Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Láithreoir nua Cúla4 á lorg

An Tusa Láithreoir Nua Cúla4?

14.08.26

Niamh Ní Chróinín Cúla4

Niamh Ní Chróinin, Láithreoir Cúla4

 
 

An Tusa Láithreoir Nua Cúla4?

 

Tá Cúla4  ag cuardach duine fuinniúil, cruthaitheach agus cumasach don phost Láithreoir Cúla4. Conradh trí bliana atá i gceist agus is é/í an duine seo a bheidh ina aghaidh agus ina ghuth do Cúla4, ag cur ábhar agus leanúnachas an chainéil i láthair ar an teilifís, ar líne agus ar na meáin shóisialta.

Beidh an Láithreoir ina Ambasadóir Branda do Cúla4 freisin, ag cothú caidrimh leis an lucht féachana óg agus ag déanamh ionadaíochta ar Cúla4 ag ócáidí pobail agus poiblí.

Tá Cúla4 ag lorg duine a bhfuil teacht i láthair nádúrtha, Gaeilge den scoth, ardscileanna cumarsáide agus tuiscint mhaith aige/aici ar shaol na ndaoine óga, ar na meáin shóisialta agus ar ardáin dhigiteacha. Bheadh taithí ar ábhar físe nó fuaime a chruthú ina buntáiste mór.

Beidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis lonnaithe i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, agus freagrach do Bhainisteoir Cúla4.

Is fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus fáiltítear go mór roimh iarratais ó dhaoine de gach cúlra.

Is é 4.00pm Dé Luain, an 7 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’iarratais.

Ba chóir CV, litir iarratais agus físeán ina dtugtar léargas ar do chumas láithreoireachta a sheoladh chuig cv@tg4.ie

Tuilleadh eolais: Folúntas Láithreoir Cúla4

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghriofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: