Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Cuir Aithne ar Thuairisceoirí Nua Nuacht Cúla4

08.09.26


Ó chlé: Caitríona Ní Ógáin, James Mac Éinrí, Níamh Ní Fhearáin & Ciarán Ó Flaithearta
 

Tá Cúla4 trí bliana ar an bhfód inniu agus is é inniu freisin an chéad lá ar ais ag Nuacht Cúla4.

Is Clár nuachta do dhaoine óga é Nuacht Cúla4 a chlúdaíonn an nuacht áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Féach ar Nuacht Cúla4, ó Mháirt go hAoine ag 1.30pm agus arís ag 5.30pm, nó am ar bith ar cula4.com

Cuirigí aithne ar thuairisceoirí nua Nuacht Cúla4:
 

Ciarán Ó Flaithearta
Is as Inis Mór, an t-oileán is mó de thrí Oileán Árann i nGaillimh, Ciaran. D’fhreastail sé ar Scoil Eoin Pól II agus ar Choláiste Naomh Éinne sular bhain sé a bhunchéim san Iriseoireacht agus sa Ghaeilge amach ó Ollscoil na Gaillimhe. D’oibrigh sé le Citylink, Balls.ie agus le Spórt TG4. Tá taithí iontach faighte aige i ngach ról agus scileanna inaistrithe foghlamtha aige a bheidh sé in ann a úsáid ina ról nua. Cuireann sé an podchraoladh rugbaí “Úd Dudes” i láthair ina ndéantar plé ar gach rud faoin rugbaí in Éirinn. Tá Ciarán paiseanta faoin scéalaíocht agus tá sé mar aidhm aige scéalta na Gaeltachta a insint ina theanga dhúchais féin! Tá an-tóir ag Ciarán ar spórt agus imríonn sé Peil Ghaelach le hOileáin Árann agus tá sé ina chaptaen ar a fhoireann rugbaí in Galwegians. Is maith leis físeáin a chruthú freisin ar TikTok faoi spórt na hÉireann! Tá dhá mhadra ag Ciarán – Síog agus Ceolán. Is breá leo an fharraige. Tá suim mhór ag Ciarán sa stair agus sa seanchas. Bhíodh sé ag obair ina threoraí ar chapall agus cairt. Bhí capall le Ciarán sa scannán “The Banshees of Inisherin” agus d’oibrigh sé leis an aisteoir cáiliúil Colin Farrell.
 

Níamh Ní Fhearáin
Is as Inis Eoghain i gCo. Dhún na nGall Níamh. D’fhreastail sí ar Ghaelscoil Cois Feabhail, áit ar thit sí i ngrá leis an teanga. Bhain sí bunchéim sa Ghaeilge amach i gColáiste Ollscoile Naomh Muire. Tá obair déanta aici le Fíbín Media, Comhairle na Gaelscolaíochta, agus Cúrsaí Samhraidh i nGaeltacht Thír Chonaill. Is amhránaí agus ceoltóir freisin í agus tá sí paiseanta faoin cheol traidisiúnta. Nuair a bhí sí níos óige, d’fhoghlaim sí an fhidil, an pianó agus an fheadóg stáin. Is iad An Chéad Ghlúin Eile na ceoltóirí is fearr léi!  Tá Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas aici ó Institiúid Oideachais Marino agus ba mhúinteoir bunscoile í. Mhúin sí rang na Naíonán Sinsearach fá choinne dhá bhliain i mBaile Átha Cliath. Tá a croí istigh sa Ghaeilge agus baineann sí an-sult as an teanga a spreagadh i measc na hóige! Is leathchúpla í Níamh. Aoife an t-ainm atá ar a deirfiúr agus tá siad iontach cosúil lena chéile.  Taitníonn an trá go mór le Níamh agus is breá léi radharcanna áille nádúrtha na hÉireann. Téann sí ag rith nó ag siúl go minic cois cósta. Is maith léi a bheith ag snámh san fharraige nuair a bhíonn an aimsir go deas.
 

James Mac Éinrí
Is as an Lorgain i gContae Ard Mhacha James Mac Éinrí. D’fhreastail sé ar Bhunscoil Naomh Proinsias agus ar Choláiste Chaitríona. Ghnóthaigh sé bunchéim sa Ghaeilge le Ríomhaireacht ó Ollscoil Uladh. Le linn a chuid staidéir, fuair sé taithí ar an iriseoireacht, ar an gcraoltóireacht agus ar na meáin dhigiteacha trí thréimhsí a dhéanamh le RTÉ Gaeilge agus Nuacht TG4. Bhí sé ag obair freisin ina láithreoir, tuairisceoir agus cruthaitheoir ábhair le Raidió na Gaeltachta agus le Féile na Meán Ceilteach. Tá céim mháistreachta i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin á críochnú aige faoi láthair in Ollscoil na Gaillimhe. Tá spéis ar leith aige san iriseoireacht, scéalta a insint agus in ábhar Gaeilge tarraingteach a chruthú do dhaoine óga. Tá James an-tógtha le spórt agus is mór an tacaíocht a thugann sé d’fhoireann peile Ard Mhacha. Is breá leis sacar fosta, agus caitheann sé cuid mhaith dá chuid ama ag imirt peile nó san aonad spóirt. Tá suim mhór aige sa cheol chomh maith, go háirithe sa cheol Gaelach, agus tá Kneecap ar cheann de na grúpaí ceoil is fearr leis. Tá an Ghaeilge lárnach ina shaol agus is breá leis í a labhairt lena chairde agus í a úsáid i ngnáthchúrsaí an tsaoil.
 

Caitríona Ní Ógáin
Is as Tír an Fhia i gConamara Caitríona Ní Ógáin. D’fhreastail sí ar Scoil Náisiúnta Thír an Fhia agus ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin. Bhain sí céim sa Choiriúlacht amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá teastas aici sa Mhargaíocht Dhigiteach ó Ollscoil Teicneolaíochta an Oirdheiscirt. Tá áit speisialta ina croí do chur chun cinn na Gaeilge agus do chúrsaí meán. Is breá le Caitríona am a chaitheamh lena cairde agus scéalta a roinnt leo. Is maith léi a bheith ag éisteacht le ceol agus is iad John Beag agus Taylor Swift na ceoltóirí is fearr léi. Is maith le Caitríona a bheith amuigh faoin aer agus is breá léi cúrsaí spóirt chomh maith. Tá sí ag imirt peile ó bhí sí in ann siúl! Rinne sí júdó ar feadh na mblianta agus is breá léi a bheith ag rith. Tá maratón déanta freisin aici.
 

Róisín Ní Chéileachair – Láithreoir Nuacht Cúla4
Is as paróiste Dhún Chaoin i gCiarraí Róisín.  D’fhreastail sí ar Scoil Naomh Gobnait i nDún Chaoin, ar Phobalscoil Chorca Dhuibhne sa Daingean, agus ar Ollscoil na Gaillimhe ansin chun céim sa Ghaeilge a bhaint amach. D’oibrigh sí in RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh trí bliana go leith. Bhí sí ag obair ina láithreoir, léiritheoir agus tuairisceoir ar an nuacht áitiúil i ndeisceart na tíre. Bhí sí ina tuairisceoir le Nuacht Cúla4 i gCúige Chonnacht an bhliain seo caite agus anois tá ina láithreoir nuachta ann! Tá Róisín tiomanta go mór do chur chun cinn na Gaeilge agus an Ghaeilge aici ón gcliabhán. Tá Róisín an-tógtha le scéalta agus leis an aisteoireacht agus mar sin is breá léi a bheith ag féachaint ar scannáin. Is iad na scannáin Marvel na cinn is fearr léi. Is minic a bhíonn sí ag imirt cluichí ríomhaire, ach is breá léi a bheith amuigh faoin aer, ag siúl ar an trá nó sna cnoic, agus is breá léi a bheith ag amhránaíocht agus ag éisteacht le ceol chomh maith.
 

Eolas faoi Cúla4

Baineadh éacht amach an 8 Meán Fómhair 2023 nuair a seoladh an chéad chainéal Gaeilge riamh do dhaoine óga. Tugadh cuireadh don Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, teacht chuig ceannáras TG4 i gCo. na Gaillimhe chun an cainéal teilifíse nua a sheoladh go hoifigiúil. Bíonn Cúla4 á chraoladh ar feadh 14 uair an chloig sa lá, ón 6 a chlog gach maidin go dtí a 8 a chlog gach tráthnóna. Tá cainéal na ndaoine óga le fáil ar Saorview – Cainéal 18, Cainéal 602 ar Virgin Media, Sky 624 agus Eir. Is féidir teacht ar Cúla4 ar líne freisin tríd an seinnteoir atá le fáil ar cula4.com agus ar Aip Cúla4.
 
 

Teagmháil do na Meáin i TG4 & Cúla4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghriofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: