Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 ag Cur lena Ghnéithe Inrochtaineachta trí Fhotheidil Ghaeilge agus Bhéarla ar an Scáileán a chur ar fáil ar Ros na Rún

11.05.26


 
Roghanna nua fotheideal i nGaeilge agus i mBéarla

Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuiltear ag cur arís lena chuid gnéithe inrochtaineachta ar Ros na Rún, agus go bhfuil roghanna nua fotheideal i nGaeilge agus i mBéarla ar fáil ar an gcraoladh teilifíse agus ar Sheinnteoir TG4.

Anois tá Ros na Rún a chraoladh le fotheidil Ghaeilge ar an scáileán ar TG4 gach Dé Máirt agus Déardaoin agus ar an ollchlár a chraoltar ag 20:30 Dé Domhnaigh.

Tá fotheidil Bhéarla ar an scáileán ar chraoltaí 20:30 Dé Máirt agus Déardaoin.
 
Sonraí Craolta:
Fotheidil ar an scáileán Ghaeilge
Dé Máirt/Déardaoin – 23:30
Ollchlár an Domhnaigh – 20:30

Fotheidil ar an scáileán Bhéarla
Dé Máirt/Déardaoin – 20:30
 
 

Seinnteoir TG4:

D’fhógair TG4 freisin le cúpla mí anuas go mbeadh an leagan digiteach de Ros na Rún, príomhdhráma Gaeilge na hÉireann, á eisiúint i dtosach don lucht féachana. Tá gach clár nua den 30ú séasúr cinniúnach seo ar fáil le sruthú ar Sheinnteoir TG4 (TG4.ie) gach Luan agus Céadaoin, rud a fhágann go bhfuil deis ag an lucht féachana breathnú air lá sula gcraoltar ar TG4 é. Bíonn rogha fotheideal ann i nGaeilge agus i mBéarla. Is céim iontach chun cinn é an cur chuige seo an leagan digiteach a bheith ar fáil i dtosach chun lucht féachana Ros na Rún, atá láidir cheana féin ar fud an domhain, a leathnú agus a threisiú.

Is cuid de straitéis leanúnach TG4 é seo chun ábhar atá neodrach ó thaobh ardáin a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir leis an lucht féachana na cláir is fearr leo a fháil ar éileamh, am ar bith a dtogróidh siad, áit ar bith a dtogróidh siad. Tá lucht féachana dílis agus rialta ag Ros na Rún ar Sheinnteoir TG4, agus de réir mar atá athrú ag teacht ar na bealaí a mbíonn daoine ag féachaint ar ábhar, tá TG4 tiomanta do fhreastal ar riachtanais an chuid sin den lucht féachana a shocraíonn breathnú ar ábhar ag am a oireann dóibh féin bíodh sin ar líne, ar an bhfón, nó ar theilifís chliste.

Léiriúcháin RnR a léiríonn Ros na Rún agus tá sé ina bhunchloch i gcraoltóireacht na Gaeilge le tríocha bliain, ag mealladh lucht féachana le scéalta láidre, téamaí comhaimseartha, agus fíorléiriú ar an saol i bpobal nua-aimseartha Gaeltachta. Anois agus í ina 30ú séasúr, tá an tsraith chomh hábhartha agus chomh spéisiúil céanna is a bhí riamh.

Ó craoladh ar dtús é in 1996, tá fás agus forbairt tagtha ar Ros na Rún go bhfuil sé anois ar cheann de na drámaí is buaine agus is mó a bhfuil tóir air in Éirinn agus fadhbanna deacra, goilliúnacha á bplé go macánta chomh maith le hábhar atá croíúil, greannmhar agus siamsúil a bheith á chur ar fáil.
 

Teagmháil do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: