Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 Beo ó Rásaí na Gaillimhe

Craoladh beo as Gaillimh Dé hAoine an 1 Lúnasa agus Dé Sathairn an 2 Lúnasa

28.07.25


 
Tá lúcháir ar TG4 a fhógairt go mbeidh dhá lá de chlúdach beo ó Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe 2025, le Rásaí Beo ag craoladh os cionn ceithre uair an chloig de rásaíocht bheo gach láDé hAoine an 1 Lúnasa agus Dé Sathairn an 2 Lúnasa.
 

 
Ceann de na buaicphointí i bhféilire spóirt na hÉireann, fillfear ar Rásaí Beo i mBaile an Bhriotaigh le haghaidh deireadh seachtaine eile lán le drámaíocht na rásaíochta capaill. Craolfar gach ceann de na 16 rás ar feadh an dá lá beo ar TG4, agus ina measc beidh príomhrás an Aoine, an Guinness Handicap (6:35pm) a bhuaigh Nurburgring le JJ Slevin in 2024, agus buaicrás an tSathairn, an BoyleSports Handicap Hurdle (2:37pm) a bhuaigh The Wallpark anuraidh, capall ó stábla Gordon Elliott.
 
Beidh foireann Rásaí Beo i láthair le hanailís ghairmiúil agus tráchtaireacht den scoth. Beidh an clúdach faoi stiúir Seán Bán Breathnach in éineacht leis na hanailísithe Mánus Ó Conghaile agus Evelyn Ní Ghriallais. Beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully ag tuairisciú ón ráschúrsa agus Cárthach Bán Breathnach i mbun tráchtaireachta.
 
Tá Rásaí Beo á léiriú ag Nemeton TV, atá lonnaithe i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Is iad an fhoireann chéanna a léiríonn Laochra Gael, Peil na mBan Beo, agus GAA Beo do TG4.
 
Beidh an lucht leanúna in ann taitneamh a bhaint as buaicphointí na féile, réamhamharc a fháil ar na rásaí, agus ábhar eisiach a fháil ó chúl an stáitse ar ardáin meán sóisialta TG4.
 
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi Fhéile Samhraidh Rásaí na Gaillimhe: galwayraces.com
 
 
Dé hAoine 1 Lúnasa – Live from 4:45pm

5:00pm – The James’s Gate Irish EBF Median Auction Maiden

5:30pm – The Guinness Beginners Steeplechase

6:00pm – The Guinness Galway Blazers Handicap Steeplechase

6:35pm – The Guinness Handicap

7:10pm – The Guinness Irish EBF Fillies Maiden

7:40pm – The Arthur Guinness Handicap

8:10pm – The Rockshore Refreshingly Irish Race

8:40pm – The Hop House 13 Handicap
 
 

Dé Sathairn 2 Lúnasa – Live from 1:55pm

2:02pm – The BOYLE Sports Best Odds Guaranteed Maiden Hurdle

2:37pm – The BOYLE Sports Galway Tribes Handicap Hurdle

3:12pm – The BOYLE Sports Handicap Hurdle

3:52pm – The Whiriskey Refrigeration Irish EBF Maiden

4:27pm – The Bathshack Maiden

5:00pm – The Ardilaun Hotel Handicap

5:35pm – The McDonogh Capital Investments Handicap

6:05pm – The Salthill Hotel Irish EBF Mares Flat Race
 
 

Teagmháil do na meáin:

Shane Walsh | Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: