acadúla páirteach ann freisin, an tOllamh Paul Rouse, an tOllamh Mike Cronin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, an tOllamh Dermot Keogh, an Dochtúir Ciara Chambers, na déantóirí scannán Fergus Tigh agus Bob Quinn, an cineamatagrafaí Nick O’Neill agus laoch CLG Átha Cliath Jimmy Gray, nach maireann, ina measc, a bhfuil an tsraith seo tiomnaithe dóibh.
 

An tráth céanna leis an gcraoladh, tá leagan nua faoi chlúdach bog den leabhar a spreag an tsraith, Gaelic Games on Film: From silent films to Hollywood hurling, horror and the emergence of Irish cinema (Cló Ollscoile Chorcaí, 2025), díreach foilsithe agus tá sé ar fáil i siopaí leabhar agus ar líne https://www.corkuniversitypress.com/9781782050186/gaelic-games-on-film/
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: