Preas
An tsraith mór le rá, Mo Shaol Do Shaol, ar ais ar Cúla4 & cula4.com an mhí seo chugainn. Craolfar leagan ISL freisin.
28.04.26
Cúla4 & cula4.com
Ag tosú an Bealtaine 6 @ 18.30
Leagan ISL : an Bealtaine 6 @ 13.45

Íomhánna: Flickr
Déantar ceiliúradh sa tsraith seo Mo Shaol Do Shaol ar phobail shaibhre ilchultúrtha na hÉireann trí shúile leanaí. Craolfar an tsraith ar Cúla4 agus ar cula4.com ag tosú ar an 6 Bealtaine ag 18:30. Beidh sé le feiceáil gach Dé Céadaoin & Dé hAoine ina dhiaidh sin. Craolfar leagan ISL freisin ag tosú an 6 Bealtaine ag 13:45.
Beidh níos mó i gceist sa tsraith nua seo seachas a bheith ag babhtáil caithimh aimsire agus stíleanna maireachtála, beifear ag féachaint freisin ar na cultúir agus na pobail éagsúla a chuimsítear in Éirinn an lae inniu. Sa cheathrú sraith nuálach seo, beidh 27 páiste a bhfuil cúlraí éagsúla cultúir, agus a bhfuil Gaeilge acu, ag babhtáil saoil! Tabharfaidh an bhabhtáil seo léargas ar leith don lucht féachana ar shaol na bpáistí. Taitníonn an clár go mór le páistí a bhfuil, agus nach bhfuil, Gaeilge acu araon, agus taispeántar é i scoileanna timpeall na tíre. Trí fhiosracht, gáire agus neart grinn, cuireann na rannpháirtithe óga seo tús le haistear spreagúil ina nochtar an saol, mar a chaitheann daoine eile é, dóibh i ndáiríre.
Cuirfear beirt pháistí inár láthair i ngach eipeasóid, nach bhfuil aon eolas acu faoi chúlraí a chéile. Sa tsraith seo, taispeánfaidh 27 páiste éagsúla, agus iad ina n-ionadaithe ar a gcultúr féin, na rudaí is mó a thaitníonn leo faoin gcultúr sin, agus sin ar fad á dhéanamh acu as Gaeilge! Agus iad á dtumadh féin i saol laethúil a chéile, faigheann an lucht féachana óg gach uile ní amach faoi na pobail ilchultúrtha in Éirinn, lena n-áirítear Pórtó Ríce, an Fhrainc, an Nigéir, an tSín, an Pholainn, an Astráil agus go leor eile. Ó fhéilte traidisiúnta agus ceiliúradh ildaite go héadaí sainiúla, bia blasta agus nósanna uathúla, freagraíonn an tsraith seo na ceisteanna móra a bhíonn ag páistí: Cé hiad ár gcomharsana? Cá as iad? Cé na cluichí a imríonn siad? Cad iad na traidisiúin spéisiúla a bhfuil meas acu orthu?
Is é toradh na sraithe ná taiscéalaíocht ildaite agus eachtrúil atá dúshlánach agus luachmhar araon do na rannpháirtithe, lán den lúcháir, den fhiosracht agus den spraoi a fhágann gurb é Mo Shaol Do Shaol an rogha is fearr le teaghlaigh Éireannacha. Is talamh úr í an fhormáid cheannródaíoch seo do Macalla agus do Cúla4 araon. Déantar ceiliúradh ar an gclár seo ar éagsúlacht chultúir na hÉireann agus cuirtear tuiscint, comhbhá agus cairdeas chun cinn i measc an chéad ghlúin eile.
Téann ár dtiomantas don ionadaíocht níos faide ná na rannpháirtithe ar an scáileán. Tá daoine a bhfuil cúlraí cultúir agus eitneacha éagsúla acu mar chuid de chriú léirithe Mo Shaol Do Shaol freisin, ina measc, Dolapo Abungiade, léiritheoir cúnta na sraithe a bhfuil cúlra Nigéarach-Éireannach aici agus Raja Nundall, ceamaradóir a bhfuil cúlra Muiríseach aige.
Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe ar Ábhar do Pháistí, TG4: “Tá an fhormáid seo imithe ó neart go neart le sraith 4. Measaim gur sraith thaithneamhach, shiamsúil agus luachmhar í seo agus tá beocht fós san fhormáid. Sílim go bhfuil spás ann le haghaidh sraitheanna eile bunaithe ar dhaoine óga ó chultúir éagsúla amach anseo.”
NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ:
Macalla Teoranta a léiríonn Mo Shaol Do Shaol do Cúla4, le tacaíocht ó Choimisiún na Meán.
Maidir le Macalla Teoranta: Is comhlacht léiriúcháin é Macalla atá lonnaithe i gcroílár Bhaile Átha Cliath agus a bhfuil gradaim mór le rá buaite aige. Tá roinnt sraitheanna teilifíse thar a bheith rathúil forbartha agus léirithe ag Macalla, chomh maith le roinnt scannáin mhóra a bhfuil duaiseanna buaite acu, Róise & Frank agus iontráil na hÉireann sna Oscars in 2020, Arracht ina measc.
Teagmháil do na Meáin i TG4 & Cúla4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Étaín Ní Thuairisg | Cúla4 | etain.ni.thuairisg@tg4.ie