Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Karina Feirtéar Ceaptha ina Ceannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’

27.05.26

Pictúir Karina Feirtéar
 

Fógraíodh inniu go bhfuil Karina Feirtéar ceaptha ina Ceannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’, togra oiliúna agus forbartha idir TG4 & Údarás na Gaeltachta.
 
Seoladh an chomhpháirtíocht straitéiseach nua seo idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta i mí na Nollag seo caite, comhpháirtíocht a ndéanfaidh an dá eagraíocht infheistíocht shubstaintiúil inti ar fiú os cionn €1.2m í in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh 2028, chun oiliúint a chur ar dhaoine in earnáil na léiriúchán neamhspleách agus an earnáil sin a fhorbairt.  Déanfaidh Karina Feirtéar, an chéad Cheannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’, an togra agus na cláir oiliúna agus forbartha sin a riar. Is é an fhís atá aici don ról seo ná spás a chruthú ina gcuirtear oiliúint shainiúil agus mapáil shoiléir ghairme ar fáil d’earnáil na meán Gaeilge, trí phríomheagraíochtaí a thabhairt le chéile i gcomhpháirtíocht chun tallann a fhorbairt agus todhchaí láidir don tionscal a chothú.
 
Is ceannaire sna meáin Ghaeilge í Karina Feirtéar, agus tá thart ar 28 bliain de thaithí aici ó bheidh ag obair san earnáil sin ó 1998 i leith. Is í Bainisteoir Chainéal Cúla4 í faoi láthair agus bíonn sí ag stiúradh straitéis, láithreacht ilardáin, rannpháirtíocht lucht féachana agus mhargaíocht an chainéil. Seoladh an chéad chainéal Gaeilge riamh do dhaoine óga i Mí Meán Fómhair 2023 agus cuireann an cainéal nua pointe teagmhála laethúil siamsúil agus spraíúil leis an nGaeilge ar fáil do dhaoine idir 0-12 bliain.
 

Bhí róil shinsearacha eile ag Karina freisin, ina measc – Bainisteoir Cruthaitheach TG4, Bainisteoir Léirithe Neamhlínigh TG4 agus Bainisteoir Óige TG4, agus tá dea-chuntas teiste uirthi i dtaobh bainistíocht athraithe, seachadadh trasfheidhmeach agus forbairt foirne cruthaitheacha agus teicniúla ardfheidhmíochta. Tá blianta fada taithí, mar aon le spéis mhór aici i bhforbairt tallainne, daoine os comhair an cheamara agus daoine taobh thiar de araon.
 

Is as Baile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne di ó dhúchas agus tá cónaí uirthi anois in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tá sí paiseanta faoin earnáil agus tá sí bródúil go bhfuil an bheirt pháistí atá aici (atá 17 agus 21 bliain d’aois) ag léiriú suime i ngairm bheatha sna healaíona agus sna meáin.
 

Deir Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá cumasú na cruthaitheachta i gcroílár straitéis TG4 agus tá an earnáil na léiriúchán neamhspleách lárnach i bhforbairt na físe sin.  Tabharfaidh an chomhpháirtíocht le hÚdarás na Gaeltachta deis dúinn díriú ar fhás agus ar fhorbairt na hearnála Gaeilge, ar oiliúint ghairmiúil, agus ar scileanna a fhorbairt don todhchaí ar bhonn straitéiseach, fadradharcach. Tréaslaím le Karina Feirtéar atá ceaptha ina Cheannaire ar ‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’ chun an straitéis don fhorbairt oiliúna sa earnáil a chur i gcrích. Tá os cionn 27 bliain taithí aici in earnáil na meán Gaeilge, i bhforbairt tallainne, i mbainistíocht athruithe agus i bhforbairt foirne cruthaitheacha agus teicniúla a bheidh thar a bheith luachmhar sa ról seo. Guím gach rath uirthi sa ról nua seo.”
 
Dúirt Tomás Ó Siocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Tá ról lárnach ag Údarás na Gaeltachta i bhforbairt na meán Gaeilge le blianta fada. Tríd an infheistíocht shubstaintiúil seo, tá muid ag cothú tallann nua, ag cur le scileanna, agus ag forbairt todhchaí bríomhar d’earnáil na meán Gaeilge don chéad ghlúin eile. Cuirim fáilte roimh cheapachán Karina Feirtéar ina ról nua.”
 
 

‘Oiliúint Ghairme sna Meáin’ – Tuilleadh eolais faoin bPáirtnéireacht idir TG4 agus Údarás na Gaeltachta
 
Mar chuid den infheistíocht seo – €1.2m in aghaidh na bliana idir seo agus deireadh 2028 – cuirfear cláir forbartha agus oiliúna straitéisí ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh a ngairm sna meáin a fhorbairt agus do chomhlachtaí atá ag cur ábhar cruthaitheach ar fáil in earnáil na meán.  Cuirfidh an togra seo le scileanna, cáilíochtaí agus le cumas iomaíochta na gcomhlachtaí.
 
Chuir TG4 agus Údarás na Gaeltachta tús le scéim phíolótach Taithí Oibre agus Oiliúna in 2019 agus bhí an scéim sin ar bun go dtí 2025.  Tá an comhfhiontar nua ag tarraingt ar an taithí a saothraíodh le linn ré feidhme na scéime sin. 
 
Bhí an scéim sin dírithe ar thacú le comhlachtaí Gaeltachta agus Gaeilge agus é mar chuspóir aici tallann nua a chothú, scileanna a fhorbairt agus taithí oibre phraiticiúil a chur ar fáil do dhaoine a bhí ag tosú amach san earnáil closamhairc agus meán digiteach na Gaeilge.  Mar chuid de sin, bhain rannpháirtithe na scéime cáilíocht acadúil (creidiúnaithe ag leibhéal 8) amach faoi stiúir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, OTA.
 
Tháinig an chomhpháirtíocht nua seo chun cinn mar thoradh ar thaighde chuimsitheach a raibh TG4 agus an tÚdarás ina bun le blianta beaga anuas.  Mar chuid den taighde sin, chuathas i gcomhar le comhlachtaí, le fiontraithe agus leis na heagrais forbartha stáit atá lárnach i bhforbairt na hearnála closamhairc.  Léirigh torthaí an taighde go bhfuil tuilleadh infheistíochta ag teastáil chun borradh a chur faoi oiliúint agus faoi fhorbairt in earnáil na Meán Gaeilge agus sna comhlachtaí léiriúcháin, mar aon le comhordú níos fearr a chinntiú idir na páirtithe leasmhara ar fad atá ag feidhmiú san earnáil.
 
Gné ar leith den togra seo is ea go mbeidh clár oiliúna ar leith le forbairt a bheidh dírithe ar na hIar-bhunscoileanna Gaeltachta.  Beidh sé mar aidhm ag an gclár eolas a roinnt le scoláirí dara leibhéal faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san earnáil agus cuidiú leo tuiscint a fháil ar na gairmeacha beatha éagsúla a bheadh ar fáil dóibh in earnáil na cruthaitheachta.

 

Teagmháil do na Meáin:
TG4 – Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Údarás na Gaeltachta – Michelle Ní Chróinín | Ceannasaí Cumarsáide agus Margaíochta Údarás na Gaeltachta | cumarsaid@udaras.ie


Cuir aithne orainn: