Preas
TG4 ag Filleadh ar Lios Tuathail le Sé Lá de Rásaíocht Bheo ag Féile an Fhómhair
14.09.26

Pic: Meghann Scully
Fillfidh TG4 ar an Ríocht i mí Mheán Fómhair le sé lá de rásaíocht capall bheo ó Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail, agus Rásaí Beo ag craoladh an aicsin ar fad don lucht féachana ó Dé Luain an 21 Meán Fómhair go dtí Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair.
Tá 22 bhliain ann i mbliana ó chraol TG4 beo ó Fhéile an Fhómhair den chéad uair in 2004, agus tá Rásaí Lios Tuathail anois ina dhlúthchuid d’fhéilire rásaíochta an chainéil. Beidh an 168ú Féile Fómhair i Lios Tuathail ar siúl in 2026, ceann de na féilte rásaíochta is sine agus is iomráití in Éirinn.
Bhí bua nach ligfear i ndearmad ag Spanish Harlem i bpríomhrás na bliana seo caite, an Guinness Kerry National. Ba é Willie Mullins traenálaí an chapaill agus ba é Danny Mullins a bhí sa diallait. Ba é sin an dara bua ag an marcach sa rás mór le rá i Lios Tuathail, 13 bliana tar éis dó Faltering Fullback, a bhí faoi chúram Eric McNamara, an bua a fháil in 2012.
Cuirfear tús le clúdach TG4 i mbliana le dhá lá de rásaíocht ar an gcothrom Dé Luain agus Dé Máirt, sula mbeidh rásaíocht National Hunt i lár an aonaid ón gCéadaoin ar aghaidh. Beidh ceann de bhuaicphointí móra na seachtaine ann Dé Céadaoin agus an Guinness Kerry National, príomhrás Fhéile an Fhómhair, á reáchtáil arís.
Beidh an faisean chomh mór céanna i mbéal an phobail leis an rásaíocht ar an Aoine 25 Meán Fómhair, nuair a bheidh Lá na mBan ar siúl. Beidh láithreoir Raceday TV Frankie Foster, mar aon leis an sainchomhairleoir íomhá mór le rá Aoife Dunican, i láthair chun moltóireacht a dhéanamh ar chomórtas McElligotts Kia don bhean is dea-ghléasta agus lucht freastail na rásaí ag cur neart dathanna agus stíle leis an ócáid arís.
Tiocfaidh deireadh leis an tseachtain rásaíochta Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair, nuair a dhéanfaidh Rásaí Beo clúdach beo don lucht féachana ar chomórtas mór le rá Goffs Million ón gCurrach i gContae Chill Dara mar chuid den chlár chomh maith.
Bliain ghnóthach a bhí inti cheana féin do Rásaí Beo, agus an tsraith ag dul ó neart go neart. Cuireadh tús leis an samhradh le dhá lá de chlúdach ó Bhaile an Bhriotaigh le linn Rásaí na Gaillimhe, sular craoladh an Phoenix Stakes Grúpa 1 ón gCurrach, dhá lá ó Fhéile Lúnasa Chill Airne agus, den chéad uair riamh, cuairt Rásaí Beo ar Dhún Pádraig, an ráschúrsa is sine in Éirinn.
Tá craoladh déanta ag rásaíocht bheo anois ó 24 den 26 ráschúrsa ar oileán na hÉireann, rud a léiríonn arís tiomantas TG4 do rásaíocht na hÉireann a chur ar fáil don lucht féachana saor go haer. Le linn na seachtaine i Lios Tuathail, fógróidh Rásaí Beo sonraí faoi dhátaí breise rásaíochta beo do mhí na Samhna chomh maith.
Beidh Seán Bán Breathnach chun tosaigh ar chlúdach Lios Tuathail arís, in éineacht le Mánus Ó Conghaile, Sarah Lynam, Evelyn Ní Ghriallais agus Tomás Báicéir.
Is é Mícheál Ó Sé a bheidh i mbun tráchtaireachta ar na rásaí i gcaitheamh na seachtaine, agus beidh Daragh Ó Conchúir agus Meghann Scully san fháinne, ag labhairt le húinéirí, traenálaithe, marcaigh agus lucht na rásaí, agus iad ag cur a gcuid féin le spleodar agus le hatmaisféar na féile don lucht féachana.
Le sé lá de rásaíocht bheo, an Guinness Kerry National, Lá na mBan, an Goffs Million agus atmaisféar ar leith ceann de mhórfhéilte rásaíochta na hÉireann, tá seachtain eile d’aicsean den scoth beo geallta ar TG4 ag Rásaí Lios Tuathail.
Rásaí Beo – Rásaí Lios Tuathail
Dé Luain an 21 Meán Fómhair – Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair
Beo ar TG4
Lean Spórt TG4 ar na meáin shóisialta le haghaidh buaicphointí, an eolais is déanaí agus ábhar ó chúl an stáitse i gcaitheamh Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail.
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie