Preas
Ros na Rún ag ceiliúradh 30 Séasúr agus den chéad uair riamh beidh na cláir le fáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraolfar ar an teilifís iad
11.09.25
Beidh Ros na Rún le fáil gach Luan agus Céadaoin ar Sheinnteoir TG4. https://nasc.tg4.tv/Ros_na_Rún
Íomhánna Ardghléine: https://flic.kr/s/aHBqjCtS3M Creidiúint : Eoin Collins
Tá ríméad ar TG4 forbairt nua spreagúil a roinnt le lucht leanúna Ros na Rún, príomhdhráma Gaeilge na hÉireann. Beidh an tsraith ar ais an 16 Meán Fómhair 2025 agus chun an 30ú séasúr a chomóradh, beidh gach clár ar fáil le sruthú ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie) gach Luan agus Céadaoin, rud a thabharfaidh deis don lucht féachana breathnú ar an gclár lá amháin sula gcraolfar ar TG4 iad. Is deis iontach é an seoladh nua digiteach seo chun cur leis an lucht féachana mór atá ar fud an domhain cheana féin ag Ros na Rún.
Beidh an chéad chlár de shraith nua Ros na Rún ar fáil ar Sheinnteoir TG4 Dé Luain seo chugainn an 15 Meán Fómhair.
Is cuid de straitéis leanúnach TG4 é seo chun ábhar atá neodrach ó thaobh ardáin a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir leis an lucht féachana na cláir is fearr leo a fháil ar éileamh, am ar bith a dtogróidh siad, áit ar bith a dtogróidh siad. Tá lucht féachana dílis agus rialta ag Ros na Rún ar Sheinnteoir TG4, agus de réir mar atá na bealaí a bhíonn daoine ag féachaint ar ábhar ag athrú, tá TG4 tiomanta do fhreastal ar riachtanais an lucht féachana a shocraíonn breathnú ar ábhar ag am a oireann dóibh féin bíodh sin ar líne, ar an bhfón, nó ar theilifís chliste.
Léiriúcháin RnR a léiríonn Ros na Rún agus tá sé ina bhunchloch i gcraoltóireacht na Gaeilge le tríocha bliain, ag mealladh lucht féachana le scéalta láidre, téamaí comhaimseartha, agus fíorléiriú ar an saol i bpobal nua-aimseartha Gaeltachta. Anois agus tús á chur leis an 30ú séasúr, tá an tsraith chomh hábhartha agus chomh spéisiúil is a bhí riamh.
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, “Tá ríméad orainn an 30ú séasúr de Ros na Rún a chomóradh agus a bheith ag láidriú straitéis Gach Áit TG4 trí chláracha a chur ar fáil ar Sheinnteoir TG4 sula gcraoltar iad ar an teilifís. Leis an athrú seo, léirítear chomh mór is atá TG4 ag iarraidh níos mó ábhar atá neodrach ó thaobh ardáin de a chur ar fáil chun an lucht féachana a bhaineann tairbhe as ábhar ar éileamh a shásamh. Tá Ros na Rún lárnach i gclársceideal TG4 agus tá ról ríthábhachtach aige ina nasc idir an lucht féachana agus scéalaíocht chomhaimseartha na Gaeilge le tríocha bliain anuas. Is cúis bhróid dúinn go mbeimid in ann a bheith ag cur leis an oidhreacht sin agus glacadh leis an todhchaí dhigiteach ag an am céanna.”
Dúirt Siobhán Ní Ghadhra, Léiritheoir Feidhmiúcháin Ros na Rún: “Is cúis bhróid dúinn 30 bliain den scéalaíocht i Ros na Rún a cheiliúradh agus tá an-áthas orainn an chéad seoladh digiteach seo a chur ar fáil. Cuirfear na scéalta iontacha seo ar fáil anois dár lucht féachana dílis ar bhealaí nua agus spreagúla. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair le TG4 ar an tionscnamh seo chun a chinntiú go mbeidh Ros na Rún ar fáil do lucht féachana níos fairsinge, ar na hardáin ar fad ar Sheinnteoir TG4.”
Ó craoladh ar dtús é in 1996, tá fás agus forbairt tagtha ar Ros na Rún go bhfuil sé anois ar cheann de na drámaí is buaine agus is mó a bhfuil tóir air in Éirinn. Anuas trí na blianta, tá léargas ionraic tugtha ar cheisteanna deacra, goilliúnacha mar aon le hábhar croíúil, greannmhar agus siamsúil a chur ar fáil. De bharr go mbeidh teacht ag daoine ar an gclár roimh an am anois ar Sheinnteoir TG4, beidh sé d’acmhainn ag an tsraith cur lena lucht féachana agus tuilleadh lucht féachana anseo sa mbaile agus thar lear a mhealladh.
Teagmháil do na Meáin TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie
Teagmháil do na Meáin Ros na Rún:
Noreen D’Arcy | noreen@darcymarketingandpr.ie