Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

26 Uair d’Ábhar Beo ó Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 le Craoladh ag TG4 ar a chuid Ardán go Léir 

21.05.26

 

Ós rud é go mbeidh TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer agus go mbeidh Comhaltas Ceoltóirí Éireann ag ceiliúradh 75 bliain ó bunaíodh é, tá TG4 ag cur lena aschur ilardáin don bhliain 2026 chun an ceiliúradh is mó ar domhan ar cheol agus ar chultúr traidisiúnta na hÉireann a thabhairt chuig lucht féachana agus éisteachta ar fud na cruinne.   
 
Tosóidh TG4 ag craoladh sruthanna beo de chomórtais gach maidin idir Déardaoin an 6ú agus Dé Domhnaigh an 9ú Lúnasa agus leanfaidh an craoladh sin ar aghaidh i rith an lae go dtí go dtiocfaidh clabhsúr leis le seó mór a chraolfar beo ar an teilifís gach oíche. 
 
Tabharfar léargas ar gach gné den cheiliúradh mór sin le clúdach TG4. Beidh an lucht féachana agus éisteachta in ann taitneamh a bhaint as taibhléirithe beo, sult a bhaint as comórtais iomráiteacha na Fleidhe, agus léargas a fháil ar an atmaisféar iontach a bhaineann le Fleadh Cheoil na hÉireann, ar teacht le chéile iontach de phobail, de cheoltóirí agus amhránaithe agus lucht spéise í. Fógrófar na ceoltóirí agus na hamhránaithe a bheith páirteach, na láithreoirí, na hamanna craolta agus sonraí faoi na cláracha speisialta níos gaire den am. 
 
Beidh Cúla4, cainéal TG4 don lucht féachana níos óige, ar shráideanna Bhéal Feirste chun scoth na dtaibhléirithe agus an spóirt agus spraoi ó na ceoltóirí faoi bhun 12 bhliain d’aois a chur os comhair an phobail   
 
Idir chraoladh beo teilifíse, Seinnteoir TG4, chlúdach ar na comórtais, na meáin shóisialta agus ábhar tiomnaithe do leanaí, cinnteoidh TG4 go sroichfidh draíocht Bhéal Feirste 2026 an lucht féachana agus éisteachta cibé áit a bhfuil siad. 
 
Ag cur leis an rath a bhí ar Fleadh25 i Loch Garman, a chothaigh nasc idir an lucht féachana ar fud na hÉireann, na Ríochta Aontaithe, SAM, Ceanada, na hAstráile, na Fraince, na Spáinne, na Seapáine agus níos faide i gcéin, déanfaidh TG4 an chuid is fearr de thaibhealaíona traidisiúnta na hÉireann a roinnt go bródúil arís leis an domhan mór. Agus Béal Feirste i lár an aonaigh mar an chathair óstach, tabharfaidh TG4 ceol, scéalta, spiorad agus craic na Fleidhe chuig an lucht féachana i ngach áit. 
 
Is féidir leis an lucht féachana súil siar a chaitheamh ar chlúdach TG4 ar an bhFleadh agus taitneamh a bhaint as buaicphointí, taibhléirithe agus ócáidí speisialta ó chraoltaí ón bhFleadh roimhe seo anseo: 

Féach ar Fleadh25:https://nasc.tg4.tv/Fleadh25
Seinnteoir TG4:https://www.tg4.ie 
Cúla4:https://www.cula4.com/


 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: