Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Méadú ar an Lucht Féachana agus ar an Lucht Tacaíochta a bhí i láthair ag Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan TG4

06.08.25



 
Féach ar Chluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan TG4
 
Mheall Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan TG4 2025 lucht féachana ollmhór agus ba é an dara slua ba mhó é a bhí i bPáirc an Chrócaigh ó 2019, nuair a d’fhreastail 56,114 duine ar an gCluiche Ceannais idir Áth Cliath agus Gaillimh.

Leanann TG4 de thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt pheil na mban ina chraoltóir oifigiúil agus ina phríomhurraitheoir trí chlúdach de Chluichí Ceannais na Sóisear, Idirmheánach agus na Sinsear a chur ar fáil do lucht féachana sa bhaile agus thar lear ar ardáin líneacha agus dhigiteacha. Craoladh gach ceann de na trí chluiche beo, saorchraolta, ar fud an domhain ar TG4 Dé Domhnaigh, an 3 Lúnasa.
 

Príomhuimhreacha an Lucht Féachana

De réir fhigiúirí sroichte oifigiúla TAM Ireland/Nielsen, d’fhéach beagnach 490,000 duine ar chlúdach TG4 de Lá na gCluichí Ceannais tráthnóna Dé Domhnaigh. Tharraing an Cluiche Ceannais idir Áth Cliath agus an Mhí lucht féachana 172,500 duine ar an meán, rud a léiríonn méadú 16% ar an lucht féachana i gcomparáid le Cluiche Ceannais Pheil na mBan 2024.

Ghlac an cluiche sciar 27.3% den lucht féachana i measc daoine aonair, rud a d’fhág gurb é TG4 an cainéal is mó a raibh tóir air in Éirinn le linn an chluiche tráthnóna Dé Domhnaigh. Baineadh buaicleibhéal an lucht féachana amach ag 5:43pm le 248,600 duine nuair a bhuaigh Áth Cliath Corn Bhreandáin Uí Mháirtín arís den chéad uair ó 2023. 

  • Cluiche Ceannais na Sinsear (Áth Cliath v An Mhí): Lucht féachana 172,500 duine ar an meán
  • Cluiche Ceannais Idirmheánach (Tír Eoghain v Laois): Lucht féachana 93,900 duine ar an meán
  • Cluiche Ceannais na Sóisear (Aontroim v An Lú): Lucht féachana 32,600 duine ar an meán

Foinse: TAM Ireland, Nielsen, Live + VOSDAL, Daoine Aonair 4+
 

Seinnteoir TG4

    Méadú 37% ar shruthanna beo ar na trí chluiche ceannais i gcomparáid le 2024.

    Léirítear treocht níos leithne den tóir atá ag dul i méid ar spórt beo ar líne.

 

Féachadh os cionn 3.4 milliún uair ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 le linn sheachtain na gcluichí ceannais

Féachadh os cionn 3.4 milliún uair ar chainéil meán sóisialta Spórt TG4 le linn sheachtain na gcluichí ceannais. Mír den scoth a bhfacthas os cionn 120,000 uair laistigh de 24 uair an chloig ab ea an cúl iontach a scóráil Nicole Owens d’Áth Cliath.

Féach ar an ríl is fearr anseo: https://www.instagram.com/reel/DM5d5_ttMF6/

Lean @SportTG4 ar na hardáin ar fad le haghaidh buaicphointí leanúnacha agus ábhar spóirt eisiach.

“Is údar bróid do TG4 a bheith i gcomhpháirtíocht le Cumann Pheil na mBan ó 2001. Tá an chomhpháirtíocht seo bunaithe ar thiomantas do pheil na mban agus mná sa spórt a chur chun cinn chomh maith leis an nGaeilge a normalú i gcomhthéacs spóirt. Is iad Cluichí Ceannais na hÉireann Pheil na mBan TG4 an buaicphointe ceart san fhéilire spóirt agus i bhféilire TG4. Is údar bróid dúinn na sceitimíní a bhíonn ar dhaoine i bPáirc an Chrócaigh a chur i láthair an lucht féachana ar fud an domhain.”Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4
 

Os cionn 48,000 duine i láthair ag na Cluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh

Bhí os cionn 48,000 duine sa lucht féachana i bPáirc an Chrócaigh Lá na gCluichí Ceannais. Is é sin an líon is mó daoine ag na Cluichí Ceannais ó 2019. Cuireann an chloch mhíle sin béim ar an móiminteam atá ag dul i méid taobh thiar de Pheil na mBan agus ar an nasc láidir atá á chothú le pobail agus le lucht tacaíochta ar fud na tíre.

Tá TG4 bródúil as an gcomhpháirtíocht láidir agus rathúil atá againn le Cumann Pheil na mBan ó 2001. D’éirigh linn próifíl spórt na mban a chur chun cinn le chéile agus an Ghaeilge a chur i gcroílár na gcluichí Gaelacha.

Gabhaimid buíochas ar leith le hArd-Stiúrthóir Chumann Pheil na mBan, Helen O’Rourke, as a cuid ceannasaíochta ar feadh an ama, agus le Trina Murray, Uachtarán Chumann Pheil na mBan. Is mór an onóir dúinn a bheith ag obair leo.

Táimid buíoch freisin do Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4, agus d’fhoireann Nemeton as a dtiomantas leanúnach agus a gclúdach den chéad scoth.

Táimid ag súil le bheith ag cur leis an gcomhpháirtíocht seo go ceann blianta fada eile.
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: