Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Babhta Nua Ollsoláthair Ábhair, ar fiú suas le €9.7m in aghaidh na bliana é don earnáil léiriúcháin neamhspleách, fógartha ag TG4

03.06.26

Íomhánna de roinnt comhlachtaí i mbun na hoibre

 

Tá potaí nua Ollsoláthair Ábhair fógartha ag TG4, ina mbeidh suas le 17 gconradh trí bliana le bronnadh mar aon le hinfheistíocht bhliantúil ar fiú suas le €9.7 milliún in aghaidh na bliana í don earnáil léiriúcháin neamhspleách le déanamh.
 
Tá an fógra nua seo ar cheann de na deiseanna coimisiúnaithe is suntasaí d’earnáil léiriúcháin na Gaeilge agus na Gaeltachta sna blianta amach romhainn. Cuirfidh TG4 fáilte roimh iarratais ó chomhlachtaí léiriúcháin neamhspleácha le haghaidh réimse leathan seánraí agus beidh béim láidir ar ábhar nua, reatha, misniúil agus comhaimseartha a sheasfaidh amach ar an scáileán agus ar líne.
 
Táthar ag iarraidh ábhar den chéad scoth atá fréamhaithe i bpobal na Gaeilge agus Gaeltachta, agus a tharraingíonn aird lucht féachana níos leithne in Éirinn agus níos faide i gcéin. Beidh béim ar leith ar thograí a léiríonn saol, cultúr, spiorad, greann agus féiniúlacht na nGael ar bhealach barántúil, físiúil agus comhaimseartha. Tá smaointe á lorg againn a spreagann comhrá agus a léiríonn Súil Eile TG4. Beidh ábhar do TG4, Seinnteoir TG4 agus ardáin dhigiteacha eile san áireamh sa bhabhta seo.
 
Ar mhaithe le teacht le haidhmeanna TG4 an earnáil léiriúcháin a chothú agus a fhás ar fud na Gaeltachta, bronnfar trí chonradh ollsoláthair ar a laghad ar chomhlachtaí Gaeltachta taobh amuigh de Chonamara. Cuirfear fáilte freisin roimh iarratais i gcomhpháirtíocht idir comhlachtaí léiriúcháin chun láidreachtaí, saineolas agus taithí éagsúil a thabhairt le chéile ar mhaithe le hábhar den chéad scoth a chur ar fáil.
 
Tá iarratais á lorg i réimsí éagsúla ábhair, lena n-áirítear Fíorasach, Cúrsaí Reatha, Sraith Irise, Siamsaíocht Fhíorasach, Siamsaíocht, Ceol, Saolchlár, Ábhar do Dhaoine Óga, lena n-áirítear déagóirí agus lucht féachana faoi 35, agus ábhar do Cúla4.
 
Mar chuid den bhabhta nua, tá TG4 ag cur béim mhór ar inbhuanaitheacht na hearnála léiriúcháin. Beidh iarratais á meas bunaithe ar chaighdeán eagarthóireachta, cur chuige cruthaitheach, fás comhlachtaí, fostaíocht fhadtéarmach chomh maith le cumas léirithe a neartú i bpobail Ghaeltachta agus na Gaeilge agus dea-chleachtais rialachais.
 
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá tús á chur ag TG4 le ré nua ábhair agus léiriúcháin leis an bhfógra tábhachtach seo don earnáil léiriúcháin Ghaeilge. Tá sé mar sprioc againn an chruthaitheacht a chumasú san earnáil d’fhonn an t-ábhar is fearr a chur ar fáil don lucht féachana atá ag TG4 ar gach ardán. Leis an infheistíocht shuntasach chinnte ilbhliantúil seo, déanfar athrú ó bhonn ar earnáil léiriúcháin neamhspleách na Gaeltachta agus na Gaeilge, trí chur le fostaíocht inbhuanaitheach agus tacú le pobail na Gaeltachta agus na Gaeilge.”
 
Dúirt Stiúrthóir Ábhair TG4, Laura Ní Cheallaigh
“Tá TG4 ag lorg smaointe móra, guthanna úra agus ábhar den chéad scoth a thabharfaidh siamsaíocht dár lucht féachana, a dhéanfaidh ceangal láidir leo agus a sheasfaidh amach ar gach ardán. Beidh an lucht féachana i gcroílár an mhéid atá á lorg againn – ábhar a mheallfaidh, a spreagfaidh agus a chuirfidh ag caint iad. Táimid ag coimisiúnú ar mhaithe le TG4 ilardáin ón tús agus táimid sa tóir ar thograí uaillmhianacha, cruthaitheacha atá fréamhaithe sa teanga agus sa phobal, agus a léiríonn Súil Eile TG4 ar bhealach comhaimseartha agus misniúil. Is deis thábhachtach é seo tallann nua a thabhairt chun cinn agus todhchaí chruthaitheach na Gaeilge a neartú.”
 
Táthar ag súil go dtosóidh na conarthaí ollsoláthair i bhFómhar 2026, cé go bhféadfadh siad tosú níos luaithe nó níos déanaí ná sin ag brath ar riachtanais TG4.
 
 

Seisiún Eolais:

Beidh seisiún eolais do léiritheoirí ar siúl ar líne an 9 Meitheamh 2026 ag 10.00am. Beidh ort clárú roimhe sin: https://us06web.zoom.us/webinar/register/WN_Gyi9iW4-Rpunn3zYsI4SeA

Is é 12.00pm (meán lae) an 17 Iúil 2026 an sprioc-am d’iarratais ollsoláthair.

Caithfear iarratais a chur isteach go leictreonach ar shuíomh eCoimisiúin TG4: https://ecoimisiuin.tg4.ie/

Tá eolas faoin mbabhta le fáil ar: https://www.tg4.ie/ga/coimisiuin/coimisiunu/ollsolathair-abhair-tg4-2026/
 
 

Tuilleadh eolais faoin bpróiseas:

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbabhta seo, nó chun ceisteanna a chur faoin bpróiseas iarratais, níl ort ach teagmháil a dhéanamh le:

Mary Ellen Ní Chualáin maryellen.ni.chualain@tg4.ie

Laura Ní Cheallaigh laura.ni.cheallaigh@tg4.ie

 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: