Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 chun gach céim de Tour de France a chraoladh beo

23.06.25

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go gcraolfaidh sé gach céim de Tour de France 2025 beo, rud a chiallaíonn go mbeidh an t-imeacht rothaíochta is mó agus is cáiliúla ar domhan á chur ar fáil saor go haer do lucht féachana na hÉireann ó thús go deireadh.
Foireann Tour de France TG4
 
Cuirfear tús leis an 112ú eagrán den Tour de France Dé Sathairn an 5 Iúil le lúb 184km a thosóidh agus a chríochnóidh in Lille Métropole, agus cuirfear clabhsúr ar an gcomórtas Dé Domhnaigh an 27 Iúil nuair a thabharfar ar ais an chéim dheireanach mór le rá ar an Champs-Élysées i bPáras, céim nach raibh ann anuraidh de bharr go raibh Cluichí Oilimpeacha 2024 ar siúl.

 
Is turas ar leith a bheidh i dturas na bliana seo de bharr go mbeidh an comórtas ar fad ar siúl san Fhrainc, rud nach bhfuil tarlaithe ón mbliain 2020. Ar feadh na 21 chéim, tabharfaidh na rothaithe faoi chineálacha éagsúla tír-raonta: 7 gcéim réidh, 6 chéim sna cnoic, 6 chéim sna sléibhte (lena n-áirítear chúig cinn de na céimeanna ag críochnú ar bharr sléibhe), agus 2 thriail ama, le dhá lá sosa ar an mbealach.

 
Mar chuid de chlúdach cuimsitheach TG4, craolfar gach céim beo ar chainéal líneach TG4, ar Sheinnteoir TG4, agus ar Aip TG4, agus is iad an bheirt a bhfuil an-tóir ag lucht leanúna an Tour orthu, Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Ó Cuinn a bheidh i mbun na tráchtaireachta arís i mbliana. Treoróidh an bheirt an lucht féachana trí gach casadh agus lúbadh, trí gach ard agus ráib an peloton agus é ag tabhairt faoi cheantair thuaithe, cathracha, ceantair le cósta agus beanna Alpacha na Fraince
 

Bíodh tú ag leanúint na rothaíochta ar feadh do shaoil nó ag féachaint ar an gcomórtas den chéad uair, cuirfidh TG4 bealach den scoth agus inrochtana ar fáil duit chun lán na súl a bhaint as an sárimeacht spóirt seo.

Tour de France 2025 – Sceideal na gCraolachán ar TG4:

Dáta Céim Bealach Ag Tosú Ag Críochnú Ardán
05/07 1 Lille Métropole > Lille Métropole 12:00 17:15 Aip & Seinnteoir TG4
06/07 2 Lauwin-Planque > Boulogne-sur-Mer 14:45 17:10 Beo ar TG4
07/07 3 Valenciennes > Dunkerque 13:00 17:00 Beo ar TG4
08/07 4 Amiens Métropole > Rouen 12:05 17:00 Beo ar TG4
09/07 5 Caen > Caen (TT) 12:00 17:10 Beo ar TG4
10/07 6 Bayeux > Vire Normandie 13:00 16:55 Beo ar TG4
11/07 7 Saint-Malo > Mûr-de-Bretagne Guerlédan 11:00 16:30 Beo ar TG4
12/07 8 Saint-Méen-le-Grand > Laval Espace Mayenne 13:00 16:45 Beo ar TG4
13/07 9 Chinon > Châteauroux 12:00 16:45 Beo ar TG4
14/07 10 Ennezat > Le Mont-Dore Puy de Sancy 12:00 17:05 Beo ar TG4
15/07 LÁ SOSA
16/07 11 Toulouse > Toulouse 12:05 16:40 Beo ar TG4
17/07 12 Auch > Hautacam 13:00 17:25 Beo ar TG4
18/07 13 Loudenvielle > Peyragudes (TT) 12:00 17:00 Beo ar TG4
19/07 14 Pau > Luchon-Superbagnères 11:30 17:00 Beo ar TG4
20/07 15 Muret > Carcassonne 12:05 16:45 Beo ar TG4
21/07 LÁ SOSA
22/07 16 Montpellier > Mont Ventoux 11:00 16:30 Beo ar TG4
23/07 17 Bollène > Valence 13:00 16:50 Beo ar TG4
24/07 18 Vif > Courchevel Col de la Loze 12:00 17:05 Beo ar TG4
25/07 19 Albertville > La Plagne 12:15 17:00 Beo ar TG4
26/07 20 Nantua > Pontarlier 12:00 15:50 Beo ar TG4
27/07 21 Mantes-la-Ville > Paris Champs-Élysées 15:00 19:25 Beo ar TG4

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Tour de France 2025 ar shuíomh gréasáin oifigiúil an chomórtais ar: www.letour.fr