Preas
An Scannán BÁITE sna Pictiúrlanna ón 6 Márta
23.02.26

Blaisín – BÁITE
Íomhánna srl.
Beidh BÁITE sna pictiúrlanna ón 6 Márta : liosta anseo
Tá blaisín oifigiúil an scannáin Ghaeilge BÁITE a bhfuil gradaim bainte amach aige seolta inniu sula dtosófar á thaispeáint sna pictiúrlanna ar fud na tíre an 6 Márta 2026 mar cheann d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge (1–17 Márta).
Tugann an blaisín nua léargas níos fearr don lucht féachana ar atmaisféar teann agus ar mhistéir an scéil atá suite i dtírdhreach álainn in iarthar na hÉireann, áit a n-aimsítear corp a nochtann rúin dhorcha faoi bhaile beag Gaeltachta.
Is i mí Mheán Fómhair 1975 atá Báite suite. Nuair a thagann corp go barr uisce i loch saorga áitiúil nochtar dúrún dúnmharaithe agus achrann teaghlaigh de réir mar a thosaíonn saol Peggy Casey ag titim as a chéile.
Is é Ruán Magan a stiúir an scannán agus is í Sheena Lambert a scríobh an script, é bunaithe ar a leabhar The Lake. Is iad Siobhán Ní Ghadhra agus John Brady a léirigh an scannán thar ceann Danú Media, Gaillimh. Is iad Eleanor O’Brien agus Moe Dunford na haisteoirí sna príomhpháirteanna, in éineacht le Juliette Crosbie, Pádraig Ó Loingsigh agus Denis Conway.
Chuir Fís Éireann/Screen Ireland, TG4 agus Coimisiún na Meán maoiniú ar fáil don scannán faoin scéim Cine4, scéim a chuireann scannánaíocht dhána, shaibhir chultúrtha Ghaeilge chun cinn.
“Comhghairdeas le foireann BÁITE, d’Eimear Noone agus Craig Stuart Garfinkle as gradam IFTA (don bunscór) a bhuachaint Dé hAoine seo caite. Is scannán muiníneach atmaisféarach Gaeilge é Báite trína léirítear uaillmhian agus neart cruthaitheach scéim Cine4. Tá sé fréamhaithe go domhain in áit agus i gcarachtair, cuirtear scéal láidir ar an scáileán mór leis agus leagtar béim leis ar shaibhreas scéalaíocht na Gaeilge. Tá TG4 bródúil as an tacaíocht a thug sé do Danú Media agus don fhoireann chruthaitheach a raibh baint acu le Báite agus an scannán ar tí dul os comhair lucht féachana sna pictiúrlanna i mí an Mhárta.” – Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4 (Cine4)
Beidh Báite le feiceáil i bpictiúrlanna le linn Sheachtain na Gaeilge (https://snag.ie), é i gcroílár imeacht náisiúnta a dhéanann ceiliúradh ar an nGaeilge, agus deis ag an lucht féachana scéal tarraingteach Gaeilge a fheiceáil ar an scáileán mór.
Is féidir le scoileanna agus le grúpaí áirithintí a dhéanamh anois. Maidir le hiarratais ó scoileanna, bliain na hIdirbhliana agus grúpaí pobail, déan teagmháil le Eclipse Pictures go díreach nó tabhair cuairt ar www.baite.ie chun eolas a fháil faoi áirithintí.
Le haghaidh agallamh agus fiosrúcháin ó na meáin, déan teagmháil le:
Siobhán Farrell | Eclipse Pictures | siobhan@eclipsepictures.ie
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie