Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

TG4 agus parkrun Ireland ag ceiliúradh Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan

Caith dathanna do chontae ag parkrun an deireadh seachtaine seo nuair a bheidh TG4 agus parkrun Ireland ag ceiliúradh Cluichí Ceannais na hÉireann i bPeil na mBan

20.07.26


 

Tá parkrun Ireland agus TG4 ag gríosú pobail ar fud na tíre dathanna a gcontae a chaitheamh agus a n-aghaidh a thabhairt ar imeacht parkrun Dé Sathairn an 25 Iúil agus/nó ar imeacht junior parkrun Dé Domhnaigh an 26 Iúil mar chuid de cheiliúradh náisiúnta ar Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan a bheidh ar siúl Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa i bPáirc an Chrócaigh.
 
Is ceiliúradh atá sa chomhar páirtnéireachta seo idir parkrun Ireland agus TG4 ar chumhacht an phobail agus tá mar aidhm leis ugach a thabhairt do níos mó daoine ar fud na tíre tacú le spórt na mban agus a bheith rannpháirteach ann. Tá fáilte roimh chách páirt a ghlacadh trí gheansaí nó trí dhathanna a gcontae a chaitheamh ag a parkrun áitiúil, bíodh a gcontae sna cluichí ceannais nó ná bíodh.
 
Bunaithe ar dhíograis an dá eagraíocht maidir le pobal agus rannpháirtíocht, léiríonn an tionscnamh an dúthracht atá sa tír tacú le rannpháirtíocht na mban sa spórt agus i leith spásanna cuimsitheacha soicheallacha a chruthú inar féidir le gach duine a bheith gníomhach. Neartaíonn sé tiomantas seanbhunaithe TG4 freisin i leith próifíl spórt na mban a ardú agus na pobail sin a thacaíonn leis ar fud na tíre a cheiliúradh.
Beidh 160 imeacht parkrun agus junior parkrun ar siúl ar fud na tíre i gcaitheamh an deireadh seachtaine, trína ndéanfar na pobail sin a dhéanann ócáid speisialta de parkrun agus de pheil na mban, a thugann daoine le chéile trí aclaíocht, obair dheonach agus mórtas as a gceantar áitiúil, a cheiliúradh.
 
Is éard a dúirt Jenny Branigan, Bainisteoir Críche ag parkrun Ireland: “Tá ríméad orainn a bheith ag obair i gcomhar le TG4 chun Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan a cheiliúradh agus chun ugach a thabhairt do phobail ar fud na tíre teacht le chéile trí parkrun. Leanann spórt na mban ag spreagadh daoine de gach aois, agus is deis iontach é an comhoibriú seo chun an ról atá aige inár bpobail a cheiliúradh. Tá súil againn go mbeidh lucht parkrun ar fud na tíre ag caitheamh dathanna a gcontae go bródúil agus ag baint taitneamh as deireadh seachtaine spraíúil, fáilteach ag a n-imeacht parkrun áitiúil.”
 
Is éard a dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4: “Is ceiliúradh iad Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan ar an scil, an paisean agus an tiomantas a shainíonn ár n-imreoirí, ár gcontaetha agus ár bpobail. Tá ríméad orainn dul i gcomhpháirtíocht le parkrun Ireland chun spiorad an chraobhchomórtais sin a thabhairt chuig imeachtaí parkrun áitiúla ar fud na tíre. Tá súil againn go gcaithfidh daoine de gach aois dathanna a gcontae, go mbeidh siad gníomhach le chéile agus go gcuirfidh siad leis spleodar roimh Lá na gCluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Deis iontach atá ann an tionchar dearfach a bhíonn ag cluichí Gaelacha agus ag spórt na mban i bpobail ar fud na tíre a cheiliúradh.”
 
Beidh an deireadh seachtaine Caith Dathanna do Chontae ar siúl ag imeachtaí parkrun agus junior parkrun ar fud na hÉireann ar 25 agus 26 Iúil, agus beidh fáilte roimh gach duine páirt a ghlacadh ann, beag beann ar aois, cumas nó ar a bhfuil ceann de Chluichí Ceannais Chraobhchomórtas na hÉireann TG4 i bPeil na mBan bainte amach ag a gcontae.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: