Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life 2026 le Craoladh Beo ar TG4

28.09.26


 
Cuirfidh comhpháirtíocht idir Dublin Marathon Group agus TG4 Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life ar fáil beo agus saor in aisce do lucht féachana ar fud na hÉireann, agus beidh an clúdach ar fáil ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 chomh maith
 
Craolfar Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life 2026 beo agus saor in aisce ar TG4 i mí Dheireadh Fómhair, agus taispeánfar an t-aicsean, an t-atmaisféar agus na scéalta ó cheann de na himeachtaí spóirt is mó in Éirinn don lucht féachana ar fud na tíre. Beidh lucht féachana ar fud an domhain in ann an t-imeacht a leanúint beo ar Sheinnteoir TG4 chomh maith.

Beidh 45ú Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life, atá díolta amach, ar siúl Dé Domhnaigh an 25 Deireadh Fómhair 2026. Tá 22,500 rannpháirtí cláraithe don imeacht, agus rithfidh na reathaithe sráideanna na príomhchathrach lá an rása, agus na mílte oibrithe deonacha agus lucht tacaíochta ag tacú leo an bealach ar fad.

Cuirfear tús le clúdach beo TG4 ag 8.00am, agus tabharfar blaiseadh den réamhullmhúchán don rás sula leanfar an t-aicsean de réir a chéile ar fud Bhaile Átha Cliath.

Is cuid d’infheistíocht shuntasach atá á déanamh ag Dublin Marathon Group i bhforbairt leanúnach na hócáide é an craoladh beo. Tríd an gcomhpháirtíocht le TG4, cuirfear go mór le teacht an lae mhóir, agus tabharfar deis do lucht tacaíochta ar fud na hÉireann agus don phobal reatha idirnáisiúnta blaiseadh a fháil den imeacht agus é beo.

Cuirfidh an clúdach an comórtas idir na scoth-lúthchleasaithe atá i mbarr a réime chun cinn, chomh maith leis na mílte rannpháirtithe eile de gach cumas atá ag tabhairt faoin dúshlán 26.2 míle.

Tabharfaidh an craoladh beo an lucht féachana níos gaire do na daoine, na háiteanna agus na scéalta atá i gcroílár Mharatón Bhaile Átha Cliath Irish Life, agus léireofar an t-atmaisféar agus an ceiliúradh a dhéantar ar cheann de na mórócáidí spóirt agus cultúir Éireannacha is fearr sa bhliain.

Cuirfidh Gráinne McElwain clúdach beo TG4 i láthair agus beidh na hiar-lúthchleasaithe idirnáisiúnta Rory Chesser agus Mary Cullen in éineacht léi sa stiúideo. Beidh Ronan Duggan agus an lúthchleasaí Oilimpeach Michelle Finn i mbun tráchtaireachta.

Beidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill amuigh ar an mbóthar chun blaiseadh a thabhairt den atmaisféar agus beidh sí ag bualadh le rannpháirtithe agus le lucht tacaíochta fad is a bheidh an Maratón ag dul trí Bhaile Átha Cliath.

Cuirfear clúdach beo den rás le chéile le scéalta ó gach cearn den rás, idir na lúthchleasaithe is fearr atá ag dul san iomaíocht ar mhaithe le gradam, reathaithe atá ag tabhairt faoi mharatón den chéad uair, daoine atá ag bailiú airgid do charthanais agus rannpháirtithe atá ag iarraidh a gcuid spriocanna pearsanta féin a bhaint amach. Is é Future Proof Media a léireoidh an clúdach beo.
 

Dúirt Seán Ó Ríain, Príomhfheidhmeannach Dublin Marathon Group:
“Ba mhór an uaillmhian dúinn Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life a chur ar fáil beo agus saor in aisce don phobal, agus tá áthas orainn a bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le TG4 chun é sin a bhaint amach in 2026.”
“Is infheistíocht shuntasach í seo do Dublin Marathon Group san imeacht féin chun go mbeifear in ann an maratón a thaispeáint do níos mó daoine. Ba mhaith linn leanúint ar aghaidh ag infheistiú i mbealaí a chuireann le heispéireas na reathaithe, an lucht tacaíochta agus an phobail i gcoitinne, agus ag an am céanna próifíl agus aimsiú Mharatón Bhaile Átha Cliath a mhéadú sa bhaile agus ar fud an domhain.”
“Agus muid ag ceiliúradh 45ú heagrán na hócáide agus ag féachaint chun cinn chuig an 50ú Maratón Bhaile Átha Cliath, is céim thábhachtach eile í an chomhpháirtíocht seo le TG4 chun leanúint den ócáid seo a fhorbairt sna blianta amach romhainn.”

 

Dúirt Rónán Ó Coisdealbha, Ceannasaí Spóirt TG4:
“Tá ríméad orainn Maratón Bhaile Átha Cliath Irish Life a chur ar fáil beo agus saor in aisce do lucht féachana ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain den chéad uair ar TG4. Tá Maratón Bhaile Átha Cliath anois ar cheann de na hócáidí móra i bhféilire spóirt na hÉireann, agus tugann sé scoth-lúthchleasaithe, na mílte rannpháirtithe agus lucht tacaíochta ó gach cearn den tír agus níos faide i gcéin le chéile.”
“Tá TG4 tiomanta do mhórimeachtaí spóirt beo a chur ar fáil don lucht féachana is leithne agus is féidir. Tabharfaidh an craoladh seo deis dúinn ní hamháin an rásaíocht ag tosach an rása a léiriú, ach atmaisféar agus scéalta pearsanta an lae a chur os comhair an phobail chomh maith – na rudaí a fhágann gur ócáid chomh speisialta sin é Maratón Bhaile Átha Cliath. Tá áthas orainn chomh maith go mbeidh deis ag lucht féachana ar fud an domhain an t-aicsean a leanúint beo ó Bhaile Átha Cliath ar Sheinnteoir TG4.”

 
Is é imeacht 2026 an 45ú heagrán de Mharatón Bhaile Átha Cliath, a reáchtáladh den chéad uair in 1980.

 

Teagmháil i TG4 do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta, Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: