Preas
Tréaslaíonn TG4 blianta fada fónaimh ina Príomhfheidhmeannach ar Chumann Pheil na mBan le Helen O’Rourke ag Gradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4 sula dtéann sí ar scor
17.11.25

Pic: Helen O’Rourke – Príomhfheidhmeannach Chumann Pheil na mBan, Deirdre Ní Choistín – Ard-Stiúrthóir TG4 agus Rónán Ó Coisdealbha – Ceannasaí Spóirt TG4 ag Réaltaí Pheil na mBan TG4
Thug TG4 ómós Dé Sathairn do Helen O’Rourke, Príomhfheidhmeannach Chumann Pheil na mBan, a bhfuil sé fógartha aici go mbeidh sí ag dul ar scor ag deireadh na bliana 2025. Tháinig an fógra ar oíche mhór do Pheil na mBan agus Gradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4 2025 á gceiliúradh ag fleá mhór in óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath.
Sa bhliain 1994 a rinneadh Uachtarán ar Chumann Pheil na mBan de Helen O’Rourke ar dtús agus tá sí ina Príomhfheidhmeannach ón mbliain 1997, an Príomhfheidhmeannach is faide i mbun fónaimh le haon eagraíocht spóirt in Éirinn. Le beagnach scór go leith bliain anuas, rinne sí maoirseacht ar ré iontach foráis maidir le Peil na mBan, d’aimsigh sí socruithe urraíochta le TG4 (2001) agus Lidl Ireland (2016), mhéadaigh an ballraíocht, agus stiúraigh sí an Cumann tráth a raibh cothrom 50 bliain ó bunaíodh é á cheiliúradh sa bhliain 2024 agus i rith dhúshláin phaindéim Covid-19.
Le linn di a bheith i gceannas freisin a tháinig buaiclíon lucht féachana ag cluichí i ndiaidh a chéile, slua 56,114 ag Cluichí Ceannais Chraobh Uile-Éireann TG4 2019 i bPáirc an Chrócaigh san áireamh. Cuireadh bonn faoin méadú seo agus tharraing Cluichí Ceannais TG4 2025 níos mó ná 48,000 duine go Páirc an Chrócaigh, an slua is mó ón mbliain 2019, chomh maith le beagnach 490,000 de lucht féachana ar ardáin TG4. Bhí 16% d’ardú, le himeacht bliana, ar líon an lucht féachana don Chluiche Ceannais idir Áth Cliath agus Contae na Mí, ardú 37% maidir le sruthanna craolta ar Sheinnteoir TG4 agus tharraing ardáin meán sóisialta Spórt TG4 aird níos mó ná 3.4 milliún uair i rith sheachtain na gCluichí Ceannais.
Is é TG4 an craoltóir oifigiúil agus an príomhurraitheoir agus leantar ag spreagadh foráis maidir le Peil na mBan le craoladh beo saor ó tháille ar an gCluiche Ceannais Sóisir, Idirmheánach agus Sinsir don lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain. Ní hamháin go dtugann an chraoltóireacht sin ardú céime don chluiche, cuirtear an Ghaeilge i gcroílár na gcluichí Gaelacha freisin.
Rinneadh comóradh le fleá na hoíche ar cheann de na hoícheanta is tábhachtaí den bhliain ag Peil na mBan – Gradaim Réaltaí Pheil na mBan TG4 2025. Is iad Áth Cliath, curaidh Chraobh Uile Éireann na Sinsear don seachtú huair tar éis an ceann is fearr a fháil ar Chontae na Mí, is mó a bhfuil imreoirí dá gcuid (7) ar an liosta 15 imreoir. Bhí Juliet Murphy, laoch Chorcaí, á fógairt go hoifigiúil freisin i measc Chuallacht na Laoch ag Cumann Pheil na mBan. Tréaslaíonn TG4 a gcuid éachtaí i rith an tséasúir le gach imreoir a ainmníodh agus le buaiteoirí na ngradam.
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Bhain féachaint roimpi le ceannaireacht Helen O’Rourke. Thug sí athrú ó bhonn i dtreis maidir le Peil na mBan ionas go dtéann an spórt i bhfeidhm go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Is cúis mhór mórtais ag TG4 an comhar páirtnéireachta atá go fada leanúnach idir muid féin agus Cumann Pheil na mBan, bunaithe ar dhúthracht gach aon eagraíocht maidir le hardú céime ag mná i gcúrsaí spóirt agus an Ghaeilge a bheith i lár an aonaigh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Déantar comhghairdeas freisin, an oíche speisialta seo, le gach duine a bhuaigh Gradam Réaltaí Pheil na mBan TG4 2025, ar ábhar spreagtha é a gcuid imeartha agus díograise don chéad ghlúin eile imreoirí agus lucht leanúna.”
Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4:
“Ní furasta cur síos a dhéanamh ar an gcion tairbhe atá déanta ag Helen O’Rourke maidir le Peil na mBan a thabhairt chun cinn. Is é an breathnú roimpi agus an díocas atá inti a chinntigh go dtabharfaí an cluiche ar chéim eile ar fad, mar a imrítear é ar an bpáirc agus mar a fheictear é don phobal. Ba phribhléid do Spórt TG4 oibriú in éineacht le Helen agus le Cumann Pheil na mBan le fiche bliain anuas agus níos mó, ag cur scéalta, scileanna agus spiorad Pheil na mBan, agus mhná na peile, ar fáil don lucht féachana in Éirinn agus thar sáile. Is mian liom, thar ceann lucht Spórt TG4 ar fad, buíochas ó chroí a chur in iúl do Helen as a cuid ceannaireachta agus comhoibre agus is é atá romhainn anois cur leis an méid atá fágtha le hoidhreacht aicise.”
Gabhann TG4 buíochas le Trina Murray, Uachtarán Chumann Pheil na mBan as a cuid maoirseachta, le Helen O’Rourke as an obair éachtach atá sí a fhágáil le hoidhreacht againn agus le foireann Nemeton as an ábhar craolta ar scoth an domhain a chuireann siad ar fáil. Leanfaidh TG4 agus Cumann Pheil na mBan ag tabhairt Pheil na mBan chun cinn le chéile agus ag ceiliúradh a bhfuil bainte amach go dtí seo agus a bhfuil i ndán go fóill.
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Shane Walsh | Rannóg Spóirt TG4 | shane.walsh@tg4.ie