Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Tá díolúintí ó staidéar na Gaeilge ag níos mó daltaí scoileanna ná bhí riamh - Iniúchadh TG4 - 'As Láthair'

24.09.25

Kevin Magee - Iniúchadh TG4 'As Láthair'

Kevin Magee – Iniúchadh TG4 – ‘As Láthair’

Blaisín Iniúchadh TG4 – ‘As Láthair’
 

Tá díolúine faighte ag 60,946 páiste meánscoile, an líon is mó riamh, ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais agus Óige agus atá faighte go heisiach ag TG4.
 

Cuireadh na staitisticí nua ar fáil go heisiach don chlár cúrsaí reatha TG4, Iniúchadh TG4 – As Láthair a chraolfar anocht Dé Céadaoin an 24 Meán Fómhair ag 21.30pm agus a bheidh á chur i láthair ag an iriseoir iniúchta a bhfuil gradam buaite aige, Kevin Magee.
 

Léiríonn na figiúirí go bhfuil líon na ndaltaí a fuair díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge beagnach dúbailte le seacht mbliana – agus tá faitíos ar roinnt daoine go bhfuil an Ghaeilge ag cailleadh an stádais éigeantaigh atá aici i scoileanna.

Fiosrófar sa gclár na cúiseanna a bhfuil líon na ndíolúintí ag méadú sa gcóras oideachais an tráth céanna a bhfuil athbheochan ag teacht ar chultúr na Gaeilge i measc na hóige mar gheall ar an tóir mhór atá ar bhannaí ceoil ar nós Kneecap, an tóir atá ar choláistí samhraidh agus an fás atá ag teacht ar líon na dtionchairí ar líne a bhíonn ag labhairt Gaeilge.

Tá éilimh déanta ag an gCumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha (NAPD) sa gclár nach ar a gcuid ball a bheadh an fhreagracht díolúine a dheonú, mar, a deir siad, go bhfuil tuismitheoirí atá ag lorg díolúine dá bpáistí ag cur brú ar phríomhoidí.

Léirítear sna figiúirí is déanaí ón Roinn Oideachais agus Óige go raibh díolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge ag 60,946 dalta nó ag 14.3% den daonra iar-bhunscoile i mbliain acadúil 2024/25, cé gur ábhar éigeantach atá inti.

Is ionann sin agus cead speisialta gan staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge a bheith faighte ag duine as gach seachtar páiste meánscoile faoi láthair.  Léirítear go raibh méadú 5,286 dalta ar líon iomlán na bliana roimhe sin, ó 55,660 go 60,946 dalta, arb ionann é agus 13.4% den daonra iar-bhunscoile.

Tá córas na ndíolúintí ag cur an iomarca brú ar phríomhoidí agus ar leas-phríomhoidí, dar leis an gcomhlachas gairmiúil a bhíonn ag déanamh ionadaíochta ar a son.

Faoi láthair, is féidir le príomhoide scoile cinneadh díolúine a thabhairt do dhalta má shásaíonn sé na critéir riachtanacha atá leagtha amach ag an Roinn Oideachais agus Óige. De ghnáth, baineann na coinníollacha le páistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu nó le páistí nua atá tagtha ó thar lear go hÉirinn.

Dúirt Stiúrthóir NAPD, Paul Crone:
“Níor cheart go mbeadh an fhreagracht as díolúintí Gaeilge a dheonú ar Phríomhoidí a thuilleadh agus go gcuirfí deireadh leis an gcleachtas seo láithreach. Is é an chúis atá leis seo ná nádúr teicniúil sonrach an chinnidh maidir leis an díolúine agus an choimhlint a chothaíonn sé idir an Príomhoide agus an tuismitheoir nuair nach gcomhlíontar na critéir. “Creideann tuismitheoirí go bhfuil an rogha ag an bPríomhoide an díolúine a dheonú agus is minic a fhaigheann siad nóta leighis óna ndochtúir teaghlaigh chun tacú lena n-éileamh nuair nach gcomhlíontar na critéir le haghaidh díolúine, agus is minic a bhíonn idirghníomhaíochtaí míthaitneamhacha agus ionsaitheacha gan ghá mar thoradh air seo.”
 

Dúirt an Roinn Oideachais nach bhfuil aon phleananna aige freagracht na cinnteoireachta i dtaobh díolúintí a bhaint ó phríomhoidí. “Níl sé sin á bhreithniú faoi láthair,” a dúirt urlabhraí.
 

Ach léirítear sna figiúirí ón Roinn Oideachais agus Óige freisin go raibh thart ar dhá thrian, nó 20,264 dalta, a raibh díolúine faighte acu mar gheall ar riachtanais speisialta oideachais (SEN) ag déanamh staidéar ar theanga eile seachas Gaeilge i rith na bliana acadúla 2023/24.

Tá imní ar roinnt saineolaithe go bhfuil stádas na teanga ag ísliú i gcóras na scoileanna, agus go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina hábhar roghnach amach anseo seachas a bheith ina hábhar éigeantach mar gheall ar an ardú eile seo atá tagtha ar líon na ndíolúintí atá ceadaithe ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge.

 

Ag labhairt dó i nGaeilge, dúirt Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus san Institiúid Oideachais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath:
“Tá rudaí áirithe éigeantach sa scoil, caithfidh tú mata a fhoghlaim. Caithfidh tú Béarla a fhoghlaim. Caithfidh tú bunscileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhoghlaim agus mar sin de, agus mar Éireannach chuirfinn an Ghaeilge isteach i measc na rudaí sin. Níl a fhios agam an polasaí comhfhiosach atá ann ach is dóigh liom gurb é an toradh a bheidh ar an bpolasaí seo, mura ndéantar leasú air, ná go mbeidh an Ghaeilge mar ábhar roghnach amach anseo, go b’in an toradh fadtréimhseach nó meántréimhseach a bheadh air.”
 

Dúirt an Roinn Oideachais agus Óige, mar fhreagra ar an gclár, nach bhfuil aon phleananna aici ábhar neamhéigeantach a dhéanamh den Ghaeilge sa scoil. “Níl, níltear i mbun breithnithe air sin,” a dúirt urlabhraí.
 

Go ginearálta, tugtar díolúine do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, do pháistí atá ag freastal ar scoileanna speisialta nó do pháistí a thagann go hÉirinn ó thar lear nach raibh aon taithí acu roimhe sin ar bheith ag foghlaim na Gaeilge. Tugtar thart ar leath de líon iomlán na ndíolúintí do pháistí nua atá ag teacht go hÉirinn agus ag dul isteach sa gcóras oideachais.

Dúirt an Roinn Oideachais agus Óige nach mór féachaint ar fhigiúirí na ndíolúintí “i gcomhthéacs níos leithne” bunaithe ar líon na scoláirí nua atá ag bogadh go hÉirinn ó thar lear, go leor acu atá i dteideal díolúine uathoibríoch a fháil ón nGaeilge – polasaí a cháintear i gclár faisnéise TG4 – “As Láthair” nó “Absent”.

 

Dúirt Príomhoide Choláiste Pobail Fóla in Iarthar na Cathrach, Baile Átha Cliath, Joy Uí Mhurchadha, go raibh an riail lena dtugtar díolúine uathoibríoch do go leor páistí a thagann anseo ó thar lear seanaimseartha, agus gur cheart í a athrú.Ag labhairt di i nGaeilge, dúirt sí:
“Sílim gur dearcadh an-seanfhaiseanta é sin, agus cinnte leis na daltaí a thugamar seans dóibh triail a bhaint as an nGaeilge, go mbaineann siad taitneamh as. An chuid is mó den am, leanann siad leis an nGaeilge sa chás sin, agus is dócha ó thaobh na hionchuimsitheachta de go bhfuil daltaí a bhfuil deacrachtaí foghlama acu, daltaí atá tar éis teacht ó thíortha eile, mothaíonn siad nach bhfuil siad mar chuid de phobal na scoile, agus má deir tú leo freisin nach bhfuil siad i dteideal an Ghaeilge a fhoghlaim, cuirfidh tú leis an mothú nach bhfuil siad mar chuid de phobal na scoile. Sílim go bhfuil tú ag rá leo ar bhealach eile chomh maith, go bhfuil siad difriúil ar an mbealach seo freisin – níl cead agat an Ghaeilge a fhoghlaim.”
 

Dúirt urlabhraí thar ceann na Roinne sa gclár nach mór líon na ndaltaí atá ag teacht ó thar lear le blianta beaga anuas a áireamh nuair atá líon na ndíolúintí á scrúdú. Tá os cionn 18,000 dalta ón Úcráin cláraithe le trí bliana anuas agus tá “méadú ag teacht ar líon na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais níos casta acu”, a dúirt an t-urlabhraí.
 

Iniúchadh TG4 – ‘As Láthair’

Dé Céadaoin 21:30

TG4 & TG4.ie

 
 

Déan Teagmháil leis an Rannóg Cumarsáide i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa| Eagraí Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: