Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Oiliúint Ghairme sna Meáin - Páirtnéireacht idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta: Infheistíocht €1.2m in aghaidh na bliana le déanamh in earnáil léiriúcháin teilifíse, scannáin agus meáin na Gaeilge

03.12.25


Cathaoirleach TG4, Anna Ní Ghallachair, Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Tomás Ó Síocháin agus Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta, Siobhán Ní Ghadhra. Creidiúint: Seán Ó Mainnín

 

Seoladh comhpháirtíocht straitéiseach nua idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta inniu i gCeannáras TG4, comhpháirtíocht a ndéanfaidh an dá eagraíocht infheistíocht shubstaintiúil ar fiú os cionn €1.2m í in aghaidh na bliana inti idir seo agus deireadh 2028, chun oiliúint a chur ar dhaoine in earnáil na léiriúchán neamhspleách agus an earnáil sin a fhorbairt. 
 
Mar chuid den infheistíocht seo, cuirfear cláir forbartha agus oiliúna straitéisí ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh a ngairm sna meáin a fhorbairt agus do chomhlachtaí atá ag cur ábhar cruthaitheach ar fáil in earnáil na meán.  Cuirfidh an togra seo le scileanna, cáilíochtaí agus le cumas iomaíochta na gcomhlachtaí. Ceapfar Bainisteoir Cláir chun an togra agus na cláir oiliúna agus forbartha a riar i gcomhar le lucht bainistíocht Údarás na Gaeltachta agus TG4.
 

Ag labhairt di ag an ócáid, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá cumasú na cruthaitheachta i gcroílár straitéis TG4 agus tá earnáil na léiriúchán neamhspleách lárnach i bhforbairt na físe sin.  Tabharfaidh an chomhpháirtíocht seo le hÚdarás na Gaeltachta deis dóibh díriú ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála Gaeilge, ar oiliúint ghairmiúil, agus ar scileanna a fhorbairt don todhchaí ar bhonn straitéiseach, fadradharcach. Díreoidh an maoiniú breise seo ar bheartais chun tallann chruthaitheach na Gaeilge a chumasú, ar an gcéad ghlúin eile agus ar dheiseanna forbartha do chomhlachtaí atá ag feidhmiú trí Ghaeilge.”
 
Ag labhairt ag an ócáid, dúirt Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá tábhacht teanga agus eacnamaíochta le hearnáil closamhairc na Gaeltachta. Cuirfidh an pháirtnéireacht seo dlús faoi fhorbairt an tsrutha tallainne, mar aon le téagar a chur ann, agus neartóidh sí an cumas atá i lucht déanta ábhair agus léirithe clár trí mheán na Gaeilge. Déanfaidh sé seo iomlánú ar acmhainn na Gaeilge mar bhunábhar forbartha na hearnála, ábhar a bheidh léirithe trí chláir agus ábhar dhigiteach eile a sholáthar d’earnáil agus margaí na meán físe, pé acu ar an teilifís, mar scannáin, ar an idirlíon nó tríd na meáin dhigiteacha.”
 

Chuir TG4 agus Údarás na Gaeltachta tús le scéim phíolótach Taithí Oibre agus Oiliúna in 2019 agus bhí an scéim sin ar bun go dtí 2025.  Tá an comhfhiontar nua ag tarraingt ar an taithí a saothraíodh le linn ré feidhme na scéime sin. 
 
Bhí an scéim sin dírithe ar thacú le comhlachtaí Gaeltachta / Gaeilge agus é mar chuspóir aici tallann nua a chothú, scileanna a fhorbairt agus taithí oibre phraiticiúil a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag tosú amach san earnáil closamhairc agus meán digiteach na Gaeilge.  Mar chuid de sin, bhain rannpháirtithe na scéime cáilíocht acadúil (creidiúnaithe ag leibhéal 8) amach faoi stiúir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, OTA.
 
Tháinig an chomhpháirtíocht nua seo chun cinn mar thoradh ar thaighde chuimsitheach a raibh TG4 agus an tÚdarás ina bhun le blianta beaga anuas.  Mar chuid den taighde sin, chuathas i gcomhar le comhlachtaí, le fiontraithe agus leis na heagrais forbartha stáit atá lárnach i bhforbairt na hearnála closamhairc.  Léirigh torthaí an taighde go bhfuil tuilleadh infheistíochta ag teastáil chun borradh a chur faoi thraenáil agus faoi fhorbairt in earnáil na Meán Ghaeilge agus sna comhlachtaí léiriúcháin, mar aon le comhordú níos fearr a chinntiú idir na páirtithe leasmhara ar fad atá ag feidhmiú san earnáil.
 
Gné ar leith den togra seo is ea go mbeidh clár oiliúna ar leith le forbairt a bheidh dírithe ar na hIar-bhunscoileanna Gaeltachta.  Beidh sé mar aidhm ag an gclár eolas a roinnt le daltaí dara leibhéal faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san earnáil agus cuidiú leo tuiscint a fháil ar na gairmeacha beatha éagsúla a bheadh ar fáil dóibh in earnáil na cruthaitheachta.
 
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

Michelle Ní Chróinín | Ceannasaí Cumarsáide agus Margaíochta Údarás na Gaeltachta | cumarsaid@udaras.ie


Cuir aithne orainn: