Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026 le Craoladh ag TG4 Beo ó Staid Aviva

Texas Christian University agus University of North Carolina le himirt i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn an 29 Lúnasa 2026 - Beo ar TG4

21.07.26


 

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go gcraolfar Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026 beo as Staid Aviva ar an gcainéal Dé Sathairn, an 29 Lúnasa.
 

Tabharfaidh foireann Texas Christian University, nó TCU Horned Frogs mar is fearr aithne orthu, aghaidh ar na Tar Heels as University of North Carolina i gceann de na himeachtaí spóirt is mó a bhfuil súil leis in Éirinn i mbliana.
 

Beidh an-spéis ag lucht féachana na hÉireann agus an lucht féachana idirnáisiúnta in Bill Belichick, Príomhchóitseálaí na Tar Heels as University of North Carolina. Meastar go forleathan gurb é Belichick ceann de na cóitseálaithe is fearr riamh sa bPeil Mheiriceánach agus tá roinnt curiarrachtaí cóitseálaithe faighte aige, lena n-áirítear an Super Bowl a bhuachan sé huaire ina chóitseálaí ar na New England Patriots, chomh maith le dhá bhua eile ina chomhordaitheoir cosantach do na New York Giants.
 

Beidh suim ag neart as Éirinn sa gcluiche freisin ós rud é go bhfuil Adam McGann Gibbs, as an Iúr ó dhúchas, ar tí peil Mheiriceánach idir coláistí a imirt den chéad uair agus é ag imirt sa mbaile i Staid Aviva.
 

Is é seo an dara huair a bheidh Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus á chraoladh ag TG4, i ndiaidh chlúdach an chainéil ar chluiche 2024 idir Georgia Tech agus Florida State University, cluiche a raibh an-tóir air. Fuair an craoladh sin, arna léiriú ag Iris Productions, ainmniúchán ina dhiaidh sin i gcatagóir Spóirt Bheo ag Gradaim RTS na hÉireann.
 

Beidh Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026 á léiriú ag Iris Productions arís, comhlacht léiriúcháin teilifíse a bhfuil gradaim buaite aige atá suite i nGaeltacht Chonamara.
 

Is é cluiche na bliana 2026 an cúigiú bliain as a chéile ina mbeidh Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus ar siúl le linn Sheachtain 0 in Éirinn, rud a láidreoidh cáil Bhaile Átha Cliath a thuilleadh mar cheanncheathrú don pheil Mheiriceánaigh san Eoraip. Cuirfidh an cluiche an taibhsiúlacht, an spleodar agus an éirí in airde a ghabhann le peil Mheiriceánach idir coláistí i láthair do lucht féachana na hÉireann, chomh maith le fáilte a chur roimh an lucht leanúna a thiocfaidh as gach cearn de na Stáit Aontaithe.
 

Tiocfaidh TCU go Baile Átha Cliath agus é mar cheann de na cúrsaí is aitheanta i bpeil idir coláistí, agus d’éirigh go hiontach leis na Horned Frogs le séasúir anuas. Cuirfidh UNC, ceann de na hainmneacha is mó le rá i spórt idir coláistí na Stát Aontaithe, traidisiún saibhir spóirt i láthair i Staid Aviva. Tá aithne ar na Tar Heels dá ndathanna cáiliúla Carolina Blue, liosta alumni spóirt mór le rá agus dhá scéal mór do lucht féachana na hÉireann le Belichick ag teacht chun na tíre agus McGann Gibbs ag imirt sa mbaile den chéad uair.
 

Is éard a dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Tá ríméad ar TG4 Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus a thabhairt ar ais chuig lucht féachana teilifíse saorchraolta in Éirinn. Is craoladh cinniúnach a bhí i gclúdach 2024 dúinn agus táimid fíorbhródúil go bhfuair TG4 agus Iris Productions ainmniúchán dá bharr ag Gradaim RTS na hÉireann. Is ócáid spóirt ar leith é Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus atá lán spleodair, atmaisféir agus éirí in airde, agus táimid ag súil le TCU agus UNC a thaispeáint beo ó Staid Aviva i mí Lúnasa.”
 

Dúirt Pádraic O’Kane, Comhbhunaitheoir Chluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus: “Tá lúcháir orainn fáilte a chur roimh TG4 arís mar chomhpháirtí craolacháin saor go haer do Chluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026. Tá sé geallta gur ócáid eile a bheidh sa chluiche idir TCU agus UNC nach ndéanfar dearmad uirthi, agus cuirfidh an chéad chluiche a bheidh ag Bill Belichick in Éirinn mar Phríomhchóitseálaí UNC go mór leis an spleodar. Beidh deis ag lucht leanúna na hÉireann freisin Adam McGann Gibbs a fheiceáil ag imirt ina chéad chluiche peile coláiste ar a thalamh dúchais. Trí chraoladh beo TG4, beidh lucht leanúna ar fud na hÉireann in ann blaiseadh a fháil den atmaisféar, den traidisiún agus den mhórthaibhseacht a dhéanann ócáid chomh speisialta sin de pheil an choláiste, agus ag an am céanna cabhróidh an craoladh le fás a chur ar an bPeil Mheiriceánach in Éirinn.”
 
Tá áthas ar TG4 freisin a dheimhniú go ndéanfaidh Aer Lingus urraíocht ar chraoladh beo an chainéil de Chluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026.
 

Sonraí Craolta TG4:
Cluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026
Texas Christian University v University of North Carolina
Beo ó Staid Aviva
Dé Sathairn, an 29 Lúnasa 2026
Am: 16:40
 

Tá ticéid do Chluiche Clasaiceach Idir Coláistí Aer Lingus 2026 ar díol anois ar ticketmaster.ie/collegefootball.
 

Chun tuilleadh eolais agus na scéalta oifigiúla is déanaí a fháil, féach collegefootballireland.com.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: