Preas
Maoiniú €10 Milliún fógartha ag TG4 le caitheamh ar chláracha coimisiúnaithe nua in 2026
29.12.25
Leis an infheistíocht mhór seo, beifear ag cur leis an tacaíocht leanúnach a thugann TG4 do chláracha nua Gaeilge, do bhunábhar nua agus do smaointe nuálacha chomh maith le bheith ag tacú leis an nGaeltacht.

Tá pacáiste maoinithe €10 milliún fógartha ag TG4 chun smaointe cruthaitheacha nua a choimisiúnú ó earnáil na léiriúchán neamhspleách in 2026. Tacóidh an maoiniú seo le gealltanas TG4 ábhar nua Gaeilge a chruthú, léiritheoirí nua a spreagadh agus a fhorbairt, agus earnáil na léiriúchán neamhspleách a neartú.
Cuirfear an maoiniú ar fáil chun cláracha nua, spreagúla agus dána, atá dírithe ar réimse clár agus lucht féachana éagsúla a léiriú, lena n-áirítear siamsaíocht, na healaíona, stíl mhaireachtála, faisnéis, cúrsaí reatha, daoine óga, páistí, agus drámaíocht. Beidh fócas láidir ar ghlórtha nua a chothú agus comhlachtaí léiriúcháin nua a thabhairt chun cinn. Cuirfear an infheistíocht seo ar fáil anuas ar an maoiniú atá geallta cheana féin do chláracha atá i mbun léirithe agus treiseoidh sí tacaíocht fhadtéarmach TG4 don earnáil chruthaitheach.
Cuirfear an maoiniú i bhfeidhm trí bhabhtaí coimisiúnaithe oscailte, an babhta oscailte 2026 a dúnadh roimh an Nollaig san áireamh. Tá sé mar aidhm ag TG4 leis an maoiniú seo dul i mbun oibre le comhlachtaí léiriúcháin nua chomh maith le comhlachtaí atá ann cheana féin agus cur lenár dtacaíocht d’earnáil na léiriúchán neamhspleách trí chéile.

Cabhrófar le léiritheoirí bonn láidir a chur faoina ngnónna agus iad a mhéadú chomh maith le cruthaitheacht san earnáil a chumasú. Beidh béim ar leith ag TG4 ar fhorbairt na hearnála sna ceantair Ghaeltachta nach mbíonn ag obair go rialta linn le tacú le comhlachtaí léiriúcháin chun an maoiniú cruthaitheach atá againn a dháileadh níos fearr ar na ceantair Ghaeltachta go léir.
Chomh maith leis sin, tá sé i gceist ag TG4 conarthaí nua d’ollsoláthar clár a fhógairt in 2026.
Beidh infheistíocht shubstaintiúil á déanamh ag TG4 in ábhar nuachta agus cúrsaí reatha in 2026 freisin, nuair a chuirfear tús le seirbhís nuachta dhigiteach ilardán nua agus déanfar coimisiúnú ar a thuilleadh cláracha cúrsaí reatha.
Agus í ag fógairt an mhaoinithe seo don earnáil, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4; “Léiríonn an infheistíocht nua €10 milliún seo ár n-uaillmhian mar Chraoltóir Foilsitheoir do scláta ábhair TG4 a fhreastalaíonn ar ár lucht féachana agus léiríonn sé ár muinín as cumas cruthaitheach na hearnála léiriúcháin. Trí thacú le smaointe nua agus le léiritheoirí nua, chomh maith lenár ngealltanais mhaoinithe reatha don earnáil, táimid ag infheistiú i dtodhchaí scéalaíochta na nGael, agus sa chéad ghlúin eile de ghlórtha cruthaitheacha Gaeilge agus Gaeltachta.”
Tacaíonn fógra an lae inniu le straitéis TG4 forbairt leanúnach a dhéanamh ar earnáil na léiriúchán neamhspleách, sa Ghaeltacht ach go háirithe, chun ábhar nuálaíoch, éagsúil a chur chun cinn agus infheistíocht leanúnach a chinntiú i dtograí atá á bhforbairt nó i mbun léirithe cheana féin.