Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

An líon is airde riamh: 46 imreoir Éireannach atá ag imirt san AFLW anois agus Aussie Rules na mBan ag filleadh ar TG4

Deichniúr Éireannach nua ag imirt anois le clubanna AFLW do 2026 - TG4 chun 31 cluiche a chraoladh i gcaitheamh an tséasúir

13.08.26


 
Le líon na n-imreoirí Éireannacha sa pheil Astrálach ag fás agus ag forbairt, tá áthas ar TG4 a fhógairt go bhfuil Aussie Rules na mBan ag filleadh ar an gcainéal. Beidh an líon is airde riamh d’imreoirí Éireannacha, 46 ar an iomlán, ag imirt san AFLW do shéasúr 2026.
 
Is ardú suntasach é seo ar an 39 imreoir Éireannach a bhí ag imirt leis an eagraíocht in 2025, agus deichniúr Éireannach nua tagtha isteach i gclubanna AFLW sula gcuirfear tús le séasúr 2026.
 
Is iad seo a leanas na himreoirí nua atá earcaithe: Saoirse Lally as Maigh Eo (St Kilda), Mary-Kate Lynch as an Mhí (Sydney Swans), Emma Dineen as Ciarraí (Essendon), Aoife Healy (Fremantle) agus Hannah Looney (Hawthorn) as Corcaigh, Emma Murray as Port Láirge (Geelong), Ellie Brady as an gCabhán (Collingwood), Aoife Horisk as Tír Eoghain (Melbourne), Ana Mulholland as Aontroim (Richmond) agus Caitlin Kennedy as Tiobraid Árann (Brisbane Lions). Cé nach mbeidh Kennedy ag imirt i séasúr 2026 mar gheall gur ghortaigh sí a ACL le linn ullmhúcháin réamhshéasúir Brisbane, tá sí fós ar liosta an chlub.
 
Beidh na himreoirí nua seo ag imirt le grúpa seanbhunaithe imreoirí Éireannacha san AFLW, ina measc Orla O’Dwyer as Tiobraid Árann, Sinéad Goldrick as Baile Átha Cliath, Sarah Rowe as Maigh Eo, Vikki Wall as an Mhí, Aishling Moloney as Tiobraid Árann agus Áine Tighe as Liatroim.
 
Tá fairsinge rannpháirtíocht na hÉireann le feiceáil freisin i scaipeadh geografach na 46 imreoir ar as 20 contae éagsúla iad.
 
As Maigh Eo an líon is mó de na himreoirí le seisear imreoirí; cúigear ionadaithe ag Tiobraid Árann agus ag an Mhí araon; tá ceathrar ag Ciarraí agus ag Baile Átha Cliath; triúr ag Dún na nGall agus ag Corcaigh; agus beirt ag Port Láirge, ag an gClár agus ag Uíbh Fhailí.
 
Tá imreoir amháin an ceann ag 10 gcontae eile – Laois, an Cabhán, Liatroim, Tír Eoghain, Aontroim, Ard Mhacha, Gaillimh, Fear Manach, Cill Dara agus an Dún.
 
Cuirfidh TG4 cluichí ón AFLW ar fáil do lucht féachana na hÉireann arís ar an gclár Aussie Rules na mBan, agus beidh 31 cluiche ó shéasúr 2026 mar chuid de chlúdach na bliana seo.
 
Cuirfear tús leis an gclúdach Dé Sathairn an 15 Lúnasa, nuair a thabharfaidh Richmond aghaidh ar Collingwood, sula dtabharfaidh Adelaide Crows aghaidh ar Sydney Swans Dé Domhnaigh an 16 Lúnasa.
 
Craolfaidh TG4 ocht gcluiche as na chéad cheithre bhabhta, agus beidh go leor imreoirí Éireannacha le feiceáil sna cluichí sin. Beidh Babhtaí 3 agus 4 mar chuid de Indigenous Round an AFLW chomh maith.
 
Is féidir leis an lucht leanúna @SportTG4 a leanúint ar na meáin shóisialta le haghaidh buaicphointí, don nuacht is déanaí agus d’ábhar eisiach i gcaitheamh shéasúr AFLW 2026.
 

Imreoirí Éireannacha ar Liostaí Chlubanna AFLW in 2026

Maigh Eo – 6
•     Grace Kelly (Adelaide Crows)
•     Niamh Kelly (Adelaide Crows)
•     Sarah Rowe (Collingwood)
•     Dayna Finn (Carlton)
•     Rachel Kearns (Geelong)
•     Saoirse Lally (St Kilda) – NUA

Tiobraid Árann – 5
•     Caitlin Kennedy (Brisbane Lions) – NUA
•     Orla O’Dwyer (Brisbane Lions)
•     Aisling McCarthy (Fremantle)
•     Niamh Martin (Hawthorn)
•     Aishling Moloney (Geelong)

An Mhí – 5
•     Orlagh Lally (Fremantle)
•     Sarah Wall (North Melbourne)
•     Vikki Wall (North Melbourne)
•     Aoibhín Cleary (Richmond)
•     Mary-Kate Lynch (Sydney Swans) – NUA

Ciarraí – 4
•     Kayleigh Cronin (Adelaide Crows)
•     Emma Dineen (Essendon) – NUA
•     Paris McCarthy (Sydney Swans)
•     Julie O’Sullivan (Sydney Swans)

Baile Átha Cliath – 4
•     Jen Dunne (Brisbane Lions)
•     Grace Kos (GWS Giants)
•     Eilish O’Dowd (GWS Giants)
•     Sinéad Goldrick (Melbourne)

Dún na nGall – 3
•     Amy Boyle-Carr (Adelaide Crows)
•     Niamh McLaughlin (Gold Coast Suns)
•     Tanya Kennedy (Sydney Swans)

Corcaigh – 3
•     Aoife Healy (Fremantle) – NUA
•     Hannah Looney (Hawthorn) – NUA
•     Erika O’Shea (North Melbourne)

Port Láirge – 2
•     Kellyann Hogan (Collingwood)
•     Emma Murray (Geelong) – NUA

An Clár – 2
•     Síofra O’Connell (Carlton)
•     Aisling Reidy (Carlton)

Uíbh Fhailí – 2
•     Kate Kenny (Geelong)
•     Amy Gavin Mangan (North Melbourne)

Laois – 1
•     Erone Fitzpatrick (Carlton)
An Cabhán – 1
•     Ellie Brady (Collingwood) – NUA
Liatroim – 1
•     Áine Tighe (Fremantle)
Tír Eoghain – 1
•     Aoife Horisk (Melbourne) – NUA
Aontroim – 1
•     Ana Mulholland (Richmond) – NUA
Ard Mhacha – 1
•     Blaithin Mackin (Melbourne)
Gaillimh – 1
•     Áine McDonagh (Hawthorn)
Fear Manach – 1
•     Bláithín Bogue (North Melbourne)
Cill Dara – 1
•     Neasa Dooley (Brisbane Lions)
An Dún – 1
•     Clara Fitzpatrick (Gold Coast Suns)
 

 
Aussie Rules na mBan – Na Chéad Cheithre Bhabhta

Dáta   Babhta      Cluiche
15/08/2026  Babhta 1    Richmond v Collingwood
16/08/2026  Babhta 1    Adelaide Crows v Sydney Swans
22/08/2026  Babhta 2    Brisbane Lions v North Melbourne
23/08/2026  Babhta 2    Melbourne v GWS Giants
29/08/2026  Babhta 3 – Indigenous Round   Sydney Swans v St Kilda
30/08/2026  Babhta 3 – Indigenous Round   Fremantle v Carlton
05/09/2026  Babhta 4 – Indigenous Round   Brisbane Lions v GWS Giants
06/09/2026  Babhta 4 – Indigenous Round   Hawthorn v Adelaide Crows

Fillfidh Aussie Rules na mBan ar TG4 ón Satharn an 15 Lúnasa, agus craolfar 31 cluiche ó shéasúr AFLW 2026 mar chuid de chlúdach TG4.

 

Teagmhálaí Spórt TG4 do na Meáin:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: