Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Ráiteas ó TG4 ar Bhás Mhancháin Magan

03.10.25

Manchán Magan RIP

Is méala mór do TG4 Manchán Magan, craoltóir, scríbhneoir agus Gael, a bheith imithe ar shlí na fírinne.
 

Chaith Manchán a shaol go diongbháilte ar son na Gaeilge agus chuir a shaothar go mór le cultúr agus craoltóireacht na hÉireann mar gheall ar an mbua iontach scéalaíochta a bhí aige. Is fada é féin agus TG4 ag obair le chéile, ó cuireadh an stáisiún ar bun go dtí le tamall gairid anuas.
 

Láithreoir agus fear scannánaíochta a bhí i Manchán a dhéanadh a mhachnamh go dian agus go domhain ar ábhar a shaothair. Is iomaí sraith a léirigh sé agus a chuir sé i láthair in imeacht na mblianta do TnaG agus do TG4, é go minic ag obair in éineacht lena dheartháir Ruán Magan i mbun stiúrthóireachta, ar réimse leathan cláracha ina bhfeictear a chuid cruthaitheachta, samhlaíochta agus fiosrachta maidir le hoidhreacht, tír agus pobal na hÉireann, ón gcéad sraith de chláracha taistil ‘Manchán ar Seachrán’ a craoladh an chéad seachtain de TnaG ar an aer, go ‘No Béarla’ agus an tsraith ba dheireanaí uaidh ‘Ag Triall ar an Tobar’.
 

Ba é a dheartháir Ruán a chéad luaigh an smaoineamh maidir le Manchán ar Seachrán le TnaG, á áiteamh aige go mb’ábhar ríspéisiúil teilifíse an saol a bhí ag Manchán sna Himiléithe.
 

I leabhar ‘TG4@25’, ina ndearnadh ceiliúradh ar chothrom 25 bliain ó bunaíodh TG4, scríobh Manchán Magan: “I Mí Eanáir 1996, bhí mé i mo chónaí i scioból bó go hard i sléibhte na Himiléithe nuair a tháinig mo dheartháir Ruán amach go dtí an India chugam le ceamara beag digiteach, Sony DV 1-chip aige. Bhí mise caillte i saol na samhlaíochta ag an am, ar strae im intinn leochailleach, scaipthe. Ach bhí Ruán diongbháilte, agus fonn anois air sraithe teilifíse a stiúradh…Bhí argóint mhór agam le Ruán faoi ar cheart dúinn na radharcanna seo a scannánú, nó ar shuíomh príobháideach é, ach bhí sé féin lánchinnte go raibh sé de dhualgas orainn na cleachtais seo a roinnt leis an muintir sa bhaile, agus bhí siad mar pháirt lárnach den chlár teilfiíse a craoladh ar an dara lá de shaol TnaG”
 

Is iontach an saothar atá fágtha le hoidhreacht ag Manchán Magan agus is mór a rachaidh an cíoradh domhain dá chuid féin a rinne sé ar theanga, ar chultúr agus ar thír na hÉireann i gcion ar na glúnta atá le theacht.
 

Áirítear ar a shaothar do TG4:

  • Manchán ar Seachrán (1996)
  • Manchán i Meiriceá Theas (1997)
  • Manchán in Éirinn (1998)
  • Manchán USA (2000)
  • Manchán Um Nollaig (2000)
  • Manchan i dTenerife (2001)
  • Manchán sa Mheán Oirthear (2001)
  • Nasc (2002)
  • Manchan sa tSín (2003)
  • Cé a Chónaigh i mo Theachsa? (2010 & 2012)
  • Déanta in Éirinn (2012)
  • Bás Arto Leary (2013)
  • Crainn na hÉireann (2016)
  • DNA Caillte (2020)
  • An Fód Deireanach (2022)
  • Ag Triall ar an Tobar (2024)

 

Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Bhí saothar Mhancháin ag teacht go huile agus go hiomlán leis an mana atá ag TG4, Súil Eile. Thug sé léargas faoi leith ar shaol na Gaeilge, ar shaol na hÉireann agus ar na háiteanna eile a thaistil sé, agus bhí an-chumas aige sin a chur trasna don lucht féachana. Ba mhaith liom, thar ceann TG4, comhbhrón a dhéanamh lena bhean Aisling, le Cróine, a mháthair, le Ruán, a dheartháir agus leis an gcuid eile dá theaghlach.”
 

Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Ba scéalaí Manchán a raibh léargas faoi leith aige féin ar an ábhar agus a dtugadh a chuid cruthaitheachta, dánaíochta agus fiosrachta lucht féachana TG4 leis i gcláracha dodhearmadta ina gcíoradh sé gnéithe den Ghaeilge, den chultúr agus den oidhreacht. Bhí de bhua aige gur fhéad sé an domhan agus gnáis an tsaoil sin againn féin a léiriú dúinn ar bhealach nua. Mairfidh an chraobh ar an bhfál sna sárchláracha ríbhreátha a rinne sé ach is mór agus is trom a aireoimid uainn é.”
 

Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4: “Duine ann féin a bhí i Manchán Magan a labhair gan scáth ná faitíos agus é i mbun a chuid craoltóireachta. Ba léir i gcónaí ar a chuid cláracha do TG4 an meas mór a bhí aige ar an nGaeilge agus an cumas nádúrtha a bhí ann caidreamh a chothú le daoine maidir le gnéithe den oidhreacht agus den taobh tíre. Níl cur síos ar an méala a ghabhann lena bhás ach tá oidhreacht dá chuid féin fágtha ina dhiaidh aige lena shaothar a leanfaidh ina ábhar spreagtha go ceann blianta fada.”
 

Déanann TG4 comhbhrón ó chroí le hAisling, a bhean,  agus lena mháthair Cróine, leis an gcuid eile den chlann agus le gach duine atá á chaoineadh.
 

Suaimhneas síoraí dá anam uasal

 

Teagmháil do na Meáin i TG4 

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa| Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: