Preas
Seó Cluichí Nua Príomh-Ama do TG4 agus S4C
28.10.25

An Deis/ Y Deis
Tá scannánú ar tí tosú in Caerdydd ar Y Deis, formáid úrnua seó cluichí do S4C a mbeidh ádh na gCeilteach le brath air. Bhí comhoibriú idir S4C agus TG4 ríthábhachtach chun Y Deis a thabhairt chun fíre. Is údar bróid do S4C a fhógairt go bhfuil na cearta dá fhormáid nua seó cluichí ceannaithe ag an gcraoltóir seirbhíse poiblí Éireannach, TG4.
Déanfar an leagan Breatnaise den chlár a scannánú ar dtús in Enfys Studios in Caerdydd, agus déanfar an leagan Gaeilge do TG4, An Deis, a scannánú sna stiúideonna céanna ina dhiaidh sin. Déanfar leagan Béarla a scannánú ar mhaithe le spéis idirnáisiúnta a mhealladh chomh maith. Agus an scannánaíocht ar siúl, beidh stiúrthóir ilcheamara ón mBreatain Bheag, Geraint Rhys Lewis, á leanúint ag stiúrthóir Gaeilge a gheobhaidh taithí bhreise ar stiúradh ilcheamara i suíomh stiúideo. Is comhpháirtíocht shuntasach í seo idir an dá chraoltóir ó thaobh ábhair de, agus is léiriú láidir eile é ar an muinín agus ar an gcomhoibriú atá ag tarlú i measc na meán Ceilteach.
Tá meascán mealltach den eolas ginearálta, scil agus straitéis ag croílár Y Deis – chomh maith le beagán den ádh. Rachaidh trí fhoireann ar a bhfuil beirt in adharca a chéile thar roinnt babhtaí, agus iad ag cur lena gciste duaiseanna trí bheith ag smaoineamh go tapa agus ag imirt go cliste. Ní bhainfidh ach foireann amháin an cluiche ceannais amach, áit a dtabharfaidh siad faoi thráth na gceist i gcoinne an chloig a bhfuil geallta arda ag gabháil leis, ar mhaithe leis an gCiste Mór a bhreith leo.
Deir Laura Ní Cheallaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 “Tá ríméad orainn an fhormáid úrnua shiamsúil seo a chur os comhair lucht féachana TG4. Is príomhthosaíocht dúinn é tacú le hábhar nua, uathúil sna teangacha Ceilteacha agus ábhar den sórt sin a fhorbairt. Is sampla iontach é an comhoibriú seo le S4C de na féidearthachtaí a bhaineann le comhpháirtíochtaí cruthaitheacha. D’aithníomar go raibh féidearthachtaí móra ag baint leis an bhformáid seo agus táimid ag tnúth le An Deis a chur os comhair lucht féachana na hÉireann san Earrach in 2026 ar TG4.”
Chuir Príomhoifigeach Ábhair S4C, Llion Iwan, fáilte roimh an gcomhoibriú. “Is cúis eile bhróid í an chomhpháirtíocht seo le TG4 do S4C agus d’ábhar Breatnaise trí chéile. Léiríonn sé go bhfuil féidearthachtaí iontacha ag baint le formáidí uathúla, dúchasacha chun dul i bhfeidhm ar an lucht féachana i dtíortha eile – agus tá ríméad orainn go mbeidh lucht féachana nua ag an gclár seo in Éirinn a bhuí lenár gcairde i TG4.”
Dúirt Beth Angell, Ceannasaí Siamsaíochta agus Siamsaíochta Fíorasaí S4C “Táimid ar bís chun Y Deis a thabhairt chuig S4C – clár tráth na gceist bríomhar, uathúil atá ann a bhfuil fuinneamh iontach agus go leor spraoi ag baint leis. Ba mhór an pléisiúr é an fhormáid seo a fhorbairt in éineacht le Slam Media, agus táimid thar a bheith bródúil as bheith ag obair i gcomhpháirt le TG4 chun an clár a thabhairt ar an bhfód i mBreatnais agus i nGaeilge araon. Is fada liom go bhfeicfidh an lucht féachana é.”
Is é láithreoir chlár bricfeasta BBC Radio Wales, James Williams, a bheidh ina láithreoir ar Y Deis, agus é ag tabhairt faoi chlár siamsaíochta a chur i láthair den chéad uair do S4C. Is é Tyrone Productions a léireoidh an leagan Gaeilge den chlár; an comhlacht céanna a thug an fhormáid ‘Who Wants to be a Millionaire’ go hÉirinn roimhe seo. Is í an t-iriseoir agus láithreoir Eibhlín Ní Chonghaile a chuirfidh an clár i láthair agus a choinneoidh fuinneamh agus spleodar an chláir ag imeacht ar fud na náisiún Ceilteach.
Ba é Slam Media a chruthaigh agus a d’fhorbair an clár, agus inspioráid faighte ag an gceannaire cruthaitheach Gavin Cox ó ghairm a athar, nach maireann, a bhíodh ag dearadh cluichí meaisíní torthaí – rud atá cuí do chlár thráth na gceist atá bunaithe ar sheans agus ar eolas araon.
Is í an chuid is tábhachtaí den seó ná an meaisín dísle – struchtúr dinimiciúil, tarraingteach a chuireann le drámaíocht an chláir agus a bhfuil feidhm fhíorthábhachtach aige sa chluiche. Tá ról lárnach ag an dísle (an “deis”) i dtaobh thoradh an chluiche a chinneadh, ach ní leor an t-ádh amháin chun an bua a bhaint amach, mura bhfuil freagraí na gceisteanna ar eolas ag an bhfoireann.
Beidh dhá chlár speisialta á scannánú do shéasúr na Nollag chomh maith, ina bhfeicfear roinnt de phearsana móra S4C ag dul in adharca a chéile.
Tá Y Deis á léiriú le cúnamh ó Media Cymru agus ó Rialtas na Breataine Bige trí Creative Wales.

Teagmháil do na Meáin i TG4
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie