Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Clúdach Beo ag TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste 2026

11.06.26


Pic: Doireann Ní Ghlacáin, Peadar Ó Goill, Freda Nic Giolla Chatháin & Gráinne McElwain – Láithreoirí Fleadh26 (Creidiúint: Press Eye Photography
 
Blaisín:

 

I mí Lúnasa, beidh an ceiliúradh is mó de cheol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta na hÉireann ar domhan ar siúl i mBéal Feirste nuair a bheidh Fleadh Cheoil na hÉireann sa chathair den chéad uair riamh.
Ón 6-9 Lúnasa, déanfar ceithre oíche dhochreidte de shiamsaíocht bheo ó chroílár na Fleidhe a chraoladh ar TG4, ag cur an chuid is fearr d’oidhreacht cheoil na hÉireann faoi bhráid an lucht spéise chomh maith le roinnt de na glórtha agus na daoine cumasacha nua is spreagúla atá ag teacht chun cinn i saol an cheoil thraidisiúnta sa lá atá inniu ann! Léiriú le Power Pictures.
 

Déanfar ceiliúradh ar an gceol, na scéalta, na daoine agus na pobail a chuireann chomh mór sin leis na healaíona traidisiúnta, agus sna cláracha seo, beidh léirithe nach ndéanfar dearmad orthu, comhshaothair uathúla agus ócáidí speisialta ceangail nuair a bheidh laochra ceoil na linne seo ar stáitse leis an gcéad ghlúin eile ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí.
Is bliain mhór í seo do Fhleadh Cheoil na hÉireann agus is deis iontach atá ann timpeallacht shaibhir chultúir Bhéal Feirste a thaispeáint agus na céadta mílte cuairteoirí ag teacht chun na cathrach i gcomhair seachtain cheiliúrtha de chultúr na hÉireann.
Arna léiriú ag Power Pictures, comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim buaite acu, déanfaidh triúr láithreoir a bhfuil an-aithne ag an lucht spéise orthu agus a bhfuil ceol traidisiúnta agus cultúr na hÉireann go smior iontu an clár a chur i láthair.
 

Is craoltóir, bean léinn, podchraoltóir agus ceoltóir fidle agus amhránaí den scoth í Doireann Ní Ghlacáin, agus baineann a hoidhreacht cheoil le péire de na teaghlaigh is mó a bhfuil tionchar acu ar cheol traidisiúnta na hÉireann — muintir Glackin agus muintir Uí Riada.

Doireann Ní Ghlacáin
 

Is déantóir scannán, grianghrafadóir agus stiúrthóir cruthaitheachta ó Oileáin Árann é Peadar Ó Goill atá anois ina chónaí i mBéal Feirste; bíonn sé ag obair i réimsí ceoil, cultúir agus na meán digiteach. Meascann sé tuiscint dhomhain ar an traidisiún le spéis faoi leith sna smaointe, sa gcruthaitheacht, agus sa gcomhrá cultúir a bhfuil tionchar acu ar Éirinn sa lá atá inniu ann.

Peadar Ó Goill
 

Is as Muineachán do Ghráinne McElwain agus tá aithne mhaith ag an lucht féachana agus éisteachta uirthi as bheith i mbun craoltóireachta ar chláracha spóirt ar TG4 agus GAA+. Tá ceangal láidir pearsanta aici le Fleadh Cheoil na hÉireann chomh maith mar gur fhás sí aníos i dteaghlach ceolmhar agus go raibh sí báite sa traidisiún tríd an bpobal, trí chultúr agus tríd an ngrá atá aici don cheol ar feadh a saoil.
Is féidir leis an lucht féachana agus éisteachta a bheith ag súil le ceithre oíche lán de léirithe den chéad scoth, comhshaothair áille, scéalta iontacha, neart craic agus atmaisféar so-aitheanta nach bhfuil le fáil in áit ar bith ach ag Fleadh Cheoil na hÉireann.

Gráinne McElwain
 

Fleadh26: Na Comórtais : Comórtais a bheidh BEO Ar Líne TradTG4 – YouTube agus ar www.FleadhCheoil.ie

Freda Nic Giolla Chatháin

Daoibhse a bhíonn ag leanúint chomórtais na Fleidhe, beidh TG4 agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag sruthú na bpríomhchomórtas ar TradTG4 – YouTube agus ar FleadhCheoil.ie á gcur i láthair ag Freda Nic Giolla Chatháin! Léiriú le Telegael.
Is as Co. na hIarmhí ó dhúchas do Freda ach tá cónaí uirthi anois i gCathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Tá céim sa Cheol agus sa Ghaeilge aici ó UCC. Seinneann sí an consairtín agus an chruit, agus bhuaigh sí an comórtas sinsear ar an gcruit ag Fleadh Cheoil na hÉireann agus ag Féile Chruitireachta Uí Chearbhalláin, i gCéideadh, Co. Ros Comáin. Tá an domhan siúlta aici leis an gceol agus rinne sí dhá chamchuairt le Comhaltas Ceoltóirí Éireann – turas na Breataine agus turas Mheiriceá Thuaidh.
 

Beag beann ar spéis a bheith agat sa gceol traidisiúnta ar feadh do shaoil nó spéis a bheith agat i bhfuinneamh agus i spleodar an tionóil cultúir is iontaí in Éirinn, ní bheidh tú ag iarraidh an Fhleadh Cheoil seo a chailleadh.
 
Beidh Fleadh26, clúdach beo ag TG4 ar Fhleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste 2026 gach oíche ón 6-9 Lúnasa ag 9.30pm agus ar fud an domhain ar TG4.ie
 

Teagmháil do na Meáin:
Linda Ní Ghríofa | Eagraí Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: