Preas
Kneecap beo ag Electric Picnic, taifeadta ag TG4
Tá Buaicphointí ar fáil don lucht spéise ar fud an Domhain anois ar Sheinnteoir TG4
03.09.25
Pic: Síomha Ní Ruairc, Kneecap & John Sharpson
Is féidir féachaint ar bhuaicphointí de Kneecap ag Electric Picnic áit ar bith sa domhan: https://nasc.tg4.tv/Kneecap-ag-EP
Deis eile féachaint ar an gclár iomlán ‘Beo ón Electric Picnic’: https://nasc.tg4.tv/Beo_ón_Electric_Picnic
Bhí TG4 thar a bheith sásta go rabhthas ábalta craoladh, nár deineadh a leithéid riamh cheana, a dhéanamh ar Electric Picnic 2025 agus é a chur ar fáil don lucht spéise. Tugadh ardán sa gclár do chuid de bhannaí is iontaí na hÉireann agus deineadh ceiliúradh ar an nGaeilge ar stáitsí is mó na féile. Lárnach sa gcraoladh bhí léiriú ollmhór Kneecap, a chuir mír chumhachtach, lán go béal ar fáil ar an bPríomhstáitse. Bhí an mhír sin ina cuid suntais chinniúnach ag féile na bliana seo.
Mar cheiliúradh air sin, agus go tráthúil freisin ó tharla go bhfuil an t-amhrán nua “Sayōnara” díreach eisithe ag an mbanna, tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuil Buaicphointí ó choirm Kneecap ag Electric Picnic, a n-amhrán nua ‘Sayōnara’ mar aon le ‘H.O.O.D’ agus ‘The Recap’ ina measc, le fáil anois ar Sheinnteoir TG4.
Tugtar deis leis an gcraoladh eisiach seo don lucht spéise an fuinneamh, an paisean agus an tionchar cultúir a bhíonn ag ceolchoirm, ar ócáid thábhachtach atá inti don cheol Éireannach agus don Ghaeilge araon, a fheiceáil arís.
Áirítear sa gclár iomlán agus sa leagan buaicphointí de “Beo ón Electric Picnic”, arna chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, agallamh eisiach ar chúl stáitse le Móglaí Bap agus DJ Próvaí, agus iad ag caint faoi aistear ar leith an bhanna ó na laethanta tosaigh agus iad ag casadh sa bPuball Gaeilge go dtí a bheith ag casadh anois ar an stáitse is mó ag príomhfhéile cheoil na hÉireann.
D’eascair an craoladh ó ghairm a rinne TG4 le haghaidh imeachtaí beo ceoil a thaitneodh le lucht féachana faoi 35 TG4. Is iad na Léiritheoirí Feidhmiúcháin Cian Mac Cárthaigh agus Carol Gunner (84-Ochtó4 Productions) a smaoinigh ar an Electric Picnic a chur ar fáil do lucht féachana TG4. Bhí Melvin Benn, Stiúrthóir na Féile, an-thacúil i leith na Gaeilge agus i dtaobh ardán a thabhairt do stáitsí na Collchoille agus an Phubaill Gaeilge, stáitsí a thugann ardán ar leith do cheoltóirí Gaeilge.
Nuair a chuala Anton Cullen, atá i gceannas ar stáitse na Collchoille, faoin togra, bhí sé lárnach i dtabhairt chun fíre an togra. Thug sé cead isteach ar an suíomh don chriú agus chuidigh sé leo preabstiúideo a shocrú suas sa gCollchoill, agus bhí an stiúideo álainn sin le feiceáil ar an scáileán.
Dúirt Cian Mac Cárthaigh, Léiritheoir Feidhmiúcháin an chláir:
“Clár thar a bheith speisialta a bhí in Beo ón Electric Picnic a léiriú. Ní bheifí ábalta é a dhéanamh ar chor ar bith murach an tacaíocht dhochreidte a fuaireamar ó Stiúrthóir na Féile, Melvin Benn, agus ó Anton Cullen. Bhí an Chollchoill foirfe ar fad ina bunáit ag an seó – is áit thar a bheith speisialta é agus tá fuinneamh iontach ann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann go léir a d’oibrigh gan stad gan staonadh lena chinntiú go mbeadh an clár seo ar an gcaighdeán is airde. Ba mhór an pléisiúr é a bheith ann in éineacht leo.”
Maidir leis an gclár freisin dúirt Dearbhaile Flynn agus Donncha Mac Con Iomaire, Eagarthóirí Coimisiúnaithe TG4:
“Is lucht féachana thar a bheith tábhachtach do TG4 an lucht féachana Faoi 35 a bhfuil an Ghaeilge gar dá gcroí. B’iontach an deis a bhí sa gcomhoibriú seo le Electric Picnic chun fuinneamh, cruthaitheacht agus bríomhaireacht an lucht féachana sin a cheiliúradh ag ceann de thionóil chultúir is iontaí na hÉireann. Rinne 84 Productions léiriú den scoth ar an bhféile agus rinne siad a gach a d’fhéadfaidís a dhéanamh chun clár ar chaighdeán chomh ard sin a chur ar fáil i sprioc-am dian. Táimid thar a bheith buíoch do Electric Picnic as rochtain iontach a thabhairt dúinn agus tá súil againn go leanfar leis an obair seo leo amach anseo.”
Nuair a fuair Kneecap agus a mbainistíocht amach go mbeadh TG4 i láthair, bhí siad an-sásta agallamh eisiach a dhéanamh agus thug siad cead dóibh a mír stairiúil a thaifeadadh agus a chraoladh. Chinntigh a rannpháirtíocht gur cuireadh ceann de na hócáidí cultúir is tábhachtaí le linn na féile ar fáil ar Beo ón Electric Picnic.
Cé gurbh é léiriú Kneecap an buaicphointe, taispeánadh roinnt de na ceoltóirí den scoth a bhí ar stáitsí na Collchoille agus an Phubaill Gaeilge freisin ar an gclár, le míreanna iontacha ó leithéidí Amble, IMLÉ, Eve Belle, John Spillane, The Fógues, Byro, David Geraghty (BellX1), The Donnys, Dysania, Caolan Ryan, Lisa Murray, Lost West (a chas leagan speisialta de Dreams, amhrán leis The Cranberries), agus tuilleadh nach iad.
Rinne tacaíocht theicniúil, fuaime agus saoráidí THE COOP, John Vickers ó SOUND DESIGN agus Niall Varley ó Reverist sárléiriú amach is amach den chlár. D’éirigh leo clár ar chaighdeán den scoth a chur i dtoll a chéile in achar ama thar a bheith gearr.
Bhí píosa cainte le Melvin Benn, seisiúin acústacha, agallaimh agus píosaí cainte le lucht eagraithe, ceoltóirí agus lucht freastail mar chuid den chraoladh freisin. Ba cheiliúradh ceart a bhí sa gclár speisialta 90 nóiméad seo ar Electric Picnic 2025, inar tugadh ceol beo, an cultúr agus an teanga le chéile i gcraoladh amháin nach ndéanfar dearmad air.
Féach ar mhír Kneecap anois ar Sheinnteoir TG4 agus déan ceiliúradh ar eisiúint a singile nua “Sayōnara” – ré nua chumhachtach eile i scéal an bhanna, scéal a bhíonn ag athrú de shíor.
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie