Preas
Beidh CRÁ ar ais ar TG4
Beidh an tsraith iomlán le fáil ar TG4+
An 3 Samhain - 21:30
19.10.26

Príomhíomhánna: https://www.flickr.com/gp/tg4/z162s86182
Réamhbhlaiseadh: https://youtu.be/KTdKytpQghM
Fillfidh CRÁ, an coirdhráma a bhfuil duaiseanna bainte aige, ar TG4 Dé Máirt an 3 Samhain 2026, agus beidh gach clár sa tsraith nua le fáil ar an seinnteoir nua TG4+ an oíche chéanna. *Is é TG4+ an leagan nua, feabhsaithe de Sheinnteoir TG4.
D’éirigh thar barr ar fad leis an gcéad sraith, a díoladh le 68 tír ar fud an domhain faoin teideal idirnáisiúnta Boglands, agus fillfidh an tsraith nua ar Ghaoth Dobhair arís le haghaidh cás níos gruama, níos uaillmhianaí atá dírithe ar an nGarda Conall Ó Súilleabháin, a bhfuil Dónall Ó Héalaí sa bpáirt.
Bleachtaire faoi oiliúint anois é Conall agus beidh air aghaidh a thabhairt ar chásanna nua, a dhílseacht a cheistiú agus dul i ngleic le hiarmhairtí mar gheall ar an am atá caite. Fiosrófar saol pearsanta agus gairmiúil na ndaoine a chuireann an dlí i bhfeidhm i gceantar na teorann, áit nach dtugtar aon aird ar an dlí. Fuair an Garda Conall Ó Súilleabháin amach ag deireadh na chéad sraithe céard a tharla dá mháthair Sabine a bhfuarthas a corp curtha go mistéireach sa bportach.
Is sraith faoi iarmhairtí í seo, atá múnlaithe ag áit, atá cráite ag an am atá thart agus atá faoi threallús ag daoine a chaitheann an saol idir an mhaith agus an t-olc. Leanann CRÁ, ina bhfuil greann dubh, atá lán le castaí agus ar fiú féachaint air ó thús go deireadh, Conall i sraith a dó, atá ina bhleachtaire faoi oiliúint anois agus a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar a shaol san am atá caite ar mhaithe leis an todhchaí a dhaingniú.
Dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe i TG4:
“Thaitin an chéad sraith de CRÁ go mór leis an lucht féachana agus is cúis ríméid dúinn é an tsraith a bheith ar ais arís. Cuirtear scéal nua fíorspéisiúil os ár gcomhair i sraith a dó, ina bhfuil foireann aisteoirí den scoth agus atá suite arís i gceantar álainn Ghaoth Dobhair, a mheall an lucht féachana sa chéad sraith. ”
An Fhoireann Aisteoirí
Is é Dónall Ó Héalaí a bheidh i bpáirt Chonaill Uí Shúilleabháin arís- Hidden Assets, The Punisher
Ina theannta beidh:
Alex Murphy i bpáirt Barry – The Young Offenders
Hannah Brady i bpáirt Chiara Kate – Soulm8e
Colm Mac Giolla Easbuic i bpáirt Iarla – Ros na Rún
Barry McGovern i bpáirt Airt – Obituary
Siobhán O’Kelly i bpáirt Aoife – Mix Tape
Lochlann Ó Mearáin i bpáirt Joe – Mr Loverman, The Head
Art Parkinson i bpáirt Aodha – Aontas, Say Nothing
Aoife Nic Ardghail i bpáirt Shiobháin – Casual
Tony Devlin i bpáirt Hugh – Say Nothing
Seán Duggan i bpáirt Neili – House of Guinness
Tara Breathnach i bpáirt Patsy – Fréwaka, Borderline
Aisteoir: Tá eolas faoi na haisteoirí ar fáil ach iad a iarraidh.
Léiriúchán
Fíbín Media agus Fíbín Films NI a léirigh an dara sraith de CRÁ do TG4 agus BBC Gaeilge le tacaíocht ó Fhís Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Coimisiún na Meán agus na dáileoirí About Premium Content (APC).
Is é Philip Doherty stiúrthóir na sraithe agus tá sé i mbun stiúrtha ar gach ceann de na sé chlár (Redemption of Rogue, sraith 1 CRÁ).
Is iad Ciarán Charles agus Darach Ó Tuairisg thar ceann Fíbín Media agus Méabh Nic Alastair thar ceann Fíbín Films NI na léiritheoirí.
I mbun scríbhneoireachta ar an tsraith nua bhí Richie Conroy (CRÁ sraith a haon, Leonard & Hungry Paul), Sarah Gordon agus Damian McCann (Aontas), Noel McCann (Blue Lights) agus Philip Doherty (Stiúrthóir CRÁ sraith a haon), agus bhí Aoife Nic Ardghail, duine de na haisteoirí nua, ar an bhfoireann scríbhneoireachta chomh maith.
Craoladh agus sruthú
Craolfar an dara sraith de CRÁ den chéad uair ar TG4 Dé Máirt an 3 Samhain 2026.
Beidh an tsraith iomlán sé chuid ar fáil ar TG4+ , agus beidh rogha ag an lucht féachana an tsraith a leanúint ar bhonn seachtainiúil ar TG4 nó féachaint ar an tsraith iomlán ón gcéad lá.
Féach ar CRÁ (sraith 1): https://nasc.tg4.tv/CRÁ
Ráitis:
An Léiritheoir Feidhmiúcháin Darach Ó Tuairisg: Fíbín Media: “Tá Fíbín Media thar a bheith sásta ‘CRÁ’ a thabhairt ar ais don dara sraith ag cur leis an spéis a cruthaíodh sa gcéad séasúr. Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair arís le cliar iontach aisteoirí agus le criú na chéad sraithe, chomh maith le fáiltiú roimh dhaoine nua cumasacha ar an bhfoireann. Chuaigh an saol dorcha faoi leith a cruthaíodh i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana agus tá muid buíoch dár gcuid páirtnéirí uilig as an gcúnamh leanúnach ionas gur féidir an dráma sainiúil Gaeilge seo a léiriú. Tá i ndán gur mó arís an t-ábhar iontais a bhainfidh leis an dara sraith.”
Eddie Doyle, Ceannaire Ábhair Coimisiúnaithe, BBC Thuaisceart Éireann: “Táimid ar bís faoin dara sraith den choirscéinséir Gaeilge seo ó BBC Thuaisceart Éireann agus ó TG4 agus a bhfuil duaiseanna bainte aige a chur ar fáil don lucht féachana. Bhí an-tóir ag daoine ar an gcéad sraith agus tá súil agam go mbeidh fonn ar an lucht féachana féachaint ar gach aon chlár den tsraith gan srian nuair a bheidh an dara sraith de CRÁ le fáil ar an iPlayer.”
Fís Éireann: Kate McColgan – Ceannasaí Teilifíse: “Táimid ríméadach go bhfuil CRÁ ag filleadh ar TG4 mí na Samhna seo. Cuireadh an lucht féachana ar fud an domhain mhóir faoi gheasa leis an gcéad sraith, lena léiriú cumhachtach agus a scéal fíorspéisiúil, agus bhain duaiseanna amach ar fud na cruinne agus díoladh an tsraith go hidirnáisiúnta le 68 tír. Táimid ar bís go bhfaigheadh an lucht féachana in Éirinn amach faoina bheidh ag tarlú i sraith 2, agus atá i ndán don tsraith seo agus tús á cur aici lena turas ar fud na cruinne. Tá Fís Éireann thar a bheith mórtasach tacú le saothar Fíbín Media agus Fíbín Films NI chun an coirdhráma Gaeilge uathúil seo a dhéanamh níos mealltaí.”
Áine Walsh, Príomhoifigeach Teanga agus Cultúir agus Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) le Scáileán Thuaisceart Éireann: “Cuireann filleadh CRÁ i mí na Samhna le fuinneamh an chéad shéasúir, a chuir an lucht féachana anseo ag baile agus ar fud na cruinne faoi dhraíocht. Léiríonn sé an dúil atá ag an lucht féachana i ndrámaíocht uaillmhianach, ardchaighdeáin na Gaeilge, dúil atá ag dul i méid chomh maith le teacht aniar earnáil drámaíochta na Gaeilge. Táimid mórtasach tacú le comhlachtaí áitiúla ar nós Fíbín Films NI agus Fíbín Media le beocht a chur sna scéalta seo. Tá léiriúcháin ar nós CRÁ thar a bheith tábhachtach le haghaidh fás earnála, chun deiseanna a chruthú do thallann, chun comhoibriú uile-oileáin a neartú, agus chun saibhreas na teanga, an chultúir agus an tírdhreacha a thaispeáint don lucht féachana ag baile agus ar fud na cruinne.”
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán i gCoimisiún na Meán: “Tá mórtas ar Choimisiún na Meán tacú le CRÁ tríd an Scéim Fís & Fuaim. Is sampla atá sa tsraith de chaighdeán, cruthaitheacht agus uaillmhian léiriúcháin na Gaeilge, rud a thaispeánann an bealach inar féidir le maoiniú poiblí cabhrú le hábhar sainiúil a chur os comhair an lucht féachana ag baile agus ar fud na cruinne. Tá ról tábhachtach ag léiriúcháin ar nós CRÁ i gcur chun cinn na Gaeilge, i neartú earnáil na léiriúchán dúchasach agus i dtallann na hÉireann a chur chun cinn ar an stáitse idirnáisiúnta.”
About Premium Content (APC). – Laurent Boissel – Comh-POF agus Bunaitheoir: “Tá ríméad orainn go bhfuil CRÁ ag filleadh do Shraith 2, sraith a bhfuiltear ag tnúth go mór léi i bhfianaise chomh maith is a d’éirigh le Sraith 1 in Éirinn agus go hidirnáisiúnta araon. Is pribhléid atá ann an coirdhráma thar a bheith spéisiúil seo a chur ar ais ar an margadh idirnáisiúnta agus leanúint de cheiliúradh a dhéanamh ar shaibhreas na scéalaíochta, i gcomhpháirt le foireann chumasach Fíbín.”
Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie