Preas
TG4 chun 6 Lá Rásaíochta Capall a Chraoladh Beo ó Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail
19.09.25
Fillfidh TG4 ar an Ríocht arís an tseachtain seo chugainn chun sé lá rásaíochta capall a chraoladh beo ó Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail.
Tá an chomhpháirtíocht seo idir TG4 agus an fhéile ann le fiche bliain anois ó craoladh an fhéile ar dtús ó Lios Tuathail in 2004. Beifear ag comóradh 21 bhliain de Rásaí Lios Tuathail ar TG4 i mbliana, agus beidh an fhoireann beo ó Chiarraí ó Dé Luain an 22 Meán Fómhair go dtí Dé Sathairn an 27 Meán Fómhair. Sin an tráth céanna a bhfuiltear ag comóradh an 167ú bliain den fhéile stairiúil seo ar buaicphointe í i bhféilire na rásaíochta in Éirinn.
Mealladh slua mór ó gach cearn den tír agus thar lear chuig an bhféile anuraidh agus cuireadh scoth na rásaíochta ar fáil dóibh. Bhuaigh Flooring Porter, a thraenáil Gavin Cromwell agus a raibh Keith Donoghue ag marcaíocht uirthi, príomhrás na seachtaine – an Guinness Kerry National – go paiteanta.
Tosóidh féile na bliana seo le dhá lá rásaíochta ar an gcothrom ar an Luan agus Máirt, sula mbeidh an rásaíocht seilge náisiúnta i lár an aonaigh ón gCéadaoin ar aghaidh. I measc bhuaicphointí na seachtaine beidh an Guinness Kerry National ar an gCéadaoin agus Lá na mBan ar an Aoine. Is iad an craoltóir Louise Duffy agus an dearthóir Shauna Courtney a bheidh ina moltóirí ar an gcomórtas don bhean is fearr gléasta – ceann de na hócáidí is mó mbítear ag súil léi ag an bhféile gach bliain.
Taispeánfar ábhar eisiach don lucht féachana i rith na seachtaine, lena n-áirítear cuairteanna ar na graífheirmeacha agus ar na traenálaithe is fearr, mar shampla Eoin McCarthy as Luimneach, a bhua a rás féin beo ar TG4 anuraidh lena chapall Kingdom Calling, agus Pat O’Donnell, a bhuaigh rás ag Féile Ebor i Sasana anuraidh le Extensio.
Is é Seán Bán Breathnach a bheidh ag stiúradh an clúdaigh arís i mbliana agus beidh Mánus Ó Conghaile, Sarah Lynam agus Evelyn Ní Ghriallais ina theannta. Mike Ó Sé a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí, agus beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully ann chun léargas a thabhairt don lucht féachana ar atmaisféar an imeachta agus le bheith ag caint le húinéirí, traenálaithe, marcaigh agus lucht freastail i gcaitheamh na seachtaine.
Lean Spórt TG4 ar na meáin shóisialta chun buaicphointí, nuacht agus clúdach sa chúlra a fháil ó Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail.
Lá | Am | Clár | Eolas | Ardán | Cearta |
---|---|---|---|---|---|
Dé Luain 22/09 | 14:25 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Dé Máirt 23/09 | 14:40 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Dé Céadaoin 24/09 | 13:50 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Déardaoin 25/09 | 14:05 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Dé hAoine 26/09 | 13:55 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Dé Sathairn 27/09 | 14:00 | Rásaí Beo | Rásaí Lios Tuathail | TG4 | Domhanda |
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie