Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag craoladh ón Electric Picnic i mbliana

BEO ÓN ELECTRIC PICNIC – 9.30pm, Dé Domhnaigh, 31 Lúnasa ar TG4

25.08.25

Beidh TG4 ag craoladh ón Electric Picnic i mbliana, an Fhéile Cheoil agus Ealaíon atá díolta amach agus a bheidh ar siúl sa Sráidbhaile i gCo. Laoise.

Síomha Ní Ruairc – Creidiúint: Martina Regan John Sharpson – Creidiúint: Paddy Kirk at Hunter Media Group

 

Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson a chuirfidh BEO ÓN ELECTRIC PICNIC i láthair agus beidh ceol beo ar an gclár ón gCollchoill agus ón bPuball Gaeilge. I measc na mbuaicphointí ar na stáitsí sin beidh Bláithín Mhic Cana agus Piaras Ó Lorcáin, IMLÉ, John Spillane, Clada, Amano, Caolan Ryan, Dysania agus neart eile. Ar an gclár freisin, beidh agallaimh agus seisiúin acústacha faoi leith le roinnt de na ceoltóirí mór le rá a bheidh ag seinm ag féile na bliana seo – is cinnte go bhfuil iontas nó dhó i ndán duit!
 
Tá an Ghaeilge lárnach san Electric Picnic agus léireofar sin ar BEO ÓN ELECTRIC PICNIC. Mar aon leis na ceoltóirí agus na bannaí a bheidh ag casadh i nGaeilge ar na stáitsí sa Chollchoill agus sa Phuball Gaeilge, beidh podchraoltaí, seisiúin ióga, céilí mór, fuirseoirí agus campáil sa Láthair Ghaeltachta. Labhróidh Síomha agus John leo siúd atá ríthábhachtach chun féile mar seo a reáchtáil; an lucht eagraithe, na daoine ar an stáitse agus ar ndóigh, an lucht freastail.
 
Ceiliúradh ar an bhféile cheoil is mó in Éirinn a bheidh sa chraoladh speisialta uair go leith seo. Ná bí buartha mura bhfuil ticéad agat mar níl ort ach TG4 a chasadh air agus beidh tú i lár an aonaigh.
 
Arna léiriú ag 84-Ochtó4 Productions do TG4.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:

Linda Ní Ghríofa | TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: