Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Séasúr Nua Iontach Fógartha ag TG4 ina mbeidh Scéalta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor

31.08.26

 
Seóríl TG4:

 
Bróisiúr: Cláracha TG4…Anseo
 

Tá an tsraith dhrámaíochta mhóréilimh CRÁ ar ais i sceideal an fhómhair 2026, a d’fhógair TG4 inniu, sceideal atá ag cur thar maoil le réimse ábhair siamsaíochta, faisnéise, ceoil, spóirt, ábhar don lucht féachana óg, cúrsaí reatha agus réimse cláracha do leanaí, sceideal.

CRÁ ar cheann de na príomhchláracha i sceideal an fhómhair, sceideal a fógraíodh inniu ag ócáid speisialta seolta i Staid Dexcom i nGaillimh. Chuir TG4 sceideal den scoth nua i láthair ina bhfuil idir dhrámaíocht nuacheaptha Ghaeilge, siamsaíocht, cláracha faisnéise, ceol, spórt beo, cúrsaí reatha agus cláracha do pháistí.

Cuirfear an saol nua atá ag an ábhar bleachtaire, Conall Ó Súilleabháin, trína chéile sa dara sraith de CRÁ nuair a chloiseann sé go bhfuil coirpeach tar éis éalú ón bpríosún. Níl aon dul as, caithfidh sé filleadh ar Carraig na nGall. I bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh leis an gcéad sraith, a díoladh le 68 tír, tá CRÁ ar cheann de na hábhair suntais is mó i sceideal an fhómhair.

Sa bhreis ar na cláracha sin a bheidh ar ais agus a mbíonn an-tóir orthu, cuirfidh TG4 formáidí nua, guthanna nua agus réimse leathan scéalta le sceideal an fhómhair i mbliana. Tabharfaidh na formáidí, na guthanna agus na scéalta sin léargas ar Éirinn sa lá atá inniu ann. Beidh idir chúrsaí grá agus fhéiniúlacht na linne seo, cúrsaí imirce, ceoil, spóirt agus shaol na Gaeltachta faoi chaibidil.
 

Bhí an méid seo le rá ag Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “

“Is deis a bheidh in ócáid mhór Oíche Shamhna na bliana seo, agus muid ag comóradh 30 bliain ó bunaíodh TG4, machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a gcothaímid ceangal leis an lucht féachana agus ar an gcaoi a bhfreagraímid don mhéid a bhfuiltear ag súil uainn.

Choimisiúnaigh TG4 Bricolage i mbliana chun tabhairt faoi thaighde a thabharfadh tuiscint níos fearr dúinn ar riachtanais agus ar nósanna féachana i ré an rogha don lucht féachána. De réir an taighde sin, tá an lucht féachana mórtasach as clársceideal TG4.

Tá an-áthas orm an leagan amach nua atá ar sceideal TG4 a fhógairt inniu, ar sceideal é a shásaíonn na riachtanais sin fad a leantar den ábhar sainiúil sin a spreagann mórtas agus a chothaíonn ceangal lenár lucht féachana a chruthú. Táimid ag neartú an chur chuige neodrach ó thaobh ardáin atá againn maidir le dáileadh clár agus ábhair, a léiríonn an chaoi a bhfuil an lucht féachana ag roghnú breathnú ar ábhar TG4 níos minice.

Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dár gcomhpháirtithe léiriúcháin iontacha agus buíochas a ghlacadh leo as an ábhar cruthaitheach den scoth agus nuacheaptha a chuireann siad ar fáil agus trína gcuirtear ‘Súil Eile’ os comhair an lucht féachana in Éirinn agus níos faide i gcéin.”
 

Drámaíocht & Siamsaíocht

Chomh maith leis an tsraith CRÁ, tá TG4 ag leanúint de thacaíocht a thabhairt don chéad ghlúin eile de dhaoine cumasacha scannánaíochta na Gaeilge trí na scéimeanna gearrscannáin Tús agus Céim Eile chun go mbeidh siad ábalta dul chun cinn a dhéanamh sa tionscadal.

Is faoin scéim Tús a rinneadh an gearrscannán Capall, coirscéal dorcha grinn ina dtéann cúrsaí ó smacht uile idir beirt dúnmharfóirí ar conradh, agus an gearrscannán Mí-Ádh faoi thiománaí tacsaí a mbíonn air a chuid pleananna a chaitheamh i dtraipisí a bhuíochas do phaisinéir gan choinne.

Is faoin scéim Céim Eile a rinneadh An Mháthair, gearrscannán faoi mháthair atá faoi mhéala a mbíonn uirthi aghaidh a thabhairt ar an té is cúis le bás a mic, agus an gearrscannán Ár gCluiche Féin faoi bheirt pheileadóirí Gaelacha agus faoin gcaidreamh rúnda eatarthu i saol ar dlúthchuid de traidisiún, fearúlacht agus rialacha intuigthe.

Sraith nua eile an fómhar seo is ea Aperitíf, formáid nua seó cleamhnais ina gcuirtear an rómánsúlacht chun boird, cúrsa i ndiaidh cúrsa. Is iad Mairéad Ní Chuaig agus Cuán de Búrca a chuirfidh an tsraith i láthair.

Tabharfaidh Hector Ó hEochagáin turas eile ar Mheiriceá Theas 25 bliana i ndiaidh a chéad turais in Hola Hector: Ó Bogota go Buenos Aires.

Scéalta pearsanta ocht dteaghlach ar conraitheoirí talmhaíochta iad a bheidh faoi chaibidil sa tsraith Contractors. Beidh Ros na Rún ar ais agus neart drámaíochta, contúirte agus ábhar grinn i ndán dúinn, agus beidh an seó cluiche bríomhar lán straitéise, eolais ghinearálta agus seans, An Deis, ar ais don dara sraith, agus Eibhlín Ní Chonghaile i mbun láithreoireachta arís.
 

Cláracha Fíorasacha & Faisnéise

Craolfar an scannán faisnéise Gealtra, a bhfuil gradaim buaite aige, den chéad uair riamh ar an teilifís ar TG4 an fómhar seo. Baill den ghrúpa ceoil Kabin Krew is ábhar don scannán seo.

Craolfar an scannán faisnéise An Grá Ciúin, a bhfuil gradaim buaite aige féin, den chéad uair freisin. Scéalta áille grá neamhghnácha i dteanga chomharthaíochta trí lánúin atá bodhar a bheidh faoi chaibidil sa scannán.

Fiosrófar an chastacht a bhaineann le cúrsaí grá, gnéis agus pósta in Éirinn sa tsraith Pós Mé, agus fiosróidh an láithreoir Caoimhe Ní Chathail an brú a bhíonn ar dhaoine faoi chúrsaí caidrimh, teaghlaigh, sláinte, mar aon leis an mbrú a bhaineann leis an gcuspóir atá acu sa saol agus an súil a bhíonn ann gur cheart gach gné den saol sin a bheith leagtha amach acu in Spriocanna Saoil.

Cúigear a rugadh i dTuaisceart Éireann idir na blianta 1994 agus 1998, nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, a bheidh faoi chaibidil in Glúin an tSosa Cogaidh agus iad ag cuimhneamh siar ar an saol a bhí acu agus iad ag éirí aníos i ndiaidh na dTrioblóidí.

Beidh mórtas áite le brath go láidir ar an sceideal le linn an tséasúir. Tabharfar léargas in Conamara – Idir Chnoc agus Cladach ar mhuintir, ar thírdhreach agus ar thraidisiúin Chonamara, agus rachfar amach ó chósta an Chláir in Cill Stuifin, áit a dtagann béaloideas, eolaíocht mhuirí agus surfáil le chéile i seanscéal faoi chathair faoi thoinn.

Sa tsraith Gníomhaí, fiosróidh an ceoltóir agus gníomhaí Oisín Mac an méid a spreagann daoine chun dul i mbun gníomhaíochta ar son cúiseanna éagsúla in Éirinn.

Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar an teorainn idir an Fhionlainn agus an Rúis, ar São Paulo, Vítneam agus Ceuta i sraith nua de An Balla chun an tionchar a bhíonn ag bacainní fisiciúla agus dofheicthe araon ar shaol daoine a fhiosrú.

Inseofar scéalta na leanaí, na dteaghlach agus na múinteoirí in dhá naíonra ar leith, ceann in Iarthar Bhéal Feirste agus ceann i Ráth Chairn, Contae na Mí, sa tsraith Naíonra, dhá phobal atá ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh don chéad ghlúin eile.

Caithfear súil ghrinn sa tsraith Éire & Taisteal ar stair chúrsaí taistil agus iompair in Éirinn agus ar an gcaoi a bhfuil athrú tagtha air. Tabharfar léargas in Áras Éanna – Ealaín ar an Imeall ar shaol na n-ealaíontóirí, na n-oileánach, agus an Stiúrthóra Ealaíne Dara McGee ar Inis Oírr.
 

Éire i mbun athraithe

Daoine as an Úcráin, an Afraic Theas, an Nigéir, an Fhrainc, Albain agus an Ghearmáin a bhfuil sé socraithe acu, ar chúis amháin nó ar chúis eile, cur fúthu ar oileáin amach ó chósta na hÉireann a bheidh faoi chaibidil in Trasna na dTonnta. Tabharfar léargas in Bia Úr ar shaol, ar chultúir agus ar chuimhní cinn phobail nua na hÉireann trí léargas a thabhairt ar an mbia a itheann siad. Beidh Éire Eile ar ais chun scéalta nua ó fhochultúir na hÉireann atá ag athrú a insint.
 

Nuacht & Cúrsaí Reatha

Sraith faisnéise úrnua seachtainiúil is ea Mo Thír, Mo Thuairim, arna cur i láthair ag Cormac Ó hEadhra, ina gcuirfear tuairimí daoine óga i gceartlár na gcomhráite is mó a tharraingíonn cainte in Éirinn. Caithfear súil ghrinn i ngach clár ar na scéalta is mó a imríonn tionchar ar shaol na ndaoine óga sin, ó thithíocht, intleacht shaorga agus na meáin shóisialta go cúrsaí andúile, cearrbhachais agus polaitíochta trí dhíospóireacht ionraic, idirghníomhú digiteach agus trí chluas a thabhairt do thuairimí daoine ó chúlraí éagsúla.

Leanfar den nuacht, den anailís agus den díospóireacht trí Ghaeilge faoi scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta araon chomh maith le scéalta ó cheantair Ghaeltachta ar Nuacht TG4 agus ar 7LÁ.
 

Ceol do Chách

Beidh ceol mar chuid lárnach de sceideal fómhair TG4.

Craolfar Gradam Ceoil TG4 2026 beo as Ceoláras na hOllscoile, Luimneach, ar an 13 Meán Fómhair agus déanfar ceiliúradh ar sheachtar den scoth i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.

Na hamhráin a bhain le hÉirí Amach na mbliana 1798 a bheidh faoi chaibidil sa chlár Ceol 1798. Déanfar sin trí thaibhléirithe, tráchtaireacht ó shaineolaithe agus trí chúrsaí a bhain le stair na linne sin a phlé. Fiosrófar an oidhreacht chomhroinnte atá ag pobail ar fud an oileáin a mhéid a bhaineann le ceol na feadóige móire agus na fífe sa chlár Foinn na Fliúite – Ceol Comhroinnte na nDaoine.

Beidh Ceol ón gCré ar ais agus an t-amhránaí Nell Ní Chróinín ag caitheamh súil ghrinn ar an tionchar a bhíonn ag an teaghlach, ag an obair, ag an imirce agus ag an saol ó lá go lá ar cheol traidisiúnta. Tabharfaidh an ceoltóir Róisín Chambers cuairt ar chlubanna ceoil tíre ar fud na tíre sa chlár An Folk Club. Tabharfaidh an ceoltóir agus cumadóir clúiteach clasaiceach agus traidisiúnta Zoë Conway ceol ón bhféile ceoil Féile na Tána, i gCairlinn, Co. Lú chugainn. Is iad Zoë agus a fear céile, John McIntyre a reáchtálann an fhéile.

Is iad Louise Cantillon agus Tarach Ó Snodaigh a chuirfidh sé cheolchoirm bheo as Cyprus Avenue i gCorcaigh i láthair sa tsraith Buile. Beidh Le Boom, Tolü Makay, Chasing Abbey, Huartan, Toshín agus David Keenan i measc na gceoltóirí a bheidh ar stáitse. Cuirfear tús leis an gcuardach don amhránaí óg a dhéanfaidh ionadaíocht ar Éirinn ag Comórtas Amhránaíochta Junior Eurovision i Málta i mbliana sa tsraith Junior Eurovision 2026.

Beidh Doireann Ní Ghlacáin ar ais le sraith nua de Curfá agus í sa tóir ar an gcór is fearr in Éirinn agus beidh Daniel O’Donnell ar ais ar stáitse an Millennium Forum i nDoire sa tsraith Opry le Daniel ar Thuras.

Beidh TG4 ar an aer beo, ar Sheinnteoir TG4 agus ar na meáin shóisialta ó Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i nDeireadh Fómhair na bliana seo. I measc chlúdach TG4 den tseachtain cheiliúrtha seo beidh an comórtas damhsa ar an sean-nós, Steip agus craolfar Corn Uí Riada, mórchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, beo ar TG4 agus ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag an am céanna den chéad uair riamh.
 

Spórt Beo

Leanfar de thiomantas TG4 spórt beo a chur ar fáil an fómhar seo le GAA Beo, Rugbaí Beo agus Sacar na mBan Beo.

Beidh níos mó ná 40 cluiche beo den Chraobhchomórtas Rugbaí Aontaithe le feiceáil ar Rugbaí Beo, agus leanfaidh TG4 de chlúdach fairsing a chur ar fáil ar chluichí Gaelacha, idir chomórtais na sinsear, na gclubanna, faoi aois agus tríú leibhéal.

Beidh cúrsaí spóirt faoi chaibidil freisin in Réalt na Mara FC, ina n-inseofar scéal iontach faoi fhoireann peile óige ar a raibh imreoirí Protastúnacha agus Caitliceacha ag imirt taobh le taobh tráth, sular athraigh na Trioblóidí a bpobal go deo.
 

Cúla4 trí bliana ar an bhfód

Cúla4, an t-aon chainéal Gaeilge do dhaoine óga, trí bliana ar an bhfód i Meán Fómhair na bliana seo agus tá réimse clár nuacheaptha réidh le craoladh ar an gcainéal.

I measc bhuaicphointí sceideal an fhómhair beidh Dialann Damhsa, a bheidh ar fáil ar chainéal YouTube Cúla4, agus ina mbeifear in éineacht le Doireann, atá 14 bliana d’aois, agus í ag glacadh páirt i gcomórtais agus ag déileáil le cúrsaí chairdis agus le cúrsaí an tsaoil agus í ag éirí aníos. Is dírithe ar leanaí réamhscoile agus ar a dtuismitheoirí a bheidh Seal le Sailí, ina dtabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí simplí céadfacha, amhráin a chanadh agus gearrscéalta a chloisteáil. Beidh an Captaen Póilín agus a criú ar mhisean feadh chósta na hÉireann ar bord an Super Squid, a bhfomhuireán eolaíochta sa tsraith Cois Cladaigh.

I measc na gcláracha agus na sraitheanna eile a bheidh sa sceideal beidh M’Ainm Mo Scéal, Dar le Daideo, Am Abú!, Anfa, Tekkers agus Mí na Nollag, chomh maith le cláracha agus sraitheanna idirnáisiúnta a bhfuil an-tóir orthu agus atá dubáilte go Gaeilge, Lego Dreamzz, Quentin Blake’s Box of Treasures, Blocuimhreacha, Tiny Wonders, SpongeBob SquarePants agus Curious George ina measc.

Bíonn Cúla4 ar an aer gach lá ó 6am go 8pm, agus leanfar de Nuacht Cúla4, a fheasachán nuachta do leanaí, a chur ar fáil ó Mháirt go hAoine ag 1.30pm agus 5.30pm.
 

Le chéile, cuireann TG4, Cúla4 agus brandaí TG4 Foghlaim TG4, MOLSCÉAL agus BLOC ábhar Gaeilge os comhair an lucht féachana trí na hardáin chraolta, dhigiteacha agus meán sóisialta uile.

Tosófar ag craoladh sceideal an Fhómhair 2026 ar TG4 agus ar na hardáin dhigiteacha ó mhí Mheán Fómhair.
 

Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghriofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie


Cuir aithne orainn: