Preas
Sraith Nua Cúla4 do Leanaí ‘Mo Scéal Féin’, Seolta ag Féile Baboró na Gaillimhe
Mo Scéal Féin ar Cúla4 - 24 Deireadh Fómhair 2025 - 14:00 & 17:00
20.10.25
Is cúis bhróid do TG4 agus do Ronin Films an tsraith teilifíse ‘Mo Scéal Féin’ a sheoladh i dTaibhdhearc na Gaillimhe Dé hAoine, an 17 Deireadh Fómhair ag 4pm, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Baboró do Leanaí na Gaillimhe. Bhailigh lucht spéise óg, teaghlaigh agus aíonna le chéile chun cruthaitheacht, fiosracht agus comhbhá daoine óga ar fud na hÉireann a cheiliúradh sula dtaispeánfar an tsraith den chéad uair ar Cúla4, Déardaoin, an 24 Deireadh Fómhair.
Maidir le ‘Mo Scéal Féin’
Is sraith teilifíse nua Gaeilge do pháistí í ‘Mo Scéal Féin’ ina bhfuil guthanna agus paisin na ndaoine óga i lár stáitse. Tá an tsraith cúig chlár á maoiniú ag an gCiste Craoltóireachta Gaeilge agus á léiriú ag Ronin Films do Cúla4, agus tugtar cuireadh don lucht féachana daoine óga ar fud na hÉireann a leanúint agus iad ag fiosrú na rudaí is mó a bhfuil spéis acu iontu ó fhiadhúlra, faisean, teicneolaíocht agus obair foirne.
Beidh duine nó grúpa daoine óga difriúla i ngach clár a bheidh 13 nóiméad ar fhad agus rachaidh siad ar thuras pearsanta taiscéalaíochta, tuisceana agus spraoi. Tá an clár dírithe ar an lucht féachana idir 8-13 bliana d’aois agus tá meascán de scéalaíocht tharraingteach agus ábhar láidir Gaeilge sa tsraith, rud a spreagfaidh an chruthaitheacht, spiorad pobail agus grá don
Ghaeilge. Tá ‘Mo Scéal Féin’ foirfe do theaghlaigh agus do scoileanna toisc go spreagtar páistí a n-aislingí a leanúint agus an domhan mórthimpeall orthu a fhiosrú ina bhfocail féin agus ina dteanga féin.
Buaicphointí na gClár
Nochtfaidh Seoirse Mac Fheidhlimidh as Gort an Choirce stair fhiáin na mbéar in Éirinn, ó Wild Ireland i nDún na nGall go hArd-Mhúsaem na hÉireann, áit a ndéanfaidh sé scrúdú ar chnámha béar leis an seandálaí Marion Dowd.
Leagfaidh Saorla agus Leela as Béal Feirste uathu na deiseanna digiteacha agus múchfaidh siad na scáileáin ar feadh 48 uaire. Rachaidh siad ar ziplíne, ag gearradh puimcíní, ag bácáil, agus ag spraoi le coileáin agus iad ag cur eolas ar an sonas a bhaineann le cairdeas agus leis na rudaí simplí sa saol an athuair.
Fiosróidh Lughaidh Marshall as Lurgan, ar mhaith leis a bheith ina éaneolaí, an tóir atá aige ar éin ag Fuinneog Fiadhúlra an RSPB agus ar Loch nEathach, áit a bhfoghlaimeoidh sé le haire a thabhairt do ghnáthóga áitiúla.
Tabharfaidh Emer Ní Chléirigh and Ríonach Mac Giolla Bhéin, daoine óga a bhfuil dúil acu i bhfaisean, faoi mhisean stíle inbhuanaitheach i mBéal Feirste trí éadaí a uaschúrsáil, freastal ar imeachtaí malartaithe, agus a n-imeacht féin a óstáil lena gcuid cairde.
Féachfaidh Daniel Ó Maoláine as an bhFána Bhuí lena mhadra caorach Nan a thraenáil, é spreagtha ag a uncail ar éirigh go maith leis sna trialacha áitiúla, rud a chruthóidh gur fiú go mór obair foirne agus foighne.
Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe agus Feidhmeannach Ceannachán d’Ábhar do Leanaí TG4 agus Cúla4:
“Is ceiliúradh iontach é Mo Scéal Féin ar an indibhidiúlacht, ar an gcruthaitheacht agus ar an bpobal, agus léiríonn sé na luachanna ar fad atá againn in Cúla4. Tá fíorbhród orainn guthanna agus scéalta daoine óga a thaispeáint ar an scáileán ar bhealach atá fíor, spraíúil, agus fréamhaithe go láidir sa nGaeilge. B’ábhar inspioráide ar fad an díograis agus an tsamhlaíocht a thaispeáin gach duine a raibh baint acu leis an tsraith seo, agus tá súil againn go spreagfaidh sí tuilleadh páistí chun a gcuid scéalta féin a insint ina bhfocail féin.”
Dúirt Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceann an ILBF i Scáileán Thuaisceart Éireann:
“Tá ríméad orainn tacú leis an tsraith álainn seo a thugann léargas don lucht féachana ar na rudaí a bhíonn ar bun ag Gaeilgeoirí ina gcuid ama saor. Léirítear a bpaisean agus a ndearcthaí, ó fhaisean inbhuanaithe, traenáil madra caorach, béir, éanbhreathnú agus staonadh ó na gairis dhigiteacha fiú, agus is cinnte go spreagfaidh Mo Scéal Féin daoine óga eile chun bheith fiosrach agus chun dul sa seans.”
Dúirt Ronan McCloskey ó Ronin Films:
“Tá an-bhród orainn go raibh muid páirteach i léiriú na gclár seo a rinneadh i gcomhar leis na daoine óga féin. Is spriocghrúpa an-tábhachtach iad seo don Ghaeilge, agus sa chlár seo buailfidh muid le daoine ó ghlúin iontach a bhfuil an-fhonn orthu a gcuid scéalta féin a insint ina dteanga dhúchais. Tá súil againn go ndéanfaidh muid a lán eile de na cláracha seo amach anseo.”
Sonraí Meán Sóisialta Cúla4:
YouTube: @Cúla4
Instagram: @cula4_tg4
Facebook: Cúla4
TikTok: @cula4tg4
Teagmháil do na Meáin i TG4
Áine Lally Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie