Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Deimhnithe ag TG4 go gCuirfear Síneadh 5 Bliana le hUrraíocht agus le Craoladh Chraobhchomórtas Pheil na mBan

A bhuí leis an gcomhaontú nua cinniúnach seo leanfar den chomhpháirtíocht urraíochta agus craolta atá idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan go dtí deireadh shéasúr 2032

26.05.26


 
Tá sé fógartha inniu ag TG4 agus ag Cumann Pheil na mBan go bhfuiltear ag cur síneadh le gealltanas urraíochta agus craolta TG4 do Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan.
 
Rinneadh an fógra ag seoladh oifigiúil Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 i bPeil na mBan don bhliain 2026 i bPáirc an Chrócaigh, bliain a mbeidh TG4 agus Cumann Pheil na mBan ag ceiliúradh 25 ó bunaíodh an chomhpháirtíocht eatarthu an chéad lá riamh.
 
Faoin gcomhaontú nua leanfaidh TG4 d’urraíocht agus de chraoladh a dhéanamh ar Chraobhchomórtas Idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan go dtí deireadh shéasúr 2032, ag cur síneadh le ceann de na comhpháirtíochtaí is suntasaí agus is buaine i spórt na mban in Éirinn,
 
Is in 2001 a bunaíodh an caidreamh idir TG4 agus Cumann Pheil na mBan den chéad uair riamh agus tá sé anois ina bhunchloch de thírdhreach spóirt na mban in Éirinn. 6 chluiche a craoladh ar dtús in 2001 agus is gealltanas cuimsitheach craolta anois é ar fud TG4, ar Sheinnteoir TG4, ar Aip TG4 agus ar chainéal YouTube Spórt TG4.
 
Le blianta beaga anuas, tá TG4 tiomanta gach cluiche i gCraobhchomórtas na Sinsear sa tsraith Uile-Éireann a chraoladh, mar aon le clúdach beo a chur ar fáil de Chluiche Ceannais na Sóisear agus den Chluiche Ceannais Idirmheánach ar an lá is mó i bhféilire Chumann Pheil na mBan. Mar gheall ar an méadú sin, craoladh 28 gcluiche ar TG4 i gcaitheamh an Chraobhchomórtais in 2025 agus 49 gcluiche ar an iomlán, lena n-áirítear gach comórtas de chuid Chumann Pheil na mBan.
 
Bhí ról tábhachtach ag an infheictheacht sin i gcur le próifíl Pheil na mBan, in ardán a thabhairt do scil, lúthchleasaíocht agus dúthracht na n-imreoirí ar fud na tíre, agus in aird lucht spéise nua ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin a tharraingt ar an gcluiche. Ba léir fás an Chraobhchomórtais freisin agus níos mó daoine ná riamh ag freastal ar na cluichí, lena n-áirítear an slua suntasach 56,114 a bhí i láthair ag Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 i bPáirc an Chrócaigh in 2019.
 
Is éard a dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4: “Tá ríméad ar TG4 a fhógairt go bhfuiltear ag déanamh athnuachan ar a ghealltanas urraíochta agus craolta do Chraobhchomórtas Pheil na mBan, ag cur síneadh go dtí 2032 lenár gcomhpháirtíocht le Cumann Pheil na mBan. Tá caidreamh ar leith agus buan cothaithe ag TG4 agus ag Cumann Pheil na mBan ó 2001 i leith, caidreamh a chomhcheanglaíonn ról TG4 mar urraitheoir an Chraobhchomórtais lenár dtiomantas na cluichí a chur ar fáil saor in aice don lucht féachana agus éisteachta ar an teilifís, ar na hardáin ar líne agus ar na hardáin soghluaiste go léir.”
“Agus TG4 ag ceiliúradh 30 bliain ar an aer in 2026, táimid an-bhródúil go bhfuil Peil na mBan ina cuid fhíorthábhachtach dár scéal. Tá méadú ollmhór tagtha ar phróifíl, ar chlúdach agus ar uaillmhian Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 le 25 bliain anuas, agus chuidigh clúdach TG4 le scil, paisean agus pearsantachtaí na n-imreoirí a thabhairt chuig daoine sa bhaile agus chuig pobail ar fud na hÉireann agus thar lear.”
“Is ráiteas láidir é an comhaontú athnuaite seo ar an gcreideamh leanúnach atá ag TG4 i bPeil na mBan, i spórt na mban, agus ar a thábhachtaí agus atá sé teacht forleathan a bheith ag an bpobal ar mhórócáidí spóirt na hÉireann. Táimid ag súil go mór a bheith ag obair le Cumann Pheil na mBan, le boird na gcontaetha, le clubanna agus le himreoirí sna blianta amach romhainn agus muid fós ag cur Peil na mBan os comhair an phobail ar ardáin TG4 agus ag tacú le fás leanúnach an spóirt den scoth seo.”

 
Is éard a dúirt Trina Murray, Uachtarán Chumann Pheil na mBan: “Thar ceann Chumann Pheil na mBan, tá ríméad orm go bhfuiltear ag cur síneadh go dtí 2032 leis an gcomhpháirtíocht den scoth atá againn le TG4. Tá ról bunathraitheach ag TG4 i gcur chun cinn Pheil Ghaelach na mBan ó 2001 i leith, ag tabhairt ár gcluichí, ár n-imreoirí agus ár bpobail chomh fada le scáileáin i mbailte ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin. Agus muid ag ceiliúradh 25 bliana den chomhpháirtíocht sin anois, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don tionchar ollmhór a bhí aige ar fhorás, ar infheictheacht agus ar ghairmiúlacht ár spóirt ar gach leibhéal. Chuidigh gealltanas TG4 leis na glúnta imreoirí agus lucht tacaíochta a spreagadh, agus leis an bpaisean, an scil agus an scleondar a bhaineann go mór lenár spórt á léiriú ag an am céanna. Táimid anois ag súil go mór le séasúr iontach eile de Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 agus ba mhaith liom gach rath a ghuí ar na contaetha, na himreoirí agus na foirne bainistíochta a bheidh ag glacadh páirt ann agus iad ag dul san iomaíocht d’áit a bhaint amach i gcluiche ceannais an Chraobhchomórtais i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa, agus bí cinnte de gur iontach an pheil a imreofar an samhradh seo. Ba mhaith linn buíochas mór a chur in iúl d’Ard-Stiúrthóir TG4 Deirdre Ní Choistín, do Cheannasaí Spórt TG4 Rónán Ó Coisdealbha agus don fhoireann go léir in TG4 as an infheistíocht leanúnach a dhéanann siad i bPeil na mBan agus as tacú go diongbháilte léi.”
 
Seoladh Craobhchomórtas TG4 i bPeil na mBan don bhliain 2026 go hoifigiúil i bPáirc an Chrócaigh inniu, agus bhí ionadaithe ó na foirne a bheidh páirteach i láthair ag an ionad ina n-imreofar 52ú Cluiche Ceannais Sinsear Uile-Éireann TG4 Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa, mar aon le cluiche ceannais Idirmheánach agus cluiche ceannais Sóisear Uile-Éireann TG4 2026.
Tá ríméad ar TG4 agus ar Chumann Pheil na mBan a dheimhniú go gcraolfar 15 cluiche ó Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 beo ar an teilifís líneach, cluiche ceannais na Sóisear, an cluiche ceannais Idirmheánach agus cluiche ceannais na Sinsear ina measc.
Cuirfear tús leis an aicsean beo ar an teilifís Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh le dhá chluiche agus na seaimpíní ag taisteal go Maigh Eo (1pm), agus tabharfaidh Ard Mhacha aghaidh ar Chorcaigh (3pm). Beidh dhá chluiche i gcraobhchomórtas na sinsear ar siúl Dé Sathairn an 13 Meitheamh freisin, tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Chill Dara ag 3pm, sula dtabharfaidh Corcaigh cuairt ar Phort Láirge le haghaidh dearbaí Mumhan ag 7.30pm. Craolfar dhá chluiche i gcraobhchomórtas na sinsear ar an teilifís Dé Sathairn an 20 Meitheamh (1pm agus 3pm), agus ina dhiaidh sin beidh an tarraingt ar siúl chun babhtaí ceathrú ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Uile-Éireann TG4 a shocrú.
 
Imreofar na ceithre chluiche dheireanacha i gcaitheamh deireadh seachtaine amháin, Dé Sathairn an 4 Iúil agus Dé Domhnaigh an 5 Iúil, imreofar trí chluiche ceathrú ceannais Dé Sathairn an 4 Iúil (1.45pm / 5.15pm / 7.30pm) agus an imreofar an cluiche ceannais eile Dé Domhnaigh an 5 Iúil (5.45pm). Imreofar na cluichí leathcheannais Dé Sathairn an 18 Iúil, agus craolfar an dá chluiche ar TG4 ag 3.15pm agus 5.15pm.
 
Beidh cluichí ceannais Chraobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2026 beo ar TG4 Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa, agus cuirfear tús le cluiche ceannais na Sóisear ag 11.45am, cuirfear tús leis an gcluiche ceannais Idirmheánach ag 1.45pm, agus cuirfear tús le sárthaispeántas na Sinsear ag 4.15pm.
Ina theannta sin, beidh gach cluiche i gcraobhchomórtais na Sinsear nach gcraolfar ar an teilifís líneach, lena n-áirítear athimirt an chluiche íslithe, ar fáil saor in aisce ar chainéal YouTube Spórt TG4. Beidh cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas na Sinsear agus an Chraobhchomórtais Idirmheánaigh ar fáil ar chainéal YouTube Spórt TG4 freisin.
 
Socraíodh na grúpaí do Chraobhchomórtas Sinsear Uile-Éireann TG4 Dé Domhnaigh i ndiaidh chluiche ceannais na Mumhan agus chluiche ceannais Uladh.
Tá seaimpíní Uladh Ard Mhacha, Port Láirge, a tháinig sa dara háit i gcraobh na Mumhan, agus Corcaigh i nGrúpa 1, agus tá seaimpíní na Mumhan Ciarraí, Cill Dara, a tháinig sa dara háit i gcraobh Laighean, agus Tiobraid Árann i nGrúpa 2. Tá seaimpíní Laighean, agus go deimhin seaimpíní na hÉireann, Baile Átha Cliath i nGrúpa 3 in éineacht le Maigh Eo, a tháinig sa dara háit i gcraobh Chonnacht, agus Dún na nGall. Agus tá seaimpíní Chonnacht Gaillimh, Tír Eoghain, a tháinig sa dara háit i gcraobh Uladh, agus an Mhí i nGrúpa 4.
Beidh buntáiste ag buaiteoirí gach grúpa sa cheathrú ceannais ós rud é go mbeidh siad ag imirt sa bhaile.
 
Cuirfear tús le Craobhchomórtas Uile-Éireann TG4 2026 an deireadh seachtaine seo chugainn le cluichí i ngrád na Sóisear agus sa ghrád Idirmheánach. Beidh 12 fhoireann san iomaíocht do Chorn Cuimhneacháin Mary Quinn, corn Chraobhchomórtas Idirmheánach Uile-Éireann TG4, agus gheobhaidh na buaiteoirí ardú céime go dtí grád na Sinsear do shéasúr 2027 freisin. Bhuaigh Tyrone, atá i gCraobhchomórtas na Sinsear i mbliana, cluiche ceannais 2025, agus tá súil ag Laois an beart a dhéanamh i gcoinne na Lámha Dearga i mbliana ó tharla gur chaill siad ina n-aghaidh i mí Lúnasa seo caite.
I nGrúpa 1 den Chraobhchomórtas Idirmheánach tá seaimpíní Uladh an Cabhán, Ros Comáin, a tháinig sa dara háit i gcraobh Chonnacht, agus an Dún, agus tá seaimpíní Laighean an Iarmhí, Muineachán, a tháinig sa dara háit i gcraobh Uladh agus Lú i nGrúpa 2. I nGrúpa 3 tá an Clár, Loch Garman, a tháinig sa dara háit i gcraobh Laighean, agus Laois, agus i nGrúpa 4 tá seaimpíní Chonnacht Liatroim, Cill Mhantáin agus Fear Manach.
 
Beidh naoi bhfoireann páirteach i gCraobhchomórtas Sóisear Uile-Éireann TG4 2026, agus beidh Aontroim ag iarraidh an beart a dhéanamh i mbliana ós rud é gur chaill siad i gcoinne Lú anuraidh. Tá Cill Chainnigh, Doire, an Longfort, Uíbh Fhailí agus Aontroim i nGrúpa A, agus tá Ceatharlach, Londain, Sligeach agus Luimneach i nGrúpa B.
 
Le tacaíocht leanúnach óna urraitheoirí agus óna chomhpháirtithe craolta, tá Cumann Pheil na mBan fós faoi bhláth agus fós ag forbairt. Tá ballraíocht an chumainn agus an lucht féachana a bhreathnaíonn ar na cluichí ag dul i méid i gcónaí, tá clubanna nua á mbunú chun freastal ar an éileamh, agus tá imreoirí ag gach leibhéal ag spreagadh na chéad ghlúine eile.
Cinntíonn tiomantas athnuaite TG4 don Chraobhchomórtas go dtí 2032 go bhfanfaidh Peil na mBan infheicthe, inrochtana agus saorchraolta do lucht tacaíochta, do theaghlaigh, do chlubanna agus do phobail ar fud na tíre.

 

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach teagmháil a dhéanamh le:
TG4 – Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie
Cumann Pheil na mBan – Jackie Cahill | Ceann Urraíochta agus Cumarsáide | jackie.cahill@lgfa.ie


Cuir aithne orainn: