Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2026

18.10.26


Naomi Gribben & Caleb Kirwan ag Aerfort Bhaile Átha Cliath; Creidiúint Bryan Brophy
 
Níl ach seachtain fágtha go mbeidh Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision ar siúl i Málta agus tá an bheirt atá ag déanamh ionadaíocht ar Éirinn ar a mbealach chuig an tír chun páirt a ghlacadh sa chomórtas. Beidh an comórtas á chraoladh beo ar TG4 agus www.TG4.ie Dé Sathairn, an 24 Deireadh Fómhair, ag 8pm.
Baineadh siar as cách nuair a tháinig deireadh leis an gcuardach don amhránaí a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision nuair a roghnaigh na moltóirí beirt le ionadaíocht a dhéanamh ag an comórtas i mbliana.
 
Is iad Caleb Kirwan atá 14 bliana d’aois as Baile na Lobhar agus Naomi Gribben atá 13 bliana d’aois as Droichead Mhaigh Eo i gCo an Dúin na hamhránaithe cumasacha sin. Canfaidh Caleb agus Naomi an t-amhrán, Níos Láidre, i mbabhta ceannais Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2026.
 
Oirfideach amach agus amach is ea Caleb ó bhí sé an-óg agus baineann sé fíorshásamh as bheith ag canadh, ag damhsa agus ag aisteoireacht. Tá an tsiamsaíocht go smior ann agus is breá leis an stáitse, áit a dtaitníonn leis ceangal a chothú leis an lucht freastail trína thaibhléiriú. Is ar an stáitse is mó a bhíonn Caleb ar a chompord; an áit is dual dó agus ina mbíonn sé in ann é féin a chur in iúl i gceart.
Tá sé ar an bhfoireann damhsa Elite chomh maith, agus ghlac sé páirt i gCorn an Domhain sa Damhsa le déanaí, áit ar bhain sé an 4ú háit amach i gcatagóir hip-hop na mbuachaillí.
 
Is óna mamó agus óna daideo a fhaigheann Naomi a cumas amhránaíochta, cumas atá ina col ceathracha go léir. Nuair nach mbíonn Naomi ag canadh, is breá léi a bheith ag scátáil ar leac oighir lena cairde, ag aisteoireacht agus ag siopadóireacht – is é sin nuair a bhíonn deis aici airgead a máthar a chaitheamh! Tá cleachtadh maith ag Naomi ar an stáitse, agus is air is mó a bhíonn sí ar a compord. Go deimhin, in 2025, ba í an t-aon amhránaí as Éirinn agus as an Ríocht Aontaithe a bhain áit amach i mbabhta ceannais an Tour Music Fest i San Mairíne.
 
Craolfar Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2026, beo as Málta, ag 8pm Dé Sathairn an 24 Deireadh Fómhair 2026 ar TG4. Ná déan dearmad vóta a chaitheamh d’ÉIRINN ar JESC.TV
 
 
Chun tacú le hÉirinn:
Eolas Vótála:
Is féidir leatsa cuidiú buaiteoir Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision na bliana seo a roghnú trí vóta a chaitheamh ar an suíomh Junior Eurovision 2026 is cuma cá bhfuil tú ar domhan. Agus murab ionann agus Comórtas Amhránaíochta Eurovision na sinsear, is féidir leis an lucht féachana vótáil dá dtír féin.
Is féidir leat do vóta a chaitheamh ó 10:59pm am na hÉireann Dé hAoine an 23 Deireadh Fómhair go dtí 7:59pm am na hÉireann Dé Sathairn an 24 Deireadh Fómhair – díreach sula dtosóidh an Seó Beo i Málta.
 

Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: