Preas
Cuairt Tugtha ag Uachtarán na hÉireann ar TG4 agus 30 Bliain á gComóradh ag an Stáisiún i mBliana
17.04.26
![]() |
![]() |
Ar Chlé: Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly le foireann TG4. | Ar Dheis: Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly le Bord & Ardbhainistíocht TG4.
Ba mhór an onóir do TG4 fáilte a chur roimh Catherine Connolly, Uachtarán na hÉireann, chuig ceannáras TG4 inniu, an 17 Aibreán, chun gaisce ollmhór i stair an chraoltóra a chomóradh.
Nocht an tUachtarán plaic chomórtha le linn a cuairte mar chomhartha aitheantais go mbeidh TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer i mbliana. Is ionann an ócáid seo agus comóradh 30 bliain de chur chuige eisceachtúil TG4 i dtaobh na craoltóireachta, chultúr na hÉireann agus na meán seirbhíse poiblí Gaeilge.
Mar chuid den turas, bhuail an tUachtarán leis an Ard-Stiúrthóir, Deirdre Ní Choistín, leis an gCathaoirleach, Anna Ní Ghallachair, agus le baill foirne TG4. Thug an turas deis dóibh machnamh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag TG4 le 30 bliain agus aitheantas a thabhairt do chruthaitheacht, scéalaíocht agus núálaíocht na ndaoine a bhfuil curtha acu leis an gcainéal seo ó seoladh é.
“Is cúis áthais agus bróid dom cuairt a thabhairt ar TG4 anseo i gceartlár Ghaeltacht Chonamara agus casadh leis an bhfoireann. Tá an réimse leathan agus caighdeán na gclár a d’eascair ón tobar seo le beagnach tríocha bliain tar éis aird agus moladh a bhaint amach, ní hamháin ó phobal na Gaeilge agus na hÉireann, ach ó thíortha ar fud na cruinne. Go fada buan a mhairfidh an stáisiún agus gur i dtreise a bheidh bhur gcruthaitheacht agus bhur saothar ag dul.” – Uachtarán na hÉireann – Catherine Connolly
Ag labhairt di ar an ócáid, dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:
“Ba mhór an onóir dom agus do TG4 fáilte a chur roimh Catherine Connolly, Uachtarán na hÉireann, chuig an gceannáras i gConamara ar an ócáid speisialta seo. Agus muid ag súil le 30 bliain ar an aer a chomóradh i mí Dheireadh Fómhair, tugadh deis inniu dúinn machnamh a dhéanamh ar scéal TG4 agus ar an tionchar atá aige ar an nGaeilge, ar phobal na Gaeltachta agus ar an ngeilleagar cruthaitheach. Ba mhaith liom aitheantas agus buíochas a thabhairt do gach duine a raibh baint acu le TnaG agus TG4 ó bunaíodh é agus a bhfuil bainte amach acu le tríocha bliain. Táimid fíorbhródúil as an ról atá ag TG4 i saol na Gaeilge, sna meáin seirbhíse poiblí, agus in ardán náisiúnta agus idirnáisiúnta a thabhairt don Ghaeilge agus í a chur chun cinn gach lá.”
Ón gcéad lá a ndeachaigh TnaG ar an aer i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1996, bhí ról lárnach ag an stáisiún i saol cultúir na Gaeilge, trí chláracha éagsúla Gaeilge faisnéise, spóirt, drámaíochta, ceoil agus ábhar páistí a chur ar fáil.
Is am speisialta i mbliain chomórtha TG4 é nochtadh na plaice comórtha seo in ómós do thiomantas leanúnach an chainéil don Ghaeilge, do chruthaitheacht na hÉireann agus do na meáin seirbhíse poiblí.
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie

