Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Scannáin de chuid TG4 le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025

01.07.25

Tá ríméad ar TG4 go mbeidh 9 gcinn dá chuid tionscadal á dtaispeáint ag Fleadh Scannán na Gaillimhe 2025. Taispeánfar an chéad scannán eile faoi scéim CINE4, Báite, den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe i mbliana. Cuirfear Báite ar scáileán in Amharclann Halla an Bhaile ag 7pm Dé Céadaoin an 9 Iúil.
 

Báite1 Báite2 Báite3

 

Seo a leanas na scannáin de chuid TG4 a bheidh le feiceáil ag an bhFleadh i mbliana:

Báite – Ní bheidh an saol mar an gcéanna go brách arís do Peggy Casey, bean an tí Tigh Casey, nuair a aimsítear corp sa loch nuair a íslíonn leibhéal an uisce ann. Tagann an Bleachtaire Frank Ryan anuas as Baile Átha Cliath agus cuireann sé an saol trína chéile ar Peggy nuair a fhaigheann sé amach faoi stair an bhaile, agus faoi Peggy agus a clann. Arna léiriú ag Danú Media le tacaíocht ó Fís Éireann, TG4 agus Coimisiún na Meán.

Ag Lorg Hy-Brasil 1pm Dé Céadaoin an 9 Iúil in amharclann an Pháláis
Hy-Brasil

Is scannán fada faisnéise é Ag Lorg Hy-Brasil a fuair ábhar inspioráide ó iontráil na hÉireann ag Bienniale Ailtireachta na Veinéise. Bhí Inis Meáin i gcroílár an taispeántais. Go stairiúil, bhí ailtireacht an oileáin chreagaigh sceirdiúil seo múnlaithe ag a thaobh tíre agus ag an ábhar ar leith a bhí le fáil ann. Bhí sé sin ina fhoinse shaibhir inspioráide ag an bhfoireann d’ailtirí Éireannacha a roghnaíodh. Tá coincheap thar a bheith físiúil ag baint le Ag Lorg Hy-Brasil. Baintear úsáid as íomhánna agus fuaimeanna chun gnéithe an oileáin a threisiú, mar aon le scéalta a úsáid chun béim a leagan ar nádúr aonrach eisceachtúil an tsaoil ar an oileán. Arna léiriú ag Red Pepper Productions Ltd agus arna maoiniú faoi scéim ilDÁNA na Comhairle Ealaíon agus TG4.

 

David Keenan – Focla ar Chanbhás 9.30pm Dé Céadaoin an 9 Iúil in amharclann an Pháláis
David Keenan

Portráid atá sa gclár seo d’ealaíontóir amháin agus é ina fhear óg, ach is portráid freisin é de gach uile ealaíontóir ceoil atá ar a dhícheall an fód a sheasamh in aghaidh chumhacht na n-algartam, agus fanacht dílis dó féin agus dá ghairm ar bhealach cumhachtach.  Arna léiriú ag Tua Films agus arna maoiniú faoi scéim ilDÁNA na Comhairle Ealaíon agus TG4.

 

Mamó & Mise 10am Dé Céadaoin an 9 Iúil in Amharclann Halla an Bhaile
Mamó agus Mise

Téann Fionn ag múitseáil ón scoil chun a lá deireanach a chaitheamh in éineacht lena mhamó ar eachtra faoin tuath i gCorcaigh. Arna léiriú ag Desmond Bros Media Limited. Maoinithe ag TG4 i gcomhpháirtíocht le TG4 agus EBU.

 

Beo Faoin bhFód 11.30am Dé hAoine an 11 Iúil in amharclann an Pháláis
Beo faoin bhFód

Cuireadh Mick Meaney faoin bhfód i Londain i gcónra shimplí adhmaid in 1968. Tháinig na céadta ag an adhlacadh chun Mick a cheiliúradh. Ach, mar a tharlaíonn sé, ní raibh Mick básaithe. Bhí sé ag glacadh páirt i gcomórtas féachaint leis an gcuriarracht dhomhanda don ‘Am is Faide ag Duine Beo faoin bhFód’ a shárú.

Níorbh é Mick an chéad duine féachaint leis an gcuriarracht seo a bhaint amach, creid é nó ná creid. Tosaíonn an scéal in California sna 1920í agus críochnaíonn sé le bean rialta as an Ísiltír agus í curtha faoi bhfód i bpáirc aonaigh in Skegness. Trí úsáid a bhaint as ábhar cartlainne, beochana agus agallaimh le daoine a raibh aithne phearsanta acu ar Mick, tugtar an scéal seo chun beatha trí shúile a iníne ceanúla, atá ag streachailt le hoidhreacht aisteach a hathar.  Arna léiriú ag Black Lobster Production. Maoinithe ag TG4 agus Coimisiún na Meán.

 

Éire agus na Chéad Náisiúin 1.30pm Dé hAoine an 11 Iúil in Amharclann Halla an Bhaile
Éire agus na Chéad Náisiúin

Scéal dochreidte, a ligtear i ndearmad go minic, faoi na Gaeil agus an caidreamh stairiúil a bhí acu le Chéad Náisiúin Mheiriceá Thuaidh. Nochtann comhráite le hacadóirí agus tráchtairí bundúchasacha a bhfuil tuiscint den scoth acu ar an scéal, chomh maith le roinnt de na staraithe is mó cáil in Éirinn, fírinne an scéil ríshuimiúil seo. Léirigh ár n-iompar i leith na mBundúchasach an scoilt mhór inár n-aigne féin mar náisiún ag an am. Ba chairde agus naimhde muid, daoine a díshealbhaíodh agus a dhíshealbhaigh daoine eile óna dtalamh féin.  Arna léiriú ag Ronin Films le tacaíocht ó TG4, ILBF agus Coimisiún na Meán.

 

Babaí Brain 9.30am Dé Sathairn an 12 Iúil in Amharclann Halla an Bhaile
Babaí Brain

Tá Sarah an-mhór uile ag iarraidh páiste a bheith aici, go háirithe anois agus teipthe ar an gcóireáil IVF a bhí sí a fháil. Tosaíonn sí ag déanamh drochroghanna, fad is atá sí ag streachailt leis an uaigneas agus foirfeacht, a fhágann míshoiléir an difear atá idir an uaillmhian agus a bheith ag cur an dallamullóg ort féin. Arna léiriú ag Meangadh Fíbín. Maoinithe ag Fís Éireann, TG4 agus ILBF.

 

Ag Taisteal Siar 11.30am Dé Domhnaigh an 13 Iúil in amharclann an Pháláis
Ag Taisteal Siar

Is saintréith de chuid oidhreacht cheoil na hÉireann é ceol an Lucht Siúil ón am a raibh tóir ollmhór ar bhailéid sna 1960í. De réir mar a bhí an ceol ag dul ó neart go neart, bhí athrú ollmhór ag teacht ar an saol a bhí á chaitheamh ag an Lucht Siúil. Fiosraítear in Ag Taisteal Siar an méid ollmhór, go minic nach dtugtar aitheantas ar bith dó, atá curtha ag laochra amhail Pecker Dunne, Maggie Barry agus Johnny Doran le hoidhreacht cheoil na hÉireann. Beidh ceol agus agallaimh le Kathleen Keenan, Sarah Dunne, Sharyn Ward, Niamh Dunne agus Steo Wall, mar aon le filíocht a scríobh Martin Warde, mar chuid den chlár freisin. Maoinithe faoin scéim ilDÁNA, Coimisiún na Meán, ILBF. Arna léiriú ag DoubleBand Films.

 

Aontas 1.15pm Dé Domhnaigh an 13 Iúil in amharclann an Pháláis
Aontas

Féachann triúr gadaithe neamhghnácha, faoi stiúir mná atá ar tí cliseadh néarógach a bheith aici, le comhar creidmheasa faoin tuath a robáil. Tosaíonn Aontas leis an ngadaíocht imithe in aimhréidh orthu agus insítear an scéal droim ar ais go nochtar na heachtraí a tharla roimh ré. Trí sin a dhéanamh cuirtear bean cheanndána atá cráite ag a cuid smaointe féin os ár gcomhair. Arna léiriú ag Púca Pictures. Maoinithe ag ILBF, TG4, BBC Thuaisceart Éireann, le tacaíocht ó Yellowmoon.

 

Tuilleadh pictiúir ar fáil: Pictiúir TG4
 

Teagmháil do na meáin:

Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: