Preas
Tá sé fógartha gurb é TG4 Comhpháirtí Oifigiúil an GameDev Zone ag GamerFest
20.05.26
![]() |
![]() |
Tá ríméad ar GamerFest a fhógairt gurb é TG4 a Chomhpháirtí Oifigiúil nua do ‘GameDev Zone’ a bheidh ar siúl san RDS an 23 & 24 Bealtaine, ag cur leis an tacaíocht atá ar fáil d’earnáil cluichí na hÉireann, earnáil atá ag fás go tapa, agus don chéad ghlúin eile de dhaoine cumasacha in Éirinn a dhéanann cluichí a fhorbairt.
Ceann de na gnéithe is suaithinsí de GamerFest anois is ea an ‘GameDev Zone’, trína dtugtar deis do stiúideonna neamhspleácha Éireannacha agus d’fhorbróirí atá ag teacht chun cinn na cluichí is déanaí uathu a chur díreach os comhair na mílte daoine a bhfuil dúshuim acu i gcluichí. Tá na forbróirí ábalta aiseolas luachmhar praiticiúil a fháil ó imreoirí tríd an tionscnamh, ag cabhrú leo a gcuid tionscadal a mhúnlú agus a bheachtú agus iad ag cur daoine ar an eolas faoi chluichí a dhéantar in Éirinn.
Ina chomhpháirtí ag an ‘GameDev Zone’, tacóidh TG4 le maoin intleachtúil, leis an gcruthaitheacht agus leis an uaillmhian atá ag na daoine cruthaitheacha in earnáil chluichíochta na hÉireann agus cuirfidh sé chun cinn iad ag tráth iontach don earnáil.
Tá domhan forbartha cluichí na hÉireann fós ag dul i méid ó thaobh scála agus aitheantas idirnáisiúnta de, agus tá stiúideonna na hÉireann ag táirgeadh saothar mór le rá do ríomhairí pearsanta, consóil, fóin phóca, réaltacht fhíorúil agus cluichíocht oideachais. A bhuí le treocht dhearfach an tionscail tá líonra bríomhar forbróirí, dearthóirí, ealaíontóirí agus scéalaithe in Éirinn, a fhágann go bhfuil an tír ag éirí níos tábhachtaí mar mhol don fhorbairt cluichí.
Mar chuid dá chomhoibriú leanúnach le IMIRT – Cumann Déantóirí Cluiche na hÉireann, cuireann GamerFest fáilte roimh níos mó ná 20 forbróir agus stiúideo chuig GameDev Zone TG4, Space Lion Studios, Outsider Games, Psychic Software, Golden Grove Games agus Simplex Interactive ina measc.
“Tá ríméad ar TG4 a bheith mar chomhpháirtí oifigiúil an ‘GameDev Zone’, ag Gamefest chun tacú le réimse cruthaitheach nua do TG4, agus le hardán bríomhar do lucht déanta cluichí agus scéalaithe na hÉireann. Tá cruthaitheacht, nuálaíocht agus scéalaíocht na Gaeilge i gcroílár an méid a dhéanann TG4, agus is spás spreagúil í earnáil cluichí na hÉireann ina dtagann na trí ghné sin le chéile ar bhealaí cumhachtacha agus úrnua. Táimid bródúil as tacú leis na daoine cumasacha sin atá ag teacht chun cinn agus atá aitheanta sa tionscal seo atá ag fás araon, agus tá súil againn cuidiú le daoine cumasacha nua a bhfuil Gaeilge acu dul chun cinn a dhéanamh sa chluichíocht.” – Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4
Is éard a dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin GamerFest, Stuart Dempsey, freisin “Tá ríméad orainn fáilte a chur roimh TG4 mar ár gComhpháirtí Oifigiúil nua don GameDev Zone ag GamerFest Bhaile Átha Cliath. Tá ról tábhachtach ag TG4 le fada an lá i dtacaíocht a thabhairt do lucht cruthaitheachta agus scéalaíochta na hÉireann, agus is tacaíocht iontach é a gcomhpháirtíocht do na daoine cumasacha dochreidte atá ag teacht chun cinn i dtionscal cluichí na hÉireann.”
Beidh GamerFest ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath an 23 & 24 Bealtaine, arb é an fhéile chluichíochta agus ríomhspóirt is mó in Éirinn fós é, ina dtugtar 6,000 cluichire, cruthaitheoir, forbróir, iomaitheoir ríomhspóirt agus mórbhranda sa tionscal le chéile do cheiliúradh deireadh seachtaine ar chultúr na cluichíochta.
Téigh chuig www.gamerfest.ie chun clárú do GamerFest
Teagmháil do na Meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Teagmháil do na meáin in GamerFest:
Stuart Dempsey | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin GamerFest | stuartdempsey@gamerfest.ie

