Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Trump agus na Gaeil - Iniúchadh TG4

17.12.25

Trump agus na Gaeil – Iniúchadh TG4


Dé Céadaoin 17 Nollaig 2025 – 9.30pm

TG4 & TG4.ie

 
 

Kevin McGee Kevin McGee

 

Blaisín – Trump agus na Gaeil – Iniúchadh TG4
Íomhánna – Trump agus na Gaeil – Iniúchadh TG4
 

Tá sé á mholadh do shaoránaigh de chuid na hÉireann a bhfuil cónaí orthu gan an cháipéisíocht chuí sna Stáit Aontaithe gan a theacht ar ais go hÉirinn le haghaidh na Nollag mar gheall ar imní faoi bhearta géara an Uachtaráin Donald Trump maidir le hinimirce mídhleathach.

Tugtar rabhadh go bhféadfaí saoránaigh de chuid na hÉireann a ghabháil nó cosc a chur orthu filleadh ar na Stáit Aontaithe in eagrán dar teideal “Trump agus na Gaeil” den chlár cúrsaí reatha Iniúchadh TG4 a chraolfar ar TG4 Dé Céadaoin an 17 Nollaig ag 9.30 i.n.

Tuairiscítear ar an gclár chomh maith gur léir ó fhigiúirí nua ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath gur tháinig ardú mór i mbliana ar líon na saoránach de chuid na hÉireann a d’iarr cúnamh i ndáil lena ndíbirt as na Stáit Aontaithe.

Ag labhairt dó ar an gclár, deir Brian O’Dwyer, dlíodóir iomráiteach de chuid Ghaeil Mheiriceá agus duine de lucht bunaithe na Irish American Democrats, gurb é is ciallmhaire a cheart d’Éireannach nach bhfuil an cháipéisíocht chuí aige ná fanacht sna Stáit Aonaithe agus gan smaoineamh ar thaisteal abhaile i rith na Nollag.

“Faoi mar atá cúrsaí, mura bhfuil an cháipéisíocht acu, ní féidir dul abhaile mar ní ligfear ar ais isteach iad. Caithfidh siad fanacht as amharc faoi láthair le súil agus go dtiocfaidh maolú ar chúrsaí. Níl mé in ann comhairle níos fearr ná sin a chur orthu. Tá an cás chomh crua sin, agus chomh cruálach. Tá daoine á ngabháil acu agus ansin iad á gcoinneáil gan aon ghá leis.”
 

Ní fios go cruinn cá mhéad Éireannach atá sna Stáit Aontaithe gan an cháipéisíocht chuí, cloistear meastacháin idir deich míle agus caoga míle duine. A mórchuid sin, thabharfaí “overstayers” orthu, daoine a raibh cead isteach acu go dleathach ach a d‘fhan nuair a chuaigh téarma an cheada sin i léig.

Sa chlár faisnéise, tugann Kevin Magee, iriseoir fiosrúcháin, turas go dtí na Stáit Aontaithe go bhfeicfidh sé an cás ina bhfuil na hÉireannaigh gan cháipéisí atá sáinnithe ag feachtas dian docht an Uachtaráin Trump imircigh mhídhleathacha a dhíbirt, feachtas atá á chur i bhfeidhm ag oifigigh de chuid an US Immigration & Customs Enforcement, nó ICE mar is fearr aithne orthu.

Ní furasta figiúirí atá cruinn agus cothrom le dáta a fháil ó ICE faoi líon na saoránach de chuid na hÉireann atá díbeartha acu ach is léir ó fhigiúirí a luaitear ICE mar fhoinse leo gur cuireadh 99 Éireannach amach as na Stáit Aontaithe idir Eanáir agus mí Mheán Fómhair i mbliana. De réir ICE, tá sin inchomórtais le 60 cás díbeartha i rith na bliana roimhe sin, 2024. Is ionann sin agus ardú 65 faoin gcéad in imeacht bliana. Is é a thugtar le fios óna gcuid figiúirí gur tharla 37 Éireannach a dhíbirt sa bhliain 2023, 17 sa bhliain 2022 agus deichniúr sa bhliain 2021.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i mBaile Átha Cliath, is ionann líon na saoránach de chuid na hÉireann a d’iarr cúnamh consalachta ó thús na bliana i ndáil lena ndíbirt as na Stáit Aontaithe agus 63 duine. Is tobann an t-ardú sin ar fhigiúirí na bliana seo caite, sular tháinig tús leis an dara téarma Uachtaránachta ag Donald Trump. B’ionann líon iomlán na ndaoine a d’iarr cabhair ón Roinn sa bhliain 2024 agus 15, i gcomparáid le 18 sa bhliain 2023, aon duine dhéag sa bhliain 2022 agus cúigear sa bhliain 2021.

Áirítear leis na 63 dhuine sin a d’iarr cúnamh, daoine atá díbeartha faoi seo agus daoine atá ag dul tríd an bpróiseas díbeartha faoi láthair, próiseas lena mbaineann géibheann go minic in ionaid géibhinn éagsúla lucht imirce ar fud na Stát Aontaithe. De réir na Roinne Gnóthaí Eachtracha, d’fhéadfadh gur airde ná 63 líon dáiríre na saoránach de chuid na hÉireann arna ndíbirt nó arna gcoinneáil ag ICE.

“Is ceart a thabhairt faoi deara,” arsa urlabhraí thar ceann na Roinne, “nach dtagann san áireamh leis an bhfigiúr seo ach cásanna inar iarr saoránach, nó duine de mhuintir an tsaoránaigh sin, cúnamh consalachta agus nach gá go mbeadh gach cás i gceist inar tharla díbirt go hÉirinn nó ina bhfuil saoránach i ngéibheann faoi láthair ag ICE.”
 

Tá an Moinsíneoir James Kelly, 88, as Contae Luimnigh ó dhúchas, ag cuidiú le daoine den lucht imirce nach bhfuil cáipéisí acu cead a fháil fanacht sna Stáit Aontaithe ó tháinig sé féin go Brooklyn ar dtús, níos mó ná 60 bliain ó shin. Faoi dhianfheachtas an Uachtaráin Trump in aghaidh lucht imirce mídhleathach, deir seisean go bhfuil an seans céanna le haon imirceach mídhleathach eile go ndíbreofar Éireannach faoi láthair nach bhfuil na cáipéisí is gá aige nó aici.

“Níl aon stádas níos fearr ag Éireannach níos mó ná mar atá ag aon duine eile. Bhí tráth ann a gcaití go fabhrach leo, ach níl aon bhuntáiste mar sin leo anois. Níl iontu anois ach duine de dhream ar nós gach uile dhream eile. Tá cuid mhaith Éireannach anseo faoi láthair nach bhfuil bun fúthu, nach bhfuil stádas dleathach acu.”
 

Molann an Moinsíneoir Kelly freisin d’aon duine atá gann cáipéisíocht agus iad ina gcónaí sna Stáit Aontaithe gan taisteal go hÉirinn i rith na Nollag ar eagla go ngabhfaí iad, go ndíbreofaí iad nó nach ligfí ar ais isteach iad.

“Caithfidh daoine a bheith cúramach gan taisteal go hÉirinn. Ní féidir le daoine (gan an cháipéisíocht chuí) dul abhaile le haghaidh na Nollag má tá súil acu le theacht ar ais arís. Ba mhór an trioblóid sin má tá post anseo acu, agus teaghlach, agus gan iad in ann a theacht ar ais isteach go furasta.”
“Is é a mholfainnse gan corraigh. Fan socair. Fan breá socair faoi láthair. Pós Meiriceánach más féidir. Athraigh cúrsaí ar an gcaoi sin. Faigh “green card”. Teastaíonn an stádas ceart, agus is é an “green card” an t-aon chaoi le seasamh ceart a bheith fút. Tá na céimeanna tosaigh tógtha ansin agat le saoránacht a fháil.”
 

Is deacair tuairisc chruinn thráthúil a fháil ó ICE ar líon iomlán na ndaoine atá á ndíbirt as na Stáit Aontaithe ach d’fhógair an Department of Homeland Security i mí Dheireadh Fómhair figiúirí lenar luadh “record-breaking statistics”. Luadh go raibh 527,000 “illegal aliens” tugtha chun bealaigh “under the leadership of President Donald Trump” agus gur measadh go mbeadh 600,000 díbeartha faoi dheireadh na bliana.

An tráth céanna a bhfuil lucht riaracháin an dara ré Uachtaránachta ag Trump ag gealladh go dtarlóidh líon níos mó d’imircigh mhídhleathacha a dhíbirt as na Stáit Aontaithe ná aon bhliain go dtí seo, is léir ó fhigiúirí nua de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála go bhfuil ardú suntasach ar líon na n-iarratasóirí sna Stáit Aontaithe a chuir isteach ar phas de chuid na hÉireann. Tá iarratas ar phas de chuid na hÉireann déanta ag 38,376 duine atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe go dtí seo i mbliana. Tá sin i gcomparáid le 31,825 anuraidh – ardú 21 faoin gcéad. 
 

Seo a leanas liosta de na daoine sa chlár: Trump agus na Gaeil – Iniúchadh TG4

  • Brian O’Dwyer – Daonlathaithe Gaeil Mheiriceánacha – Dlíodóir i Nua-Eabhrac agus bunaitheoir na Daonlathaithe Gaeil Mheiriceánacha (Irish American Democrats).
  • An tAthair James Kelly – Moinsíneoir as Áth Dara, Luimneach ó dhúchas atá lonnaithe i Nua-Eabhrac le 60 bliain. Tá ionad inimirce aige in Brooklyn.
  • An tOllamh Brian Ó Broin – Ollscoil William Patterson. As Gaillimh ó dhúchas atá ag teagasc na litríochta agus na teangeolaíochta in Ollscoil William Patterson, New Jersey le breis agus 20 bliain.
  • Siobhan Dennehy – Emerald Isle Immigration Centre. As Baile Átha Cliath ó dhúchas. Tá sí mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an Emerald Isle Immigration Centre agus ag obair leo níos mó na 20 bliain. Bronnadh gradam Irish American of the Year an Irish Echo uirthi don bhliain 2025.
  • Mike Lawler – Poblachtánach Comhdhála. As Pearl River, Nua Eabhrac, tá sé ina bhall de Chomhdháil Rialtas na Stát Aontaithe.
  • Frances Mulraney – Iriseoir. As Cill Dara ó dhúchas. Tá sí ina Ceann Nuachta leis an US Sun.
  • Richard Reep – Iar-Ailtire ó Orlando Florida. Bhog sé go Dún Droma, Baile Átha Cliath sa samhradh lena bhean chéile, Kim, agus a iníon atá trasinscneach.
  • Kim Mathis – Iar-Mhúinteoir ó Orlando Florida. Bhog sí go Dún Droma, Baile Átha Cliath, sa samhradh lena fhear chéile agus a iníon atá trasinscneach.
  • Domhnall Ó Catháin – Dlíodóir. As Corcaigh ó dhúchas dó. Tá sé ina chónaí agus ag obair i New Jersey le breis agus 20 bliain. Tá a bhean chéile agus a bheirt pháistí thall freisin.
  • Seoirsín Ní Mheachair – Aistritheoir as Nua Eabhrac.
  • Máirtín Ó Muilleoir – Foilsitheoir, The Irish Echo. As Béal Feirste ó dhúchas. Iar-Mhéara Bhéal Feirste agus Aire le Shinn Féin. Tá sé ina fhoilsitheoir ar The Irish Echo atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.
  • Kevin Rawdon – Ceoltóir as Brooklyn.
  • Chris Byrne – Ceoltóir as Nua Eabhrac. Comhbhunaitheoir an bhanna Black 47.
  • Matthew Bray – Dlíodóir Inimirce atá lonnaithe i Nua-Eabhrac.
  • Marie Kiernan – As an Longfort ó dhúchas ach ag cónaí sna Stáit Aontaithe anois. Tacaíonn sí le Trump.
  • Séamus Ó Neachtain – Lucht tacaíochta Trump ó Long Island, NY.
  • Éamonn Mac Giolla Bhríde – Ceantálaí as Gaoth Dobhair.

 

Trump agus na Gaeil – Iniúchadh TG4

Dé Céadaoin 17 Nollaig 2025 – 9.30pm

TG4 & TG4.ie

 

Teagmháil do na Meáin:

Áine Lally, Bainisteoir Cumarsáide TG4 aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: